Córais chliste iompair a úsáid san Eoraip

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2010/40/AE — rialacha maidir le córais chliste iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm léi forbairt teicneolaíochtaí nuálacha iompair a spreagadh chun córais chliste iompair (CCInna) a chruthú. Déanfar é sin trí chaighdeáin agus sonraíochtaí coiteanna an an Aontais Eorpaigh (AE) a thabhairt isteach. Tá sé mar aidhm leo sin seirbhísí comh-inoibritheacha* éifeachtacha CCI a bhunú agus ag an am céanna ligean do Bhallstát aonair AE cinneadh a dhéanamh ar na córais le hinfheistíocht a dhéanamh iontu.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaítear réimse leathan seirbhísí faoi CCIanna

Tá feidhm ag an treoir seo ar fheidhmchláir agus seirbhísí CCI in earnáil AE an iompair de bhóthar, agus ar an mbealach a dhéanann na feidhmchláir seo cumarsáid le modhanna iompair eile.

Is éard is CCInna ann córais ina gcuirtear teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide i bhfeidhm i réimse an iompair de bhóthar, lena n áirítear bonneagar, feithiclí agus úsáideoirí, agus bainistiú tráchta agus bainistiú soghluaisteachta.

Sainaithníodh an méid seo a leanas mar réimsí tosaíochta le haghaidh forbairt agus úsáid sonraíochtaí agus caighdeán:

Laistigh de na réimsí tosaíochta seo, tá sé ghníomhaíocht tosaíochta a dhíríonn ar:

Maidir le feidhmchláir agus seirbhísí CCI a úsáid, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm na sonraíochtaí gaolmhara arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach. Mar sin féin, tá sé de cheart ag Ballstáit aonair cinneadh a dhéanamh maidir leis na feidhmchláir agus na seirbhísí sin a úsáid ina gcríoch féin.

Seirbhís eCall ar fud AE le timpistí tráchta bóthair a thuairisciú

Ceann de na sé ghníomhaíocht tosaíochta is ea seirbhís eCall ar fud AE. Má bhíonn timpiste bóthair thromchúiseach ann, déanann eCall uimhir éigeandála aonair na hEorpa (112) a dhiailiú go huathoibríoch agus cuireann sé suíomh feithicle in iúl do na seirbhísí éigeandála. Socraítear nasc teileafóin ansin leis an ionad glaonna éigeandála cuí (nó pointe freagartha glaonna éigeandála) agus seoltar sonraí na tionóisce chuig na seirbhísí tarrthála, lena n áirítear am na heachtra, suíomh cruinn na feithicle a tuairteáladh agus an treo taistil.

Chomhaontaigh na Ballstáit an bonneagar pointí freagartha glaonna éigeadála eCall a úsáid a theastaíonn chun gach eCall éigeandála a fháil agus a láimhseáil go cuí ina gcríoch faoin 1 Deireadh Fómhair 2017, agus maidir le feistiú éigeantach an chórais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 ar gach cineál nua gluaisteán paisinéirí agus feithiclí saothair éadroim ón 31 Márta 2018.

Obair ar ghníomhaíochtaí tosaíochta

Trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, tá sonraíochtaí glactha ag an gCoimisiún le haghaidh:

Rinneadh meastóireacht in 2019 chun a mheas cé chomh mór agus a chuir an treoir leis na nithe seo a leanas:

Tar éis na meastóireachta sin, ghlac an Coimisiún togra chun Treoir 2010/40/AE a leasú i mí na Nollag 2021.

Tarmligean cumhachtaí

De réir Airteagal 12 de Threoir 2010/40/AE, tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go dtí 27 Lúnasa 2017. Le Cinneadh (AE) 2017/2380 leasaítear Treoir 2010/40/AE lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh 5 bliana breise ón 27 Lúnasa 2017. Mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpaComhairle an Aontais Eorpaigh in aghaidh síneadh den sórt sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse, déantar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe i gcomhair tréimhsí comhfhaid.

Clár oibre

Glacadh an cinneadh ón gCoimisiún maidir leis an gclár oibre maidir le cur chun feidhme Threoir 2010/40/AE an 15 Feabhra 2011. Ina dhiaidh sin tháinig cinneadh ón gCoimisiún lenar nuashonraíodh an clár oibre maidir leis na gníomhaíochtaí faoi Airteagal 6(3) de Threoir 2010/40/AE a glacadh i mí na Nollag 2018, agus ina dhiaidh sin arís tháinig cinneadh breise lena gcumhdaítear an tréimhse 2022-2027 a glacadh i mí na Nollag 2022.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta an 27 Feabhra 2012.

CÚLRA

Meastar go dtiocfaidh méadú ar líon an iompair ar bóthar in AE. Is dócha go mbeidh sé seo ina chúis le brú tráchta méadaithe ar na bóithre, méadú ar ídiú fuinnimh agus fadhbanna comhshaoil agus sóisialta. Tá gá le nuálaíochtaí ar nós CCInna chun teacht ar réiteach ar fhadhbanna dá leithéid. Is feidhmchláir fhorbartha iad a fhéachann le seirbhísí nuálaíocha a chur ar fáil do mhodhanna éagsúla iompair agus bainistíocht tráchta. Cuireann siad ar chumas na n úsáideoirí níos mó eolais a bheith acu faoi choinníollacha iompair agus úsáid níos sábháilte agus níos fearr a bhaint as líonraí iompair.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Idir-inoibritheacht. Nuair atá córais agus na próisis bhunúsacha ghnó in ann sonraí a mhalartú agus faisnéis agus eolas a chomhroinnt.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir leis an gcreat chun córais chliste iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair (IO L 207, 6.8.2010, lgh. 1–13).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2010/40/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) ón gCoimisiún 2022/670 an 2 Feabhra 2022 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama ar fud AE (IO L 122, 25.4.2022, lgh. 1–16).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1926 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2017 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise ar an iompar ilmhódach ar fud AE (IO L 272, 21.10.2017, lgh. 1–13).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/962 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar seirbhísí faisnéise tráchta fíor-ama ar fud AE (IO L 157, 23.6.2015, lgh. 21–31).

Rialachán (AE) 2015/758 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le ceanglais chineálcheadaithe chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar an tseirbhís 112 a chur in úsáid agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE (IO L 123, 19.5.2015, lgh. 77–89).

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh Uimh. 585/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an tseirbhís eCall idir-inoibritheach ar fud AE a chur in úsáid (IO L 164, 3.6.2014, lgh. 6–9).

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 886/2013 an 15 Bealtaine 2013 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí agus nósanna imeachta chun íosfhaisnéis uilechoiteann tráchta maidir le sábháilteacht ar bhóithre a sholáthar, i gcás inar féidir, saor in aisce d’úsáideoirí (IO L 247, 18.9.2013, lgh. 6–10).

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 885/2013 ón gCoimisiún an 15 Bealtaine 2013 lena bhforlíontar Treoir CCI 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí faisnéise a sholáthar d’áiteanna páirceála slán sábháilte do thrucailí agus d’fheithiclí tráchtála (IO L 247, 18.9.2013, lgh. 1–5).

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 305/2013 an 26 Samhain 2012 lena bhforlíontar Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar comhchuibhithe eCall éigeandála idir-inoibritheach ar fud AE (IO L 91, 3.4.2013, lgh. 1–4).

Nuashonraithe 24.02.2023