Leagtar síos garspriocanna inti do thionscnamh AE ar néaltrú*.
Sa teachtaireacht seo, tugann an Coimisiún Eorpach chun suntais 4 réimse ina bhfuil gá le gníomh a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ngalar Alzheimer agus cineálacha eile néaltraithe:
An riosca um néaltrú a laghdú agus fáthmheas luath a dhéanamh: trí chosc a chur ar an ngalar nó trí fháthmheas luath a dhéanamh d’fhéadfaí forbairt an ghalair a mhoilliú. Mar sin féin, ní mar an gcéanna iad na fachtóirí riosca do na cineálacha éagsúla néaltraithe. Tá sé níos éasca, mar shampla, néaltrú soithíoch a chosc ná mar atá sé an galar Alzheimer a chosc toisc go bhfuil a lán eolais ann cheana faoi na fachtóirí riosca a bhaineann le néaltrú soithíoch, i.e. brú fola ard, leibhéil arda colaistéaróil agus caitheamh tobac. Molann an Coimisiún go ndéanfaidh na tíortha AE gníomhartha chun:
Néaltrú a thuiscint — feabhas a chur ar eolas agus taighde a chomhordú: tá sonraí iontaofa teagmhas agus leitheadúlachta ar néaltrú riachtanach chun go mbeidh tíortha AE ábalta an dóigh is fearr ar féidir lena seirbhísí poiblí déileáil le néaltrú a phleanáil, agus critéir maidir le fáthmheas luath a aimsiú. Lainseáil an Coimisiún tionscnamh píolótach ag an am céanna lena theachtaireacht chun straitéis taighde a fhorbairt sa réimse um ghalair néarmheathlúcháin. Leis sin bheifí ábalta iarrachtaí na dtaighdeoirí bunaithe agus cliniciúla sa réimse seo a chomhthiomsú agus a chomhordú. Rinneadh an ghníomhaíocht chomhpháirteach Alcove (Alzheimer Cooperative Valuation in Europe (Meastóireacht Chomhoibríoch Alzheimer san Eoraip)) mar thoradh air sin — inar pléadh na 4 dhúshlán sin ar fad — idir 2011 agus 2013, lena raibh 30 comhpháirtí as gach cearn den Eoraip bainteach.
Dea-chleachtais a roinnt: féadfar é sin a dhéanamh trí mhodh oscailte an chomhordaithe (MOC) maidir le cosaint shóisialta, cuimsiú sóisialta agus cúram fadtéarmach. Le modh oscailte an chomhordaithe is féidir struchtúir agus caighdeáin ardcháilíochta a shainiú do sheirbhísí leighis agus cúraim do dhaoine ar a bhfuil an galar.
Meas a thabhairt do chearta, neamhspleáchas agus dínit na n-othar: i ngeall ar a gcumas a chailleadh bíonn sé deacair do dhaoine ar a bhfuil néaltrú a stádas a choinneáil agus a bheith páirteach go gníomhach sa tsochaí. D’fhéadfadh a gcúramóirí a bheith thíos leis an eisiamh sóisialta chomh maith mar thoradh ar éifeachtaí an néaltraithe ar a ndaoine muinteartha. Mhol an Coimisiún líonra Eorpach a chruthú maidir le cearta agus dínit na daoine ar a bhfuil néaltrú. In 2009, bhunaigh an eagraíocht d’othair, Alzheimer na hEorpa an European Dementia Ethics Network (an Líonra Eorpach um Eitic Néaltraithe).
In 2014, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme na teachtaireachta. Déantar breac-chuntas inti ar na gníomhaíochtaí a rinneadh ó bhí 2009 ann agus tugtar chun suntais inti torthaí an tionscadail Alcove. Rudaí suntasacha eile is fiú a lua chomh maith ná an Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuáil maidir leis an Aoisiú Gníomhach agus Folláin agus gur spreagadh níos mó ná leath na dtíortha AE leis an tionscnamh AE chun pleananna nó straitéisí náisiúnta ar néaltrú a ghlacadh nó chun tús a chur le hobair orthu.
I mí na Nollag 2015, ghlac an Chomhairle conclúidí inar cuireadh béim ar an ngá le feabhas a chur ar bheartais agus ar chleachtais chúraim sa réimse néaltraithe.
Is é ceann de thorthaí an daonra Eorpaigh atá ag dul in aois an méadú i ngalair néarmheathlúcháin amhail an galar Alzheimer agus cineálacha eile néaltraithe. Tá costas ard ag baint leis na galair sin don tsochaí, ar féidir iad a laghdú trí ghníomhaíocht chomhordaithe ar fud AE.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach “Néaltrú” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
*Néaltrú: galar néarmheathlúcháin a chuireann isteach ar an gcumas meabhrach amhail cuimhne, smaointeoireacht agus breithiúnas, agus d’fhéadfadh sé fiú a bheith ina chúis le maolú ar an bpearsantacht. Is iad na cineálacha is coitianta:
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le tionscnamh Eorpach ar an ngalar Alzheimer agus néaltraithe eile (COM(2009) 380 an leagan deiridh an 22.7.2009)
Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin: Tuarascáil cur chun feidhme ar an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le tionscnamh Eorpach ar an ngalar Alzheimer agus néaltraithe eile (SWD(2014) 321 final an 16.10.2014)
Conclúidí ón gComhairle maidir le tacaíocht a thabhairt do dhaoine ar a bhfuil néaltrú: feabhas a chur ar bheartais agus ar chleachtais chúraim (OI C 418, 16.12.2015, lgh. 9-12)
Nuashonraithe 24.05.2016