Comhoiriúnacht chórais iarnróid an Aontais Eorpaigh a chinntiú

Féachann an tAontas Eorpach (AE) le luas a chur faoi chomhtháthú a ghréasáin iarnróid* trí choinníollacha coitianta agus caighdeáin a thabhairt isteach. Cuidíonn siad seo le leibhéil ard sábháilteachta agus éifeachtúlacht araon a chinntiú.

GNÍOMH

Treoir 2008/57/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Chomhphobal (Athmhúnlú).

ACHOIMRE

Féachann an tAontas Eorpach (AE) le luas a chur faoi chomhtháthú a ghréasáin iarnróid* trí choinníollacha coitianta agus caighdeáin a thabhairt isteach. Cuidíonn siad seo le leibhéil ard sábháilteachta agus éifeachtúlacht araon a chinntiú.

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Leagtar síos ann na coinníollacha atá le sásamh chun idir-inoibritheacht** a bhaint amach laistigh de chóras iarnróid AE ar bhealach atá comhoiriúnach le Treoir 2004/49/CE ar shábháilteacht iarnróid. Baineann sé seo ach go háirithe maidir leis na nósanna imeachta le húdarás a thabhairt chun feithiclí iarnróid a chur i seirbhís.

Baineann na coinníollacha le dearadh, tógáil, cur i seirbhís, uasghrádú, athnuachan, oibriú agus cothabháil an chórais seo. Baineann siad freisin le cáilíochtaí gairmiúla agus coinníollacha sláinte agus sábháilteachta na foirne a oibríonn agus a dhéanann cothabháil air.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leanann AE a chuspóir do chóras iarnróid idir-inoibritheach - idir ardluais agus gnách - trí chaighdeáin choitianta theicniúla a ghlacadh agus ansin a chur i bhfeidhm, atá infheidhmithe sna tíortha AE uile. Sa treoir leagtar síos:

Tá cumhachtaí ag an gCoimisiún Eorpach tuilleadh reachtaíochta a ghlacadh ar ghnéithe ar leith de shonraíochtaí teicniúla a bhaineann le hidir-inoibritheacht iarnróid. I measc na ngnéithe a phléitear reachtaíocht dá leithéid tá sonraíochtaí teicniúla do vaigíní lastais agus innill shoghluaiste, rochtain ar an gcóras iarnróid do dhaoine le míchumais agus soghluaiseacht laghdaithe, agus sábháilteacht i dtolláin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Ón 19 Iúil 2008.

CÚLRA

Leis an gcinneadh seo rinneadh Treoir 96/48/CE maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid ardluais Eorpaigh agus Treoir 2001/16/CE maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid ghnáthluais Eorpaigh a aisghairm.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Gréasán: na línte, stáisiúin, críochfoirt agus trealamh fostaithe atá de dhíth chun oibriú sábháilte agus réidh an chórais iarnróid a chinntiú.

** Idir-inoibritheacht: an cumas atá ag córas iarnróid gluaiseacht shábháilte agus gan bhriseadh a cheadú do thraenacha a shroicheann na leibhéil riachtanacha feidhmíochta do na línte sin.

*** Fochórais: an toradh atá ar roinnt an chórais iarnróid (Iarscríbhinn II). Féadfaidh na fochórais seo, nach mór ceanglais bhunúsacha a leagan síos ina leith, a bheith struchtúrtha (e.g. infreastruchtúr nó comharthaíocht) nó feidhmiúil (e.g. bainistiú tráchta nó cothabháil).

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach na leathanaigh faoi idir-inoibritheacht ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2008/57/CE

19.7.2008

19.7.2010

IO L 191, 18.7.2008, lgh. 1-45

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin leantacha le Treoir 2008/57/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl an leagan comhtháite ann ach do chúiseanna tagartha amháin.

Nuashonraithe 10.06.2015