An clár beartais um an speictream raidió

Féachtar le beartas an Aontais Eorpaigh (AE) um an speictream raidió le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chinntiú i réimsí éagsúla beartais an AE ina bhaintear feidhm as speictream raidió agus le huas-úsáid na hacmhainne finidí seo ar bhealach comhordaithe a chinntiú san AE.

ACHT

Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió.

ACHOIMRE

I gclár beartais 5 bliana an AE um an speictream raidió sainítear pleanáil straitéiseach agus comhchuibhiú úsáid an speictrim le haghaidh réimsí mhargadh inmheánach an AE ina bhaintear feidhm as speictream, amhail beartais chumarsáide leictreonaí, taighde agus spáis, iompair, fuinnimh agus chlosamhairc, toisc go bhfuil speictream raidió riachtanach le haghaidh raon ollmhór gníomhaíochtaí, idir chumarsáid gan sreang agus chraoladh, ghléasanna gearr-raoin agus fheidhmeanna iompair, sábháilteachta poiblí agus spáis.

Is iad cuspóirí an chlár beartais um an speictream raidióná :

Éilítear ar na Ballstáit:

dea-chleachtais á bhforbairt ag an Choimisiún Eorpach maidir le coinníollacha agus nósanna imeachta údaraithe le haghaidh bandaspeictream chun ró-ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint.

Chun iomaíocht chóira chinntiú, féadfaidh na Ballstáit glacadh le bearta amhail:

Ní mór go leithdhálfadh Ballstáit sciar leordhóthanach den speictream le rochtain a sholáthar do shaoránaigh uile an AE ar leathanbhandafaoi 2020.

Faoin 1 Eanáir 2013, bhí ar na Ballstáit úsáid bandaí comhchuibhithe a údarú chun a chur ar chumas tomhaltóirí rochtain éasca a dhéanamh ar sheirbhísí leathanbhanda gan sreang, lena n-áirítear an banda 800 MHz (an díbhinn dhigiteach). Chomh maith leis sin, ba chóir do na Ballstáit trádáil i gcearta úsáid speictrim a cheadú sna bandaí comhchuibhithe seo.

fardal á chruthú ag an Choimisiún agus ag na Ballstáit d’úsáid reatha an speictrim agus do riachtanais speictrim amach anseo ó 400MHz go dtí 6 GHz.

Glacann an AE páirt i ndíospóireachtaí idirnáisiúnta a bhaineann le hábhair speictrim, de réir rialacha an chonartha, chun a chuid leasanna a chosaint. Chomh maith leis sin, ní mór go gcinnteodh na Ballstáit, i ndíospóireachtaí idirnáisiúnta, go gcuirtear speictream leordhóthanach ar fáil d’fhorbairt bheartais an AE. Féadfaidh an AE cuidiú le Ballstáit fadhbanna a réiteach le tíortha nach Ballstáit den AE iad, fadhbanna a bhaineann le comhordú an speictrim.

TAGAIRT

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh Uimh. 243/2012/AE

10.4.2012

1.7.2015, mura sonraítear a mhalairt

IO L 81, 21.3.2012, lch. 7

Nuashonrú is déanaí: 14.02.2014