An Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht (2007–2013)

Is í an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht (ENPI) ionstraim airgeadais Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE). Tá sé dírithe ar thíortha comhpháirtithe an BCE agus ar an Rúis freisin, agus cuireann sé comh-mhaoiniú ar fáil do nósanna imeachta chun rialachas a chumasú agus d’fhorbairt eacnamaíoch agus shóisialta chothrom. Lena chois sin, tacaíonn an ENPI le comhar trasteorann agus tras-réigiúnach, agus tacaíonn sí le lánpháirtiú eacnamaíoch comhleanúnach na dtíortha a bhaineann tairbhe as an Aontas Eorpach (AE). Leagann an Rialachán seo amach na bunphrionsabail a rialaíonn an ENPI, a raon feidhme agus clárphleanáil an chúnaimh.

ACHT

Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 a leagann síos forálacha ginearálta ag bunú Ionstraime Eorpaí um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht.

ACHOIMRE

Is í aidhm a hIonstraime Eorpaí um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht (ENPI) tacaíocht a thabhairt do Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) a chuspóirí a bhaint amach (BCE (EN) (FR)) ar mhaithe le limistéar rathúnais agus caidreamh dea-chomharsanach a bhunú idir thíortha comhpháirtithe an BCE agus an Rúis agus leis na tíortha sin. Soláthraíonn an ENPI cúnamh breise agus maoiníonn sí gníomhaíochtaí na dtíortha comhpháirtithe ar bhonn comhpháirtíochta i gcomhar leis an gCoimisiún.

Raon feidhme an ENPI

Tacaíonn an ENPI, ach go háirithe, le:

Thairis sin, féadfaidh an ENPI tacaíocht a thabhairt do mhisin bhreathnóireachta ar thoghcháin, d’iar-ghéarchéimeanna agus don ullmhacht maidir le tubaistí.

Bainistiú agus cur i bhfeidhm

Freagraíonn cur i bhfeidhm na gclár sa réimse sin do nós imeachta clárphleanála mionsonraithe. Déantar foráil ar dtús do na tosaíochtaí agus do na suimeanna táscaigh sna doiciméid chlárphleanála ilbhliantúla um straitéis náisiúnta, idirnáisiúnta agus trasteorann (don tréimhse ar fad) agus déantar foráil freisin do na cláir tháscaigh ilbhliantúla (i bprionsabal gach trí bliana). Ar an mbonn sin glactar na cláir ghníomhaíochta bhliantúla agus na cláir chomhpháirteacha um chomhar trasteorann, i bprionsabal go bliantúil, cláir a leagan amach na mionsonraí, na socruithe, na suimeanna agus an clár ama a ghabhann leo. Is ar na nithe deireanacha sin a luadh atá cur i bhfeidhm na gclár sa réimse sin bunaithe, eadhon:

Féadfaidh na cláir ilnáisiúnta foráil a dhéanamh, áfach, don chomhar trasréigiúnach idir Bhallstáit agus thíortha comhpháirteacha, gan srian geografach ar bith, maidir le ceisteanna a bhfuil leas coiteann ag baint leo. Lena chois sin, féadfaidh na tíortha agus na tríú críocha a bhaineann tairbhe as ionstraim chabhrach sheachtrach eile páirt a ghlacadh i gcláir dhomhanda, réigiúnacha nó trasteorann.

Méadaíodh buiséad an ENPI go dtí EUR 11 181 milliún don tréimhse 2007–2013, le 95 % den mhéid sin ag dul do na cláir náisiúnta agus ilnáisiúnta agus 5 % do na cláir um chomhar trasteorann.

Baineann na bearta a bhaineann tairbhe as an ENPI go príomha le cláir agus le tionscadail a chur i bhfeidhm, le cúnamh teicniúil agus le comhar riaracháin, mar shaineolaithe a sheachadadh. Féadfaidh na bearta sin bheith ina mbearta tacaíochta do chur i bhfeidhm an Rialacháin.

Féadfaidh an ENPI díriú ar infheistíochtaí nó ar mhicrithionscadail freisin. Féadfaidh sí tacaíocht a thabhairt do bhuiséid a bhfuil á mbainistiú ar bhealach follasach, iontaofa agus éifeachtach, agus tacaíocht a thabhairt do chur i ngníomh beartas earnála agus maicreacnamaíoch. Féadfaidh sí rannpháirtíocht thíortha comhpháirteachta i gcaipiteal na n-institiúidí idirnáisiúnta airgeadais (IIA) nó i gcaipiteal na mbanc réigiúnach forbartha a thacú. Ní thagann bearta cánacha faoina raon feidhme, áfach.

Féadfaidh sí freisin cur leis an gciste a chuirtear ar fáil don Chomhphobal, do na Ballstáit agus d’idirghabhálaithe airgeadais mar an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI (EN) (FR)), ghníomhaireachtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha, agus dheontóirí eile.

Féadfaidh na gníomhaíochtaí a bheith comh-mhaoinithe ag an AE agus ag deontóirí eile nó féadfaidh siad a bheith maoinithe ag an AE agus a bheith curtha i bhfeidhm ag eagraíocht idirnáisiúnta.

Féadfaidh an Chomhairle bac a chur ar an gcúnamh má dhéantar na luachanna a shárú, ar a bhfuil an AE agus caidreamh an AE lena chuid comhpháirtithe bunaithe.

Is iad seo a leanas na comhlachtaí atá incháilithe chun maoiniú a fháil: institiúidí agus eagrais dhíláraithe na dtíortha comhpháirteacha agus na réigiún comhpháirteach, comhlachtaí meascaithe, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus náisiúnta, IIAanna, na hinstitiúidí agus na gníomhaireachtaí Eorpacha go pointe áirithe agus páirtithe neamh-rialtasacha.

De réir na rialacha, tá rannpháirtíocht sa soláthar poiblí nó sna conarthaí fóirdheontais ceadaithe do dhaoine nádúrtha nó do dhaoine dlítheanacha de thír chomhpháirtíochta nó de Bhallstát, nó daoine de thír laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), nó de thír a bhaineann tairbhe as an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA), a bhfuil naisc thraidisiúnta aici leis na tíortha comhpháirteacha nó a bhfuil rochtain chomhalartach aici ar chúnamh seachtrach. Ceadaítear rannpháirtíocht eagraíochtaí idirnáisiúnta freisin.

Ní mór do chur i bhfeidhm an ENPI ráthaíocht a thabhairt maidir le héifeachtacht an chúnaimh, a comhsheasamhacht agus comhoiriúnacht le beartais agus cúnamh seachtrach an AE. Caithfidh na spriocanna a bheith leagtha síos chomh maith le ceangaltais idirnáisiúnta. Lena chois sin, ní mór don chur i bhfeidhm sin leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint, leasanna a dhéanann an Coimisiún agus an Chúirt Iniúchóirí meastóireacht orthu.

Is é an Coimisiún a dhéanann an bainistiú i bprionsabal, le cúnamh coiste, ach d’fhéadfadh an bainistiú a bheith díláraithe freisin. Déanann an Coimisiún meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin ar bhonn rialta. Ní mór dó tuarascáil a ullmhú roimh 31 Nollaig 2010 maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sna céad trí bliana agus leasuithe riachtanacha a mholadh.

Tagairt

Acht

Teacht i bhfeidhm — Dáta éaga

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 1638/2006 [glacadh: comhchinneadh COD/2004/0219]

29.11.2006 – 31.12.2013

IO L 310 an 9.11.2006

ACHTANNA GAOLMHARA

Cur i bhfeidhm an ENPI

Rialachán (CE) Uimh. 951/2007 ón gCoimisiún an 9 Lúnasa 2007 ag leagan síos rialacha cur chun feidhme do chláir um chomhar trasteorann arna maoiniú faoi chuimsiú Rialacháin (CE) Uimh. 1638/2006 (DE) (EN) (FR) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ag leagan síos forálacha ginearálta ag bunú Ionstraime Eorpaí um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht [Iris Oifigiúil L 210 an 10.8.2007].

Doiciméid chlárphleanála (EN) (FR) náisiúnta, réigiúnacha agus trasteorann.

Beartas Comharsanachta na hEorpa

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 4 Nollaig 2006 maidir le Beartas Comharsanachta na hEorpa a chumasú [COM(2006) 726 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil]. Sa teachtaireacht seo, ní amháin go gcuireann an Coimisiún i láthair athbhreithniú ar BCE ach molann sé na meáin atá le húsáid chun é a chumasú. Dá bhrí sin, tá cumas sa BCE ar fiú tuilleadh sochair a bhaint as. Ó thaobh an airgeadais de, ba cheart go gcuirfeadh an dá ghníomh seo a leanas leis an sprioc um éifeachtacht cúnaimh: bunú na saoráide “rialála” ag tacú le dul chun cinn an phróiseas athchóirithe ar bhonn na bpleananna gníomhaíochta agus an Ciste Infheistíochta Comharsanachta (CIC) ag tacú le hiasachtaí na IIAanna sna tíortha comhpháirteacha.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 4 Nollaig 2006 maidir le cur chuige ginearálta ag féachaint le cead a thabhairt do thíortha comhpháirteacha an BCE páirt a ghlacadh in oibreacha ghníomhaireachtaí an Chomhphobail agus i gcláir an Chomhphobail [COM(2006) 724 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil].

Nuashonrú is déanaí: 08.10.2007