Pacáistiú plaisteach athchúrsáilte i dteagmháil le bia

Rialachán (CE) Uimh. 282/2008 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha athchúrsáilte a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia

ACHOIMRE

Is féidir le dramhaíl phlaisteach bheith truaillithe ag substaintí ó húsáid na bplaisteach roimhe nó trí theagmháil le plaisteach de ghrád neamhbhia. Mar sin tá próiseas leordhóthanach ag teastáil chun éilliú a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaint maidir le sábháilteacht an táirge deiridh a rialú.

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN?

Leagtar amach leis an rialachán seo bearta sonracha maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha athchúrsáilte, lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 i ndáil le hábhair agus le hearraí a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cumhdaítear leis an rialachán seo úsáid ábhar agus earraí plaisteacha athchúrsáilte a dhéanann teagmháil dhíreach le bia. Ní bhaineann sé le fuíollghearrthóga neamhúsáidte roimhe seo, ná le polaiméirí a briseadh síos go ceimiceach ina monaiméirí*, mar shampla, an caighdeán plaisteachta iontu a bhaint.

Tá na hábhair agus na hearraí cumhdaithe anseo faoi réir freisin ag Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 maidir le hábhair phlaisteacha a ceapadh lena n-úsáid do phacáistiú bia.

An plaisteach athchúrsáilte a úsáidtear chun na hábhair agus na hearraí a chumhdaítear sa rialachán seo a mhonarú, ní mór próiseas údaraithe athchúrsála a úsáid chuige sin, bainistíocht déanta air de réir na rialacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn Rialacháin (CE) Uimh. 2023/2006 maidir le dea-chleachtas le haghaidh ábhar agus earraí a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia.

Is féidir údarú a thabhairt má chloínn na próisis athchúrsála leis na rudaí seo a leanas:

Coimeádtar clár poiblí ag an gCoimisiún Eorpach (CE) de phróisis údaraithe athchúrsála, chomh maith le clár d’ionaid athchúrsála i dtíortha AE agus i dtíortha nach tíortha AE iad.

Leantar na rialacha atá leagtha amach in ISO 14021:1999 chun an méid athchúrsáilte in ábhair phlaisteacha agus in earraí plaisteacha athchúrsáilte a dhearbhú go deonach.

Chomh maith le riachtanais Rialacháin (AE) Uimh. 10/2011 a chomhlíonadh, ní mór don dearbhú comhlíonta a chinntiú:

EOCHAIRTHÉARMA

*Monaiméir: substaint le móilíní aonair neamh-cheangailte inti, i gcodarsnacht le polaiméir a fhaigheann a caighdeán plaisteachta ó mhóilíní a cheanglaíonn le chéile i monaiméir.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?

Ón 17 Aibreán 2008 ar aghaidh.

Féach Ábhair Theagmhála Bia ar láithreán Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuileadh faisnéise a fháil.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 282/2008 ón gCoimisiún an 27 Márta 2008 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha athchúrsáilte a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta lena trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 282/2008

17.4.2008

IO L 86, 28.3.2008, lgh. 9–18

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus le hearraí a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia agus lena n-aisghairtear Treoir 80/590/CEE agus Treoir 89/109/CEE (IO L 338, 13.11.2004, lgh. 4–17)

Rialachán (CE) Uimh. 2023/2006 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 maidir le dea-chleachtas monaraíochta ábhar agus earraí a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 384, 29.12.2006, lgh. 75–78)

Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha a ceapadh lena dteacht i dteagmháil le bia (IO L 12, 15.1.2011, lgh. 1–89)

Nuashonraithe 03.12.2015