Comhaontú Cotonou

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú comhpháirtíochta 2000/483/CE idir tíortha ACC agus AE

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA?

Tá Comhaontú Cotonou ina chuid lárnach den chomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach (AE), Ballstáit AE agus 79 tír de chuid na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC).

Tá sé mar aidhm leis cur le deireadh a chur leis an mbochtaineacht, tacú le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chultúrtha inbhuanaithe na dtíortha comhpháirtíochta agus cuidiú le comhtháthú a ngeilleagair de réir a chéile sa gheilleagar domhanda.

PRÍOMHPHOINTÍ

Príomhphrionsabail

Dlúthchomhpháirtíocht is ea Comhaontú Cotonou atá bunaithe ar shraith prionsabal:

Eagrú

Tá comhinstitiúidí ar bun chun tacú le cur chun feidhme Chomhaontú Cotonou.

Gné pholaitiúil

gné pholaitiúil Chomhaontú Cotonou tábhachtach agus cuimsítear ann:

Gníomhaíochtaí

Cuimsítear sa chomhaontú gníomhaíochtaí comhair chun borradh a chur faoi na nithe seo a leanas:

Maoinítear na gníomhaíochtaí sin tríd an gCiste Eorpach Forbraíochta agus, ó 2021 i leith, tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta.

Leis an gcomhaontú comhlánaítear rialacha na hEagraíochta Trádála Domhanda, agus cuirtear ar chumas stáit ACC páirt iomlán a ghlacadh i dtrádáil idirnáisiúnta.

Athbhreithniú ar an gcomhaontú

Síníodh an comhaontú in 2000.

Rinneadh an t–athbhreithniú is déanaí air in 2017 le Cinneadh (AE) 2017/435. In 2010, cuireadh an comhaontú in oiriúint chun díriú ar cheisteanna amhail:

Cuireadh tús le hidirbheartaíocht ar chomhaontú úr i mí Mheán Fómhair 2018.

Glacadh le teachtaireacht in 2016 maidir le comhpháirtíocht athnuaite don tréimhse iar-2020. Maidir leis an teachtaireacht:

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tá feidhm léi ón 1 Aibreán 2003 agus bhí sí le dul in éag ar dtús ar an 29 Feabhra 2020.

Sínítear feidhmiú an chomhaontuithe le Cinneadh Uimh. 1/2022 go dtí an 30 Meitheamh 2023, nó go dtí go dtiocfaidh an comhaontú nua a ghabhann in ionad Chomhaontú comhpháirtíochta 2000/483/CE i bhfeidhm (nó go gcuirfear i bhfeidhm go sealadach é).

CÚLRA

Tosaíodh an idirbheartaíocht idir an tAontas Eorpach agus tíortha ACC ar chomhaontú nua in 2018 agus tiocfaidh sé in ionad Chomhaontú Comhpháirtíochta 2000/483/CE.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Comhaontú comhpháirtíochta 2000/483/CE idir comhaltaí ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 — Prótacail — Ionstraim Chríochnaitheach — Dearbhuithe (IO L 317, 15.12.2000, lgh. 3-353).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chomhaontú Comhpháirtíochta 2000/483/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Uimh. 1/2022 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 21 Meitheamh 2022 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) den Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE [2022/1102] (IO L 176, 1.7.2022, lgh. 88-89).

Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus baill Eagraíocht na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC), den pháirt eile (COM(2021) (312) final, 11.6.2021).

Ráiteas comhpháirteach ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, Pharlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin Eorpaigh (IO C 210, 30.6.2017, lgh. 1-24).

Cinneadh (AE) 2017/435 ón gComhairle an 28 Feabhra 2017 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe lena leasaítear den dara huair an Comhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna síniú in Cotonou an 23 Meitheamh 2000, arna leasú den chéad uair i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (IO L 67, 14.3.2017, lgh. 31-32).

Teachtaireacht Chomhpháirtíochta chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle Comhpháirtíocht athnuaite le tíortha na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Ciúin (JOIN(2016) 52 final, 22.11.2016).

Nuashonraithe 30.08.2022