Trádáil laistigh den Aontas Eorpach in éanlaithe clóis agus uibheacha goir

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/158/CE maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil in éanlaithe agus uibheacha goir laistigh den Chomhphobal agus allmhairiú díobh ó thíortha neamh-AE

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach inti na ceanglais sláinte ainmhithe d’éanlaithe clóis beo agus a n-uibheacha goir nuair a dhéantar iad sin a thrádáil idir tíortha an Aontais Eorpaigh nó nuair a dhéantar iad a allmhairiú ó thír neamh-AE isteach in AE chun teacht isteach agus leathadh ionfhabhtaithe éanlaithe clóis a chosc.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2010. Rinneadh códú léi ar Threoir 90/539/CEE ón gComhairle maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil in éanlaithe agus uibheacha goir laistigh den Aontas Eorpach agus allmhairiú díobh ó thíortha neamh-AE.

CÚLRA

Commission Implementing Regulation (EU) 2020/466 of 30 March 2020 on temporary measures to contain risks to human, animal and plant health and animal welfare during certain serious disruptions of Member States’ control systems due to coronavirus disease (COVID-19)

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2009/158/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil in éanlaithe agus uibheacha goir laistigh den Chomhphobal agus allmhairiú díobh ó thíortha neamh-AE (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 74-113)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/158/CE ón gComhairle a chorprú sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2008 lena leagtar síos liosta na dtríú tíortha, na gcríoch, na gcriosanna nó na ndeighleog óna bhféadfaidh éanlaithe clóis agus táirgí éanlaithe clóis a allmhairiú isteach sa Chomhphobal nó a thabhairt tríd an gComhphobal agus na ceanglais um dheimhniú tréidliachta (IO L 226, 23.8.2008, lgh. 1-94)

Féach an leagan comhdhlúite

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe sa réimse sláinte ainmhithe (“Dlí Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1-208)

Nuashonraithe 04.05.2020