Rialacha Nós Imeachta Choiste na Réigiún

Is comhlacht comhairleach de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) é Coiste na Réigiún (CoR). Le hAirteagal 306 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU) tugtar an ceart do CoR lena Rialacha Nós Imeachta féin a ghlacadh.

GNÍOMH

Coiste na Réigiún - Rialacha Nós Imeachta

ACHOIMRE

Is comhlacht comhairleach de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) é Coiste na Réigiún (CoR). Le hAirteagal 306 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU) tugtar an ceart do CoR lena Rialacha Nós Imeachta féin a ghlacadh.

CAD A DHÉANTAR LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA?

Déantar rialú iontu ar oibriú agus eagrú CoR.

PRÍOMHPHOINTÍ

Comhdhéanamh

Tá 350 comhalta sa CoR agus an líon céanna comhaltaí malartacha a cheaptar ar feadh 5 bliana. Ainmnítear na comhaltaí - atá ina n-ionadaithe ar chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla - ag a dtír féin. Glacann an Chomhairle le liosta na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí malartacha trí thromlach cáilithe.

Faoi Chinneadh 2014/930/AE, dáiltear na suíocháin mar seo a leanas:

24: an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil agus an Ríocht Aontaithe;

21: an Spáinn agus an Pholainn;

15: an Rómáin;

12: an Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Ghréig, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil agus an tSualainn;

9: an Danmhairg, Éire, an Chróit, an Liotuáin, an tSlóvaic agus an Fhionlainn;

7: an Laitvia agus an tSlóivéin;

6: an Eastóin;

5: an Chipir, Lucsamburg agus Málta.

Comhairliúchán

Ní mór dul i gcomhairle le CoR, mar chuid de phróiseas cinnteoireachta AE, sna réimsí seo a leanas:

comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta;

sláinte, oideachas agus cultúr;

polasaí fostaíochta;

polasaí sóisialta;

an comhshaol;

oiliúint ghairmiúil; agus

iompar.

Ní mór do chomhaltaí CoR a bheith iomlán neamhspleách agus iad ag comhlíonadh a ndualgas, atá chun leasa ghinearálta AE.

Déantar toscaireachtaí náisiúnta de na comhaltaí agus comhaltaí malartacha ó gach tír,

Bunaíonn siad grúpaí freisin a léiríonn a dtuairimí polaitiúla. Ní mór do ghrúpaí ar a laghad 18 gcomhalta a bheith acu le hionadaíocht ó chúigiú de thíortha AE, ar a laghad. Ní mór do leath de ghrúpa, ar a laghad, a bheith ina gcomhaltaí iomlána.

An tionól iomlánach

Buaileann an CoR le chéile mar thionól iomlánach chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

tuairimí, tuarascálacha agus rúin a ghlacadh;

na dréactmheastacháin ar chaiteachas agus ioncam a ghlacadh;

a chlár polaitiúil a ghlacadh ag tús le gach téarma 5 bliana;

an t-uachtarán, an chéad leas-uachtarán agus comhaltaí eile an Bhiúró a thoghadh;

coimisiúin a bhunú;

na Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh agus a leasú;

cinneadh gníomhartha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais AE.

Bíonn cruinniú ag an tionól iomlánach ar a laghad uair amháin gach 3 mhí. Ar iarratas ó aon cheathrú de na comhaltaí, ar a laghad, ní mór don uachtarán seisiún iomlánach urghnácha a thionól.

Tá seisiúin ar oscailt don phobal ach amháin má chinneann an tionól iomlánach a mhalairt.

Bíonn córam ann (i.e. líon íosta na gcomhaltaí nach mór a bheith i láthair má tá cinntí le déanamh) ag Seisiún Iomlánach má tá tromlach na gcomhaltaí i láthair.

Déanann an Tionól Iomlánach cinneadh trí thromlach na vótaí a chaitear, ach amháin má tá foráil sna Rialacha Nós Imeachta dá mhalairt.

An biúró

Léiriú is ea an biúró ar chomhdhéanamh foriomlán CoR. Is é atá ann an t-uachtarán, a chéad leas-uachtarán agus 1 leas-uachtarán in aghaidh gach tíre AE, 28 comhalta eile, agus cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla. Toghann an tionól iomlánach an biúró ar feadh dhá bhliain go leith. Seachas an t-uachtarán, an chéad leas-uachtarán agus cathaoirligh na 5 ghrúpa pholaitiúla, dáiltear na suíocháin mar seo a leanas:

trí shuíochán: an Ghearmáin, Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Iodáil, an Spáinn agus an Pholainn;

dhá shuíochán: an Ísiltír, an Ghréig, Poblacht na Seice, an Bheilg, an Ungáir, an Phortaingéil, an tSualainn, an Ostair, an tSlóvaic, an Danmhairg, an Fhionlainn, Éire, an Chróit, an Liotuáin, an Bhulgáir agus an Rómáin;

suíochán amháin: an Laitvia, an tSlóivéin, an Eastóin, an Chipir, Lucsamburg agus Málta.

I measc a chuid cúraimí tá:

an dréachtchlár beartais a tharraingt suas ag tús gach téarma agus monatóireacht a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm;

comhordú ar obair an tionóil iomlánaigh agus na gcoimisiún;

cúrsaí airgeadais, eagraíochta agus riaracháin;

an tArd-Rúnaí agus catagóirí áirithe d’oifigigh agus searbhóntaí eile a cheapadh.

Féadfaidh an biúró gníomh a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais AE thar ceann CoR. Éiríonn sé seo, mar shampla, más rud é nach gcloíonn dlí AE le prionsabal na coimhdeachta agus má sháraíonn sé inniúlachtaí réigiúnacha agus áitiúla nó más rud é nár cloíodh le cearta institiúideacha CoR (i.e. comhairliúchán maidir le reachtaíocht ábhartha). Ní mór don tionól iomlánach cinneadh a dhéanamh ag an seisiún dar gcion cé acu an leanfar nó nach leanfar den ghníomh atá i gceist.

An t-uachtarán

Ionadaíonn an t-uachtarán an Coiste agus stiúraíonn sé/sí a chuid oibre.

Coimisiúin

Ag tús gach sainordaithe, bunaítear coimisiúin. Dréachtaíonn siad seo na dréachtleaganacha de thuairimí, tuarascálacha agus cinntí atá le glacadh ag an tionól iomlánach. Tá sé choimisiún ann:

CIVEX: An Coimisiún um Shaoránacht, Rialachas, Gnóthaí Institiúideacha agus Seachtracha;

COTER: An Coimisiún um Beartas Comhtháthú Críche agus Buiséad AE;

ECON: An Coimisiún um Beartas Eacnamaíoch;

ENVE: An Coimisiún um Chomhshaol, Athrú Aeráide agus Fuinneamh;

NAT: An Coimisiún um Acmhainní Nádúrtha;

SEDEC: An Coimisiún um Beartas Sóisialta, Oideachas, Fostaíocht, Taighde agus Cultúr.

Léiriú ar an CoR foriomlán is ea comhdhéanamh na gcoimisiún. Baineann gach comhalta le coimisiún amháin ar a laghad ach dhá choimisiún ar a mhéid. Féadfar eisceachtaí a dhéanamh do chomhaltaí ó thíortha le níos lú comhaltaí ná líon na gcoimisiún. De ghnáth bíonn cruinnithe na gcoimisiún ar oscailt don phobal.

Doiciméid arna ndréachtú ag Coiste na Réigiún

Dréachtaíonn CoR tuairimí, tuarascálacha agus cinntí. Foilsítear iad seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Glacann sé tuairimí:

maidir le moltaí reachtaíochta agus páipéir bheartais arna dréachtú ag an gCoimisiún, ag an gComhairle nó ag an bParlaimint i gcásanna a bhfuil foráil dóibh sna Conarthaí AE nó má mheasann ceann de na hinstitiúidí sin gur chóir dó;

ar a thionscnamh féin;

más rud é, nuair a théitear i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, go measann sé go bhfuil leas réigiúnach ar leith i gceist.

Ard-Rúnaíocht

Tá Ard-Rúnaíocht ag CoR le hArd-Rúnaí i gceannas. Cinntíonn sé/sí go gcuirtear na cinntí a ghlacann an biúró nó an t-uachtarán i gcrích. Ceapann an biúró é/í le tromlach dhá thrian dá chomhaltaí ar feadh tréimhse 5 bliana.

CÚLRA

Sa bhliain 2012, glacadh prótacal maidir le comhoibriú idir an Coimisiún Eorpach agus CoR. Féachtar ann lena chinntiú go n-oibríonn an dá pháirtí i ndlúthpháirt i réimsí comhleasa. Áirítear leo sin gnéithe a bhaineann leis an Straitéis Eoraip 2020, comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críche agus, ach go háirithe, cur chun feidhme an chomhair idir-réigiúnaigh agus trasnáisiúnta.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin Choiste na Réigiún.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Coiste na Réigiún - Rialacha Nós Imeachta.

10.1.2010

-

IO L 6, 9.1.2010, lgh. 14-31

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Prótacal maidir le comhoibriú idir an Coimisiún Eorpach agus Coiste na Réigiún (IO C 102, 5.4.2012, lgh. 6-10).

Cinneadh 2014/930/AE ón gComhairle an 16 Nollaig 2014 lena chinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (IO L 365, 19.12.2014, lgh. 143-144).

Nuashonrú is déanaí: 22.07.2015