Ríomhsholáthar

Caithfidh an geilleagar Eorpach aghaidh a thabhairt ar an riachtanas atá ann an caiteachas poiblí a laghdú agus foinsí nua fáis eacnamaíoch a aimsiú. D’fhéadfaí na cuspóirí seo a bhaint amach trí mheán fhorleathnú ríomhsholáthar na gconarthaí poiblí.

ACHT

Treoir 2014/24/AE ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26. Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE.

Treoir 2014/25/AE ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26. Feabhra 2014 maidir le soláthair údaráis a feidhmíonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE.

Treoir 2014/23/AE de chuid Phairlimint na hEorpa agus na Comhairle an 26. Feabhra 2014 faoi bhronnadh na gconarthaí lamháltais.

ACHOIMRE

Tá an t-aistriú go ríomhsholáthar mar chuid de nuachóiriú na rialacha Eorpacha a bhaineann le ceannach poiblí. Glacadh le pacáiste thrí théacs reachtúla i bPairlimint na hEorpa agus sa Choimisiún in Aibreán 2014,agus cumasaíodh le na téacsanna seo fiorú na hidirthréimhse seo.

CAD É RÍOMHSHOLÁTHAR?

Is é atá i gceist le ríomhsholáthar ná go n-úsáidfidh údaráis phoiblí modhanna leictreonacha chun sóláthairtí agus seirbhísí a cheannach nó chun fógraí chun tairiscintí d'oibreacha poiblí a sheoladh.

Cumasaíonn méadú in úsáid ríomhsholáthair san Eoraip:

CREAT DLÍTHIÚIL SOILÉIR AGUS NÍOS SIMPLÍ

Glacadh le creat dlíthiúil nua in Aibreán 2014 le pacáiste thrí threoir nua agus é mar aidhm bhunúsach acu:

Tá creat dlíthiúil soiléir bunaithe ag na treoracha lena n-áirítear nithe i dtaobh úsáid féideartha sínithe leictreonacha. Chomh maith le sin tá sé mar aidhm ag na treoracha:

Chomh maith le sin, leagtar síos sa treoir a bhaineann le conarthaí lamháltais a bhronnadh córas simplithe ina bhfuil riomhsholáthar roghnach, cé go ndéantar ríomhsholáthar éigeantach.

Comhthéacs

Sa Ghníomh um an Margadh Aonair, chuir an Coimisiún in iúl go raibh fonn air creat dlíthiúil an AE a nuachóiriú maidir le conarthaí soláthair poiblí. Is mór an tábhacht eacnamaíoch a bhaineann leis an earnáil sin agus trí thabhairt isteach nósanna imeachta leictreonacha cuirfear le héifeachtacht na gconarthaí soláthair poiblí.

Is féidir teacht ar tuilleadh eolais anseo:

ACHTANNA GAOLMHARA

Cumarsáid ón gCoimisiún chuigParlaimint na hEorpa, chuigan gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuigCoiste na Réigiún: Stráitéis um Ríomhsholáthar [ COM(2012)179 final - Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil.

Cumarsáid ón gCoimisiún dchuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Bun go barr ríomhsholáthar chun nuachóiriú riaracháin phoiblí (COM(2013) 453 final - Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil)

Mínítear sa chumarsáid seo an dul chun cinn atá bainte amach i gcur i bhfeidhm ríomhsholáthair ó fhoilsiú na bhfograí conartha go íocaíocht leictreonach, a dhéantar soláthar dó sa Chumarsáid ó 2012.

Nuashonrú is déanaí: 09.11.2014