Cuótaí agus ceadúnais allmhairithe agus onnmhairithe an Aontais Eorpaigh a leithdháileadh
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 717/2008 — cuótaí cainníochtúla a riaradh
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Cuirtear rialacha ar bun sa rialachán seo maidir le cuótaí allmhairithe agus onnmhairithe an Aontais Eorpaigh (AE) a riaradh.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Ní chumhdaíonn an rialachán táirgí áirithe, lena n-áirítear na táirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
-
Is iad seo a leanas cuid de na prionsabail ghinearálta a úsáidtear chun cuótaí AE a riaradh:
-
ba cheart cuótaí a leithdháileadh ar iarrthóirí a luaithe is féidir;
-
is féidir cuótaí a riaradh trí mhodhanna ar leith nó meascán de mhodhanna ar leith a úsáid, e.g. bunaithe ar shreafaí traidisiúnta trádála nó “gach duine ar a sheal féin”;
-
ní mór na cuótaí a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
-
Leagtar amachrialacha ar leith maidir leis na modhanna difriúla chun cuótaí a riaradh. Mar shampla, don mhodh:
-
atá bunaithe ar shreafaí traidisiúnta trádála, cuirtear cuid amháin den chuóta i leataobh d’allmhairithe nó onnmhairithe traidisiúnta, i.e. na hallmhairithe nó onnmhairithe ar féidir leo a thaispeáint go ndearna siad an táirge atá cumhdaithe ag an gcuóta a allmhairiú isteach in AE nó a onnmhairiú amach as roimhe sin;
-
atá bunaithe ar “gach duine ar a sheal féin”, leagann an Coimisiún Eorpach amach an chainníocht a leithdháiltear ar allmhairithe nó ar onnmhairithe go dtí go n-úsáidtear iomlán an chuóta;
-
ina léithdháiltear cuótaí bunaithe ar na cainníochtaí iarrtha, leagann an Coimisiún Eorpach cainníocht an chuóta amach bunaithe ar an bhfaisnéis a fhaightear ó thíortha AE faoi líon na n-iarratas ceadúnais atá faighte acu.
-
Maidir leis an modh “gach duine ar a sheal féin”, ní mór ceadúnais allmhairithe agus onnmhairithe a eisiúint ar an bpointe chun na táirgí ábhartha a allmhairiú nó a onnmhairiú. I ngach cás eile, eisítear ceadúnais laistigh de 10 lá ón bhfógra a fháil maidir le cinneadh ábhartha an Choimisiúin nó laistigh den tréimhse ama a leagtar amach ag an gCoimisiún.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Is é Rialachán (AE) 717/2008 an leagan códaithe de ghníomh bunaidh (Rialachán (CE) Uimh 520/94), agus dá leasuithe comhleanúnacha. Tá sé i bhfeidhm ón 15 Lúnasa 2008 i leith.
CÚLRA
Tá méadú tagtha le himeacht ama ar líon na dtíortha atá ina mbaill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus, mar sin, ní bhaineann an rialachán seo i ndáiríre ach le hallmhairithe ó líon teoranta tíortha. Faoi láthair, baineann sé le hallmhairithe teicstílí ó Bhéalarúis agus ó Chóiré Thuaidh. Níl cuótaí cainníochtúla curtha i bhfeidhm maidir le honnmhairithe AE.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 717/2008 an 15 Iúil 2008 lena mbunaítear nós imeacht Comhphobail chun cuótaí cainníochtúla a riar (leagan códaithe) (IO L 198, 26.7.2008, lgh. 1-7)
Nuashonraithe 27.02.2017