EDT (An Eagraíocht Dhomhanda Trádála): comhaontú maidir le trádáil seirbhísí

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 94/800/CE maidir le comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála a thabhairt chun críche (1986-1994)

Caibidlíochtaí Iltaobhacha Trádála Bhabhta Uragua (1986- 1994) — Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT)

CAD IS AIDHM LEIS NA GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

Leis an gcinneadh faomhtar an comhaontú lena mbunaítear EDT thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (an tAontas Eorpach – AE inniu), lena n-áirítear Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é an Comhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS) an chéad sraith rialacha a comhaontaíodh ar an leibhéal iltaobhach chun trádáil idirnáisiúnta seirbhísí a rialú. Tá 3 ghné ann:

RIALACHA GINEARÁLTA

Tá feidhm ag comhaontú GATS maidir le gach seirbhís i ngach earnáil ach amháin seirbhísí na n-údarás poiblí. Tá feidhm aige chomh maith maidir leis na bearta uile is infheidhme do sheirbhísí a dhéantar ar gach leibhéal rialtais (lárnach, réigiúnach, áitiúil, etc.) Sainítear 4 mhodh chun seirbhís a sholáthar sa chomhaontú:

Tá an comhaontú bunaithe ar phrionsabal chóir an náisiúin bharrfhabhair (NBF), faoina gcaitheann gach ballstát le gnólachtaí ballstáit eile ar bhealach nach lú fabhar ná an bealach a gcaitheann siad lena gnólachtaí féin nó gnólachtaí tíortha eile. Mar sin féin, tá eisceachtaí i gceist maidir le gníomhaíochtaí seirbhísí sonracha atá cuimsithe ar liosta díolúintí ó cheanglas NBF. (NBF - Náisiún Barrfhabhair) Go deimhin, d’fhéadfadh gach rialtas teorainneacha maidir le rochtain gnóthas eachtrach ar a mhargadh a leagan amach.

Ina theannta sin, féadfaidh baill a théann isteach i gcomhaontú saorthrádála nó aontas custaim trádáil seirbhísí a léirscaoileadh gan a bheith orthu an comhaontú a shíneadh chuig baill eile GATS. Ní mór cumhdach earnála suntasach a bheith lena gcomhaontú déthaobhach nó réigiúnach, áfach, agus ní mór go mbeidh sé d’aidhm leis idirdhealú a laghdú nó a sheachaint.

Chun trédhearcacht uasta a chinntiú, ceanglaítear leis an gcomhaontú gach dlí agus gach rialachán ábhartha a fhoilsiú. Ní mór na bearta sin a riar ar mhodh a bheidh réasúnta, oibiachtúil agus neamhchlaonta.

Ní mór do na comhaontuithe a chuirtear i gcrích idir rialtais maidir le haithint cáilíochtaí a bheith oscailte do bhaill eile ar mian leo páirt a ghlacadh sna comhaontuithe sin. Lena chois sin, ní mór do gach ball a chinntiú nach mbaineann monaplachtaí nó soláthraithe seirbhísí eisiacha mí-úsáid as a seasamh. Mar an gcéanna, ní mór do bhaill comhairle a lorg faoi bhealaí le cleachtais ghnó lena bhféadfaí srian a chur ar iomaíocht a dhíothú.

Ní bheidh srian ar aistrithe agus íocaíochtaí le haghaidh idirbhearta reatha a bhaineann le ceangaltais shonracha a rinneadh faoi GATS, ach amháin i gcás deacrachtaí le comhardú na n-íocaíochtaí agus faoi chúinsí áirithe.

Ceangaltais shonracha

Níl na rialacha ar rochtain an mhargaidh agus cóir náisiúnta ina gceanglais ghinearálta ach is ceangaltais shonracha iad sna sceidil atá ceangailte le GATS agus tá siad ina gcuid dhílis den chomhaontú. Sna sceidil sin sainaithnítear na seirbhísí agus na gníomhaíochtaí seirbhíse dá bhfuil rochtain ar an margadh ráthaithe agus leagtar amach iontu na coinníollacha lena rialaítear an rochtain sin. Nuair a bheidh siad comhdhlúthaithe, ní féidir na ceangaltais sin a mhionathrú nó a aistarraingt ach i ndiaidh cúiteamh a chaibidliú leis an tír lena mbaineann.

Dá bhrí sin, ní mór nach gcaithfidh gach ball le seirbhísí agus le soláthraithe seirbhísí ar bhealach nach lú fabhar ná mar atá faoi na téarmaí atá sonraithe in sceideal.

Tá an comhaontú bunaithe chomh maith ar phrionsabal na córa náisiúnta. Go deimhin, sna hearnálacha atá sonraithe i sceideal gach baill, agus faoi réir a choinníollacha, caitheann gach ballstát le táirgí ballstáit eile ar bhealach ná lú fabhar ná an bealach a gcaitheann siad lena tháirgí náisiúnta féin.

Léirscaoileadh de réir a chéile

Déantar soláthar in GATS do chaibidliú, a thosaíonn laistigh de 5 bliana, chun leibhéal níos airde léirscaoilte trádála seirbhísí a bhaint amach. Díreofar an léirscaoileadh sin ar fheabhas a chur ar na ceangaltais sna sceidil agus laghdú a dhéanamh ar éifeacht dhíobhálach na mbeart a dhéanann rialtais.

Ceisteanna earnála

Tá líon iarscríbhinní a bhaineann le hearnálacha seirbhíse éagsúla ina chuid den GATS. Ceapadh na hiarscríbhinní sin chun saintréithe áirithe na n-earnálacha lena mbaineann a chur san áireamh.

CUR CHUN FEIDHME AN CHOMHAONTAITHE

Rialacha institiúideacha

Baineann na rialacha sin, go háirithe, le comhairliúcháin agus réiteach díospóidí agus le bunú Chomhairle le haghaidh Trádáil Seirbhísí.

Leanúint leis an gcaibidlíocht

Ag deireadh Bhabhta Uragua, chomhaontaigh na rialtais leanúint leis an gcaibidlíocht i 4 réimse:

Bhí tuilleadh caibidlíochta le bheith ar siúl maidir le fóirdheontais, bearta soláthair agus cosanta rialtais.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN COMHAONTAITHE?

Tá an cinneadh i bhfeidhm ón 22 Nollaig 1994.

Tá an comhaontú i bhfeidhm ón 1 Eanáir 1995.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 i ndáil le hábhar laistigh dá inniúlacht, maidir le comhaontuithe ar thángthas orthu faoi Bhabhta Uragua de chaibidlíochtaí iltaobhacha trádála (1986-1994) a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 336, 23.12.1994, lgh. 1-2)

Babhta Uragua de Chaibidlíochtaí Iltaobhacha Trádála (1986- 1994) -— Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Trádála Domhanda (EDT) (IO L 336, 23.12.1994, lgh. 3-10)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 1999/61/CE ón gComhairle an 14 Nollaig 1998 i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir le torthaí chaibidlíochtaí WTO maidir le seirbhísí airgeadais a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 20, 27.1.1999, lgh. 38–39)

Cinneadh 97/838/CE ón gComhairle an 28 Samhain 1997 i ndáil le hábhair laistigh dá inniúlacht, maidir le torthaí chaibidlíochtaí Wto maidir le seirbhísí teileachumarsáide bunúsacha a thabhairt chun críche thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (IO L 347, 18.12.1997, lgh. 45–58)

Nuashonraithe 23.11.2017