Cáin ar na hidirbhearta airgeadais

I gcomhthéacs na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais, tá síor-dul i méad ar líon na ndaoine a admhaíonn go gcaithfidh an earnáil airgeadais ranníocaíocht níos cothroime a thabhairt, ós rud é gur beag cánach a ghearrtar ar an earnáil seo go dtí seo ó tharla go bhfuil an chuid is mó de sheirbhísí airgeadais saor ón CBL. Mar sin tá de rún ag an Togra Treorach seo comhcháin a chur ar bun a ghearrfar ar na hidirbhearta airgeadais a bhfuil de phríomhchuspóir aici tabhairt ar na bunaíochtaí airgeadais rannpháirtíocht chothrom a dhéanamh ar chostas na géarchéime agus ilroinnt mhargaí inmheánacha na n-idirbheart airgeadais a sheachaint.

TOGRA

Proposal for a Council Directive of 28 September 2011 on a common system of financial transaction tax and amending Directive 2008/7/EC [COM(2011) 594 final — Not published in the Official Journal] (Togra Treorach ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2011 a chuireann comhchóras cánach ar na hidirbhearta airgeadais ar bun agus a leasaíonn an Treoir 2008/7/CE [COM(2011) 594 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil])

ACHOIMRE

Tá de rún ag an Togra seo comhchóras cánach ar na hidirbhearta airgeadais * (FTT) a chur ar bun.

Baineann sé le gach uile idirbheart airgeadais, mar atá, ceannach agus díol ionstraime airgeadais, amhail na gnáthscaireanna corparáide, na bannaí, ionstraimí an mhargaidh airgid, scaireanna de chistí frithpháirteacha, ionstraimí struchtúraithe agus dhíorthacha agus cur i gcrích nó mionathrú na gconarthaí díorthacha, ach páirtí amháin den idirbheart ar a laghad a bheith fódaithe i mBallstát (BS) agus bunaíocht airgeadais (amhail na gnólachtaí infheistíochta, na margaí rialáilte, na bunaíochtaí baincéireachta, na gnóthais árachais nó athárachais, na cistí frithpháirteacha agus pinsin agus a lucht bainisteoireachta, gnóthais áirithe eile ar cuid thábhachtach dá ngníomhaíocht iad na hidirbhearta) atá fódaithe i BS a bheith ina páirtí san idirbheart, di féin nó thar cheann tríú páirtí, nó ag gníomhú in ainm pháirtí an idirbhirt.

Go ginearálta, meastar go bhfuil an bhunaíocht airgeadais fódaithe sa BS atá i gceist le gníomhú ina cáilíocht sin, ach tá sé le tabhairt faoi deara go meastar bunaíocht nach bhfuil fódaithe i BS, mar shampla más páirtí in idirbheart airgeadais í le páirtí atá fódaithe i limistéar BS, go meastar go bhfuil sí fódaithe i limistéar BS (mar atá, an BS céanna) ar choinníollacha áirithe.

Ní chuirtear i bhfeidhm é ar na comhlachtaí seo a leanas

Ní chuirtear i bhfeidhm é ar na hidirbhearta seo a leanas:

Iníocthacht, suim inghearrtha agus ráta na FTT

Tá na FTT iníoctha ó dhéantar an t-idirbheart. Ní chuireann neamhniú nó coigeartú breise idirbhirt airgeadais isteach ar a iníocthacht, ach amháin i gcás earráide.

Maidir le hidirbhearta eile nach mbaineann le conarthaí díorthacha, freagraíonn suim inghearrtha na FTT ar phrionsabal d’iomlán na n-eilimintí atá ann sa luach saothair íoctha nó le híoc ag an gcontrapháirtí nó ag tríú páirtí mar mhalairt ar an aistriú.

Maidir leis na hidirbhearta a bhaineann le conarthaí díorthacha, tá suim inghearrtha na FTT coibhéiseach le méid barúlach (mar atá, an méid ainmniúil nó aghaidhluach a úsáidtear chun na híocaíochtaí a bhaineann le conradh díorthach áirithe a ríomh) an chonartha dhíorthaigh ag am an idirbhirt airgeadais.

Más gá, is ionann an ráta malairte inchurtha agus an ráta deireanach díolta cláraithe ag an am a n-éiríonn na FTT iníoctha, ar an margadh airgeadraí is ionadaíche de chuid an BS atá i gceist nó ráta malairte a shocraítear de réir an mhargaidh seo.

Ní féidir na rátaí malairte FTT atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit a bheith faoi bhun (íosráta):

Íocaíocht an FTT, oibleagáidí gaolmhara agus cosc ar chalaois, ar imghabháil agus ar mhí-úsáid

Tá na FTT le híoc ag gach bunaíocht airgeadais (a meastar go bhfuil sí fódaithe i BS) a chomhlíonann coinníoll amháin díobh seo a leanas:

Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil gach bunaíocht airgeadais is páirtí in idirbheart nó a bhfuil lámh aici in idirbheart mar sin, go bhfuil sí inchánach. Mar sin, féadann idirbheart airgeadais aonair íocaíocht cánach a shíolrú ón dá thaobh den idirbheart seo, de réir an ráta atá ann sa BS a bhfuil an bhunaíocht airgeadais atá i gceist fódaithe ann.

Mar sin féin, má ghníomhaíonn bunaíocht airgeadais in ainm nó thar cheann bunaíochta airgeadais eile, níl na FTT le híoc ach ag an dara ceann.

Ina theannta sin, tá gach páirtí in idirbheart freagrach i gcomhpháirt agus i leithleach as íocaíocht na cánach atá le híoc ag bunaíocht airgeadais don idirbheart seo.

Tá spriocdháta íocaíochta na FTT d’údarás cánach na BS mar seo a leanas:

Caithfidh na BS oibleagáidí eile a chur ar bun chun an íocaíocht a ráthú agus chun íocaíocht na cánach a sheiceáil.

Ní fhéadann na Ballstáit cánacha eile a thabhairt isteach nó a choinneáil ar na hidirbhearta airgeadais ach amháin na FTT nó an cháin bhreisluacha (CBL) de réir na Treorach CBL.

Comhthéacs

An 7 Deireadh Fómhair 2010, scrúdaigh an Coimisiún Eorpach cé chomh tábhachtach is a bhí sé cáin ar na hidirbhearta airgeadais (FTT) a chur ar bun ina Chumarsáid maidir leis an gcáin ar an earnáil airgeadais. Réadaíonn an Togra Treorach seo an cur ar bun seo agus ba é a bheadh ann ná an chéad chéim i dtreo córais dhomhanda cánachais.

Eochairthéarmaí atá san acht

Tagairtí

Togra

Iris Oifigiúil

Nós imeachta

COM(2011) 594

Comhairliúchán 2011/0261/CNS

See also

Nuashonrú is déanaí: 23.11.2011