Cumaisc idir cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta i dtír aonair AE

ACHOIMRE AR:

Threoir 2011/35/AE — Cumaisc idir cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta i dtír aonair AE

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR?

Leagtar amach faoin treoir seo na rialacha lena rialaítear cumaisc idir cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta* i dtír aonair den Aontas Eorpach (AE), .i. cumaisc intíre. Pléitear sa treoir le cosaint do scairshealbhóirí, do chreidiúnaithe agus d’fhostaithe. Cuirtear an treoir in ionad Threoir 78/855/CEE (an Tríú Treoir maidir le Dlí na gCuideachtaí roimhe seo).

PRÍOMHPHOINTÍ

Pléitear sa treoir le cineálacha difriúla cumasc intíre.

Maidir le cumasc trí éadáil* agus cumasc trí chuideachta nua a chur ar bun*, ní mór faisnéis shonrach a chur san áireamh i ndréacht-théarmaí an chumaisc, cumasc arna dhréachtú ag an mbord riaracháin nó bainistíochta, lena n-áirítear:

Ní mór faisnéis dá leithéid a chur ar fáil go poiblí mí amháin nó níos mó roimh an dáta atá roghnaithe don chruinniú ginearálta, cruinniú ag a ndéanfar cinneadh maidir leis an gcumasc.

Ní mór cead a fháil le haghaidh gach cumaisc ag cruinniú ginearálta na gcuideachtaí atá á gcumasc. Is féidir an riachtanas sin a tharscaoileadh áfach, sa chás:

cead ag na scairshealbhóirí iniúchadh a dhéanamh ar dhoiciméid (ach amháin doiciméid a foilsíodh ar an suíomh gréasáin cheana), mí amháin nó níos mó roimh an dáta atá roghnaithe don chruinniú ginearálta. Áirítear leis na doiciméid sin dréacht-théarmaí an chumaisc, na cuntais bhliantúla agus tuairiscí ó chomhlachtaí riaracháin.

Ní mór cearta fhostaithe na gcuideachtaí atá á gcumasc a chosaint, i gcomhréir leis an Treoir maidir le cearta fostaithe a chosaint i gcás aistrithe gnóthas. Ní mór creidiúnaithe a chosaint freisin maidir lena riocht airgeadais.

D’fhéadfadh go dtarlódh roinnt rudaí i ndiaidh cumaisc, lena n-áirítear:

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN TREOIR?

Cuireadh an treoir i bhfeidhm an 1 Iúil 2011. Déantar códú leis an treoir ar an reachtaíocht reatha (Treoir 78/855/CEE), reachtaíocht a bhí le hionchorprú ina ndlí náisiúnta ag tíortha AE faoin 13 Deireadh Fómhair 1981.

CÚLRA

Dlí na gcuideachtaí ar láithreán Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Cuideachta phoiblí theoranta:cuideachta a chuir scaireanna ar fáil don phobal i gcoitinne, agus a bhfuil dliteanas teoranta ag a scairshealbhóirí, maidir leis an méid a íocadh as a gcuid scaireanna de ghnáth .

* Cumasc trí éadáil:nuair a dhéanann cuideachta/cuideachtaí a bhfuil seilbh á fáil uirthi/orthu a sócmhainní agus freagrachtaí a aistriú chuig an gcuideachta fhála agus nuair a fhaigheann na scairshealbhóirí seilbh ar scaireanna na cuideachta sin.

* Cumasc trí chuideachta nua a chur ar bun: nuair a dhéantar na sócmhainní agus dliteanais a thiontú i scaireanna na cuideachta nua agus in íocaíocht airgid arb ionann agus 10 % nó níos lú de luach ainmniúil na scaireanna.

GNÍOMH

Treoir 2011/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le cumaisc cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta (IO L 110, 29.4.2011, lgh. 1-11)

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Threoir 2011/35/AE. Is chun críocha tagartha amach an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 16.02.2016