Bunaítear leis an gcomhaontú creat foirmiúil maidir le comhar a dhírítear ar ghníomhaíochtaí sna réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta a spreagadh, a fhorbairt agus a éascú.
Le Cinneadh 98/591/CE, d’fhaomh Comhairle an Aontais Eorpaigh tabhairt i gcrích an chomhaontaithe thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (AE anois).
D’fhaomh an Chomhairle síntí comhleanúnacha in 2004 (Cinneadh 2004/756/CE), 2009 (Cinneadh 2009/306/CE — lena n–áirítear leasú ar an gcomhaontú), 2014 (Cinneadh 2014/240/AE), 2018 (Cinneadh 2018/1578/AE) agus 2023 (Cinneadh (AE) 2023/2073).
Tá na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin gcomhaontú bunaithe ar na prionsabail seo a leanas
Comhar
Is iad seo a leanas réimsí gníomhaíochtaí comhoibríocha:
Gníomhaíochtaí
Féadfaidh na gníomhaíochtaí seo a leanas a bheith i measc na ngníomhaíochtaí comhoibritheacha:
Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 14 Deireadh Fómhair 1998 ar feadh tréimhse thosaigh 5 bliana agus féadfar é a shíneadh mar aon le leasuithe féideartha ar feadh tréimhsí breise 5 bliana.
Síneadh an comhaontú 5 huaire, an t–am deireanach in 2023, ar feadh tréimhse bhreise 5 bliana gach uair. Cuimsíodh leasú sa dara síneadh — lenar cuireadh taighde maidir le slándáil agus spás le liosta na n–earnálacha le haghaidh gníomhaíochtaí comhoibríocha.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le comhar taighde agus nuálaíochta le Stáit Aontaithe Mheiriceá, féach:
Comhaontú um chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an gComhphobal Eorpach agus Rialtas na Stáit Aontaithe (IO L 284, 22.10.1998, lgh. 37-44).
Cinneadh 98/591/CE ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir leis an gComhaontú um chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an gComhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá a thabhairt i gcrích (IO L 284, 22.10.1998, lgh. 35-36).
Cinneadh 2004/756/CE ón gComhairle an 4 Deireadh Fómhair 2004 maidir le Comhaontú lena n–athnuaitear an Comhaontú um chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá a thabhairt i gcrích (IO L 335, 11.11.2004, lgh. 5-6).
Cinneadh 2009/306/CE ón gComhairle an 30 Márta 2009 maidir leis an gComhaontú um chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá a shíneadh agus a leasú (IO L 90, 2.4.2009,, lgh. 20-21).
Cinneadh 2014/240/CE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir leis an gComhaontú um chomhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an gComhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá a thabhairt i gcrích (IO L 128, 30.4.2014, lgh. 43-44).
Cinneadh (AE) 2018/1578 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2018 a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 263, 22.10.2018, lgh. 1-2).
Cinneadh (AE) 2023/2073 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2023 a bhaineann le síneadh a chur leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 239, 28.9.2023, lgh. 26-27).
Faisnéis a bhaineann le teacht i bhfeidhm an tsínidh leis an gComhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá [2023/2436] (IO L, 2023/2436, 27.10.2023).
Socrú Cur chun Feidhme idir an Coimisiún Eorpach agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá le haghaidh comhair idir taighdeoirí a mhaoinítear ar leithligh ó Chreatchláir an Aontais Eorpaigh agus na Stát Aontaithe maidir le taighde agus nuálaíocht, 17 Deireadh Fómhair 2016.
Nuashonraithe 22.12.2023