Iompar intíre earraí contúirteacha

ACHOIMRE AR:

Treoir 2008/68/CE maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Leagtar síos inti na rialacha comhchoiteanna maidir le hearraí contúirteacha a iompar go slán sábháilte laistigh de thíortha AE agus eatarthu de bhóthar, ar iarnród nó ar uiscebhealach intíre. Cuimsítear inti freisin gnéithe amhail lódáil agus dílódáil, an t-aistriú chuig modh iompair eile agus uaidh, mar aon leis na stadanna le linn an phróisis iompair. Leis an Treoir, cuirtear síneadh le feidhm rialacha náisiúnta chun iompar náisiúnta earraí contúirteacha a chuimsiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Eisiaimh

Ní bhaineann an treoir le hiompar earraí contúirteacha sna cásanna seo a leanas:

i bhfeithiclí, i vaigíní nó ar longa ar leis na fórsaí armtha iad nó atá faoina bhfreagracht;

ar longa farraige ar uiscebhealaí muirí ar cuid iad d’uiscebhealaí intíre;

ar bháid farantóireachta ag dul trasna uiscebhealaigh intíre nó cuain agus é sin amháin;

iompar a dhéantar go hiomlán laistigh d’imlíne limistéir iata.

Rialacha náisiúnta

Ar chúiseanna seachas cúiseanna sábháilteachta i rith an iompair (e.g. cosaint an chomhshaoil nó slándáil náisiúnta), tá tíortha AE i dteideal iompar earraí contúirteacha laistigh dá gcríoch féin a rialú nó a eisiamh. Ina theannta sin, féadfaidh siad riachtanais sábháilteachta shonracha a leagan síos freisin maidir le hiompar náisiúnta agus idirnáisiúnta earraí contúirteacha laistigh dá gcríoch féin i ndáil leis na nithe seo a leanas:

iompar earraí contúirteacha i bhfeithiclí, i vaigíní nó ar bháid ar uiscebhealaí intíre nach bhfuil cumhdaithe faoin treoir seo;

úsáid bealaí forordaithe, nuair atá call leis, lena n-áirítear modhanna forordaithe iompair a úsáid;

rialacha speisialta maidir le hiompar earraí contúirteacha i dtraenacha paisinéirí.

Comhaontuithe idirnáisiúnta

Rialaítear iompar idirnáisiúnta earraí contúirteacha leis an gComhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar (ADR)*, an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre (ADN)* agus na Rialacháin maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród (RID)*. Ní mór na rialacha idirnáisiúnta sin a shíneadh chuig an iompar náisiúnta chun comhchuibhiú a dhéanamh ar fud AE ar na coinníollacha faoina bhfuil earraí contúirteacha á n-iompar agus chun feidhmiú ceart chómhargadh iompair AE a áirithiú. Déantar tagairt do théacsanna na gcomhaontuithe sin in iarscríbhinní na Treorach.

Tá liosta earraí contúirteacha in ADR, RID agus ADN, lena léirítear an bhfuil cosc ar a n-iompar nó nach bhfuil agus lena sainmhínítear na riachtanais dá n-iompar má tá an t-iompar sin údaraithe. Féadfaidh tíortha AE maoluithe seachtracha a iarraidh faoi choinníollacha áirithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Ón 20 Deireadh Fómhair 2008.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* ADR: an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha de Bhóthar, a tugadh i gcrích sa Ghinéiv an 30 Meán Fómhair 1957.

* ADN: an Comhaontú Eorpach maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha ar Uiscebhealaí Intíre a tugadh i gcrích sa Ghinéiv an 26 Bealtaine 2000.

* RID: na Rialacháin maidir le hIompar Idirnáisiúnta Earraí Contúirteacha d’Iarnród, atá mar Fhoscríbhinn C leis an gCoinbhinsiún maidir le hIompar Idirnáisiúnta d’Iarnród (COTIF) a tugadh i gcrích i Vilnias an 3 Meitheamh 1999.

CÚLRA

Leathanach gréasáin na Sábháilteachta ar Bhóithre

GNÍOMH

Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2008/68/CE

20.10.2008

30.6.2009

IO L 260, 30.9.2008, lgh. 13-59

Tá leasuithe agus ceartúcháin leantacha ar Threoir 2008/68/CE curtha san áireamh sa bhuntéacs. Is do thagairt amháin an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 07.10.2015