Cearta leanaí agus coinbhleacht armtha

ACHOIMRE AR:

Treoirlínte AE maidir le leanaí agus coinbhleacht armtha

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SNA TREOIRLÍNTE?

Cuirtear de cheangal ar AE dul i ngleic le tionchar na coinbhleachta armtha ar leanaí sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma.

Tá sé mar aidhm leo tabhairt ar rialtais agus ar eagraíochtaí ar fud an domhain an dlí daonnúil agus cearta daonna lena gcosnaítear leanaí ó éifeachtaí na coinbhleachta armtha a chur i bhfeidhm.

Déantar iarracht freisin leo stop a chur le hearcú leanaí i bhfórsaí armtha agus leis an tsaoirse ó phionós i gcás daoine a dhéanann coireanna in aghaidh leanaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

CÚLRA

De réir UNICEF, tá cónaí ar leanbh as gach deichniúr ar domhan i limistéir ina bhfuil coinbhleacht armtha, rud a chuireann a sábháilteacht, a bhforbairt agus a ndeiseanna saoil i mbaol. Is ann do reachtaíocht idirnáisiúnta chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo, lena n-áirítear an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh (CRC), a bhfuil sé mar aidhm leis an bPrótacal Roghnach ann dul i ngleic le cásanna ina dtéann coinbhleacht armtha i gcion ar leanaí.

Tá sé mar aidhm ag AE agus ag na tíortha dá chuid a ngníomhaíochtaí a chur san áireamh agus a chomhordú le comhlachtaí eile amhail Ionadaí Speisialta Ard-Rúnaí na NA um Leanaí agus Coinbhleacht Armtha agus Meitheal um Leanaí agus Coinbhleacht Armtha de chuid Chomhairle Slándála na NA d’fhonn a dtionchar a mhéadú an oiread agus is féidir. San iarscríbhinn a ghabhann leis na treoirlínte seo, tugtar liosta de chaighdeáin agus de dhlíthe daonnúla ábhartha eile maidir le cearta an duine lena dtreoraítear gníomhaíocht AE chun leanaí a chosaint.

GNÍOMH

Nuashonrú ar Threoirlínte AE maidir le leanaí agus coinbhleacht armtha. An Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta an 16 Meitheamh 2008

Nuashonraithe 25.09.2015