An Creatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (CIP) (2007-2013)

I bhfreagairt don straitéis Liospóin, Tacaíonn Creatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (CIP). le gníomhaíochtaí atá chun tairbhe an iomaíochais agus an chumais nuálaíochta san Aontas Eorpach (AE) don tréimhse 2007-2013. Spreagann sé go háirithe úsáid na teicneolaíochta faisnéise, na héiciteicneolaíochta agus foinsí in-athnuaite fuinnimh.

ACHT

Cinneadh 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Creatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (2007-2013) [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha].

ACHOIMRE

Molann an Creatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht (CIP) creat comhtháite chun an t‑iomaíochas * agus an cumas nuálaíochta * a fheabhsú san Aontas Eorpach (AE). Spreagann na gníomhaíochtaí a tacaíonn an Creatchlár leo forbairt na sochaí faisnéise agus forbairt inbhuanaithe bunaithe ar fhás eacnamaíoch cothrom.

Corpraíonn an Creatchlár cláir tacaíochta shonracha an Chomhphobail, gníomhaíochtaí nua, chomh maith le sineirgí le cláir eile. Freagraíonn sé freisin do chuspóirí na straitéise Liospóin athnuaite ar mhaithe le gníomhaíocht an Chomhphobail níos simplí, níos trédhearcaí agus níos dírithe a bhunú.

Cláir shonracha

D’fhonn éagsúlacht a chuspóirí a chur san áireamh agus a infheictheacht a áirithiú, tá an CIP comhdhéanta de thrí fhochlár sonracha. Is tosaíochtaí a ngabhann thar réimse leathan iad leasanna na bhfiontar beaga agus meánmhéide (FBM) agus na n-éiceanuálaíochta agus tá na tosaíochtaí sin le brath sa Chreatchlár iomlán.

Cur chun feidhme

Tá cur i bhfeidhm an CIP bunaithe ar roinnt ionstraimí (ionstraimí airgeadais, tionscadail, gréasáin, gníomhartha anailíse, srl.) a fhéadfar a chur i bhfeidhm i gcás gach ceann de na cláir shonracha. Cuidíonn an “bosca uirlisí” coiteann sin, arna úsáid ag na cláir dhifriúla, le hoibriú an Chreatchláir a shimpliú do na húsáideoirí. Ní ar ghníomhartha triailte agus cruthaithe amháin atá CIP bunaithe, déanann sé ionstraimí nua a thionscnamh freisin.

Faigheann fiontair tacaíocht ó roinnt ionstraimí airgeadais Comhphobail. Dá bhrí sin, cuireann an mheicníocht ar mhaithe le FBM nuálacha a bhfuil ag fás go tréan (MIC) caipiteal síl agus caipiteal tionscnaimh ar fáil do na FBM atá i mbéal forbartha, agus cuirtear caipiteal “leantach”, beart nua arna tionscnamh ag an CIP, ar fáil freisin i rith na tréimhse forleathnaithe. Ag féachaint don mheicníocht ráthaithe do na FBM, éascaíonn sí rochtain na FBM ar iasacht a fháil (iasachtú nó léasú), agus rochtain ar mhicrichreidmheas agus ar chaipiteal cothromais nó caipiteal cuasachothromais. Baineann ionstraim nua leis an mheicníocht sin freisin, ionstraim urrúsúcháin um infheistíochtaí ar iasachtaí bainc, a éascaíonn úsáid na meáin bhreise mhaoinithe tríd iasachtaí a thabhairt do na FBM.

Neartaíonn agus forbraíonn CIP na seirbhísí tacaíochta ar mhaithe le fiontair agus le nuálaíocht. Soláthraíonn na seirbhísí sin faisnéis do na fiontair maidir le beartais, reachtaíocht agus cláir an Chomhphobail, go háirithe i dtaca leis an margadh aonair agus leis na creatchláir um taighde. Cuireann na seirbhísí sin faisnéis faoin aistriú nuála, teicneolaíochta agus eolais ar fáil d’fhiontair freisin. Lena chois sin, áirithíonn siad aiseolas ar fiontair ar mhaithe le measúnú tionchair agus le ceapadh beartais.

Lena chois sin, tacaíonn foráil nua le comhar idir chláir náisiúnta agus réigiúnacha chun nuálaíocht a chur chun cinn i bhfiontair, ag soláthar meáin bhreise d’fhiontair chun tairbhe a bhaint as smaointe, fios gnó agus deiseanna an mhargaidh i réigiúin Eorpacha eile.

Lena chois sin, tacaíonn an Creatchlár le treoirthionscadail um chéad chur i bhfeidhm tráchtála. Is é cuspóir na dtreoirthionscadal sin an margú a chur chun cinn agus saothrú eacnamaíoch éifeachtach a dhéanamh ar theicníochtaí nó ar tháirgí nuálacha nó éiceanuálacha a bhfuil a gcumas teicniúil le feiceáil cheana féin, ach nach bhfuil á margú fós ar bhealach suntasach. Cuirtear na tionscadail sin chun feidhme trí mheán comhpháirtíochta príobháideach poiblí.

Is í an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um Fhuinneamh Cliste atá freagrach as cur chun feidhme ghníomhartha an Chláir “Fuinneamh Cliste — An Eoraip” agus cur chun feidhme an Chláir “Fiontar agus Nuálaíocht”.

D’fhonn sreabhadh eolais agus smaointe a bharrfheabhsú, ní mór d’fhorbairt straitéiseach bheartais an Chomhphobail leanúint ar aghaidh trí mhodh oscailte comhordaithe agus a bheith curtha i gcrích trí ghníomhaíochtaí nasctha a chabhraíonn leis na Ballstáit agus leis na réigiúin tairbhe a bhaint as eiseamláirí dea-chleachtais.

Comhsheasmhacht le beartais eile an Chomhphobail

Tá nasc ag CIP le mórthionscnaimh Chomhphobail eile. Cuirtear chun feidhme gníomhaíochtaí na dtionscnamh difriúla sin go comhuaineach ionas go mbeidh siad comhlántach dá chéile. Tá páirt ag an gCreatchlár freisin i ngnóthú chuspóirí an Chomhphobail maidir le taighde, le comhtháthú, leis an gcomhshaol, leis an oideachas agus leis an oiliúint.

Éascaíonn CIP freisin an rochtain ar mhaoiniú d’fhiontair a dhíríonn a gcuid gníomhaíochtaí ar an nuálaíocht, ar thaighde agus ar an bhforbairt. Cuidíonn sé freisin le fiontair páirt a ghlacadh sa Seachtú Creatchlár um Thaighde agus Fhorbairt Teicneolaíochta (Seachtú CC-TFT).

Buiséad

Leanfaidh an Creatchlár ar feadh tréimhse seacht mbliana idir, agus ag cur san áireamh, an 1ú Eanáir 2007 agus an 31 Nollaig 2013. Tá buiséad EUR 3.621 billiún aige do thréimhse iomlán an chláir.

De réir comhroinnte tásca, leithdháiltear 60 % den bhuiséad iomlán (EUR 2.170 billiún) ar an gClár um Nuálaíocht agus um Fhiontraíocht. Cuirfear an cúigiú cuid den mhéid sin (EUR 430 milliún) ar fáil do chur chun cinn na héiceanuálaíochta. Lena chois sin, leithdháilfear 20 % (EUR 730 milliún) ar an gClár um Thacaíocht Straitéiseach maidir le TFC agus leithdháilfear an 20 % deireanach (EUR 730 milliún) ar an glár “Fuinneamh Cliste — An Eoraip”.

Ní féidir na costais atá incheadaithe maidir le roinnt ionstraimí a bheith maoinithe faoi dhó, áfach.

Monatóireacht agus measúnú

Féachann an Coimisiún chuige go ndéantar monatóireacht rialta ar chur i bhfeidhm an chreatchláir agus na sainchlár a bhaineann leis. Gach bliain scríobhann sé tuarascáil chun na gníomhaíochtaí a dtugann sé tacaíocht dóibh a mheas go grinn trí mheán táscairí faoin gcur i bhfeidhm airgeadais, faoi na torthaí a baineadh amach agus, más féidir, faoi thionchar na ngníomhaíochtaí.

Déantar measúnú idirmheánach agus measúnú deiridh ar an gcreatchlár agus ar na sainchláir a bhaineann leis. Leis na measúnuithe seo féadfar gnéithe amhail an oiriúnacht, an chomhsheasmhacht agus na sineirgí, an éifeachtacht, úsáid stuama na n-acmhainní, an mharthanacht, srl. a scrúdú. Ina theannta sin, leis an measúnú dheiridh feicfear an méid a bhain an creatchlár ina iomláine agus gach ceann dá chuid sainchlár a gcuid cuspóirí amach.

Cúlra

Ar ndóigh, de réir phróiseas Liospóin, is ceann de phríomhchúraií polaitiúla an AE é an geilleagar faisnéise is iomaíche agus is dinimiciúla ar domhan a chruthú sa Eoraip. D’fhonn neartú a dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht idir na cláir dhifriúla atá páirt acu in iarracht an Chomhphobail an t-iomaíochas a threisiú, agus mar fhreagairt ar chuspóirí straitéise Liospóin in-athnuaite, molann an Coimisiún Eorpach Creatchlár um Iomaíochas agus Nuálaíocht.

Eochair-fhocail an Achta

Tagairt

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 1639/2006/CE

29.11.2006

IO L 310 an 9.11.2006

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 670/2012

1.8.2012

IO L 204 an 31.7.2012

Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin chomhleanúnacha ar an gCinnidh 1639/2006. Is chun críche tagartha amháin an leagan comhdhlúite (DE) (EN) (FR) seo.

ACHTANNA GAOLMHARA

Togra rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chuireann ar bun clár le haghaidh iomaíochas na bhfiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (2014 – 2020) [COM(2011)834 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil].Nós imeachta na comhchinnteoireachta (2011/0394/COD)

REPORT FROM THE COMMISSION TO THE EUROPEAN PARLIAMENT, THE COUNCIL, THE EUROPEAN ECONOMIC AND SOCIAL COMMITTEE AND THE COMMITTEE OF THE REGIONS Evaluations of the Competitiveness and Innovation Framework Programme [COM (2013) 2 final – Not published on the Official Journal] (Tuarascáil ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don gComhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún dar teidil “Measúnuithe faoin gcreatchlár um iomaíochas agus nuálaíocht” [COM (2013) 2 críochnaitheach - Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil]).

See also

Nuashonrú is déanaí: 01.02.2013