Boinn mótarfheithiclí a shuiteáil

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 458/2011 – ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí i dtaca le suiteáil a mbonn

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN SEO?

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglais a bhaineann le boinn a chóimeáil

I gcomhréir leis an rialachán ar shábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, déantar boinn a rangú ina 3 chatagóir, is iad sin C1, C2 agus C3.

Ní mór na boinn uile a bheith feistithe ar an bhfeithicil agus an struchtúr céanna a bheith acu, ach amháin boinn spártha d’úsáid shealadach*.

Ní mór go mbeidh na boinn agus na fonsaí ábalta gluaiseacht gan bac sa spás ina gcasann an roth.

Tá rátálacha ualaigh uasta ar bhoinn atá feistithe le feithiclí agus ní mór siombal um chatagóir luais a bheith orthu. Ní mór na gnéithe seo a bheith comhoiriúnach leis na feithiclí atá i gceist.

Má tá roth spártha ag feithicil, ní mór dó baint a bheith aige le ceann amháin de 2 chatagóir:

Rialacha i dtaca le cineálcheadú CE

Ní mór don mhonaróir feithicle iarratas a dhéanamh ar chineálcheadú CE chuig an údarás inniúil. Ní mór eolas ar leith a bheith san iarratas seo, ach go háirithe:

Má mheasann an t-údarás inniúil go gcomhlíonann an fheithicil na ceanglais uile atá leagtha síos i dtaca le boinn a shuiteáil, tugann sé cineálcheadú CE agus sannann sé uimhir chineálcheadaithe i gcomhair le Treoir 2007/46/CE.

Le Rialachán (AE) 2015/166 leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 458/2011, á chur in oiriúint don dul chun cinn teicniúil i dtaca leis an roth spártha roghnach d’fheithiclí i gcatagóirí N1 (i.e. iad sin atá ag iompar earraí agus a bhfuil mais uasta acu nach mó ná 3.5 tonna).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 2 Meitheamh 2011.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bonn spártha d’úsáid shealadach: bonn atá deartha d’úsáid shealadach ag brúnna teannta atá níos airde ná na brúnna sin atá leagtha síos do bhoinn chaighdeánacha agus do bhoinn threisithe

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 458/2011 ón gCoimisiúin an 12 Bealtaine 2011 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí agus a leantóirí i dtaca le suiteáil a mbonn agus lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteacht ghinearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil leithleach atá beartaithe dóibh (IO L 124, 13.5.2011, lgh. 11-20)

Rinneadh na leasuithe leantacha ar Rialachán (AE) Uimh. 458/2011 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 07.07.2016