An Banc Ceannais Eorpach (BCE)
ACHOIMRE AR:
Prótacal (Uimh. 4) – reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh
CAD IS AIDHM LE PRÓTACAL (UIMH. 4) DEN CHONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH?
Leagtar síos ann reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais (CEBC) agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE).
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Is é an BCE banc ceannais limistéar an euro. Is institiúid neamhspleách de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) é, a dhéanann ionadaíocht do chroí an Eorachórais, córas a threoraíonn beartas airgeadaíochta limistéar an euro, agus don CEBC.
-
An BCE agus na bainc cheannais náisiúnta de thíortha limistéar an euro atá san Eorachóras. Is éard atá sa CEBC ná BCE agus bainc cheannais náisiúnta na dtíortha AE uile. Leanfar ar aghaidh leis an Eorachóras agus CEBC fad agus atá tíortha AE ann nach n-úsáideann an euro.
-
Is é príomhchuspóir an BCE ná cobhsaíocht praghsanna a chothabháil, .i. luach an euro a chosaint. Tacaíonn sé freisin le beartais ghinearálta eacnamaíocha an AE, gan dochar don phríomhchuspóir sin.
-
Is iad seo a leanas bunchúraimí an BCE:
-
beartas airgeadaíochta limistéar an euro a leagadh amach agus a chur i bhfeidhm,
-
oibríochtaí malairte eachtraí a dhéanamh,
-
cúlchistí oifigiúla malairte eachtraí de thíortha limistéar an euro a choinneáil agus a bhainistiú,
-
feidhmiú rianúil na gcóras íocaíochta a chur chun cinn.
-
Ina theannta sin, bailíonn BCE faisnéis staitistiúil faoi fheidhmíocht a chuid cúraimí i gcomhar le bainc cheannais náisiúnta, agus tá an ceart eisiach aige eisiúint nótaí bainc euro In AE a údarú.
-
Mar aon le maoirseoirí náisiúnta, déanann BCE maoirseacht baincéireachta freisin i limistéar an euro agus i dtíortha eile a bhfuil páirt á glacadh acu sa Sásra Maoirseachta Aonair. Leagadh an cúram sin ar BCE sa bhliain 2014 chun cur le sábháilteacht agus le fóntacht na n-institiúidí airgeadais agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.
-
Is iad comhlachtaí cinnteoireachta BCE ná an Chomhairle Rialachais, an Bord Feidhmiúcháin agus an Chomhairle Ghinearálta. Is éard atá sa Chomhairle Rialachais, an príomhchomhlacht cinnteoireachta, ná baill an Bhord Feidhmiúcháin agus gobharnóirí banc ceannais náisiúnta de limistéar an euro. Is éard atá sa Bhord Feidhmiúcháin, atá freagrach as beartas airgeadaíochta a chur i bhfeidhm agus as oibríochtaí laethúla, ná an tUachtarán, an Leasuachtarán agus ceithre bhall eile. Is éard atá sa Chomhairle Ghinearálta, a théann i mbun cúraimí a bhfuil ar BCE iad a chur i gcrích go dtí go mbeidh an euro glactha ag tíortha uile AE, an tUachtarán, an Leasuachtarán agus gobharnóiríBCNanna thíortha uile AE.
-
Cuireadh an Bord Maoirseachta ar bun mar chuid den Sásra Maoirseachta Aonair agus tá sé freagrach as na cúraimí a bhaineann le maoirseacht baincéireachta. Tá Cathaoirleach, Leaschathaoirleach, ceithre ionadaí ón BCE agus ionadaí amháin ó gach ceann de na húdaráis náisiúnta maoirseachta, i dtíortha a bhfuil páirt á glacadh acu sa Sásra Maoirseachta Aonair, ar an mbord.
-
Cuireadh BCE ar bun sa bhliain 1998 agus tá sé lonnaithe in Frankfurt am Main sa Ghearmáin.
CÚLRA
-
Is institiúid lánfheidhme AE é an Banc Ceannais Eorpach, a cuireadh ar bun an 1 Meitheamh 1998. Sa bhliain 2009, bronnadh pearsantacht dhlítheanach air (Airteagal 282 (3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh).
-
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh – Prótacal (Uimh. 4) maidir le reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 230-250)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Sé — Forálacha institiúideacha agus airgeadais —Teideal 1 — Forálacha institiúideacha — Caibidil 1 — Na hInstitiúidí — Cuid 6 — An Banc Ceannais Eorpach — Airteagal 282 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 167)
Nuashonraithe 14.03.2017