Córais fhrithcháite le haghaidh mótarfheithiclí

Rialachán (AE) Uimh. 109/2011 - córais fhrithcháite

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 109/2011 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2011 lena gcuirtear i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh catagóirí áirithe mótarfheithiclí agus a leantóirí i dtaca le córais fhrithcháite

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

Sainmhínítear sa rialachán na ceanglais a bhaineann le cineálcheadú córas frithcháite* le haghaidh catagóirí áirithe mótarfheithiclí. Cuirtear Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí i bhfeidhm faoin rialachán freisin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Catagóirí mótarfheithiclí

Cuirtear an rialachán i bhfeidhm maidir le catagóirí mótarfheithiclí N agus O, mótarfheithiclí a dearadh agus a tógadh chun earraí a iompar, a bhfuil ceithre roth nó níos mó acu. Cuirtear an rialachán i bhfeidhm freisin maidir le leantóirí.

Ceanglais córais fhrithcháite

Bíonn gléasanna frithcháite suite os cionn rothaí na feithicle de ghnáth. Is féidir pludgharda*, crochtáin sheachtracha* nó flapaí báistí* a úsáid mar ghléasanna frithcháite.

Ní mór go n-oibreoidh an gléas i gceart nuair a bhaintear gnáthúsáid as ar bhóithre fliucha. Aithnítear na cineálacha gléasanna seo a leanas:

gléasanna a thógann fuinneamh isteach;

gléasanna a scarann aer/uisce.

Cineálcheadú

Éilítear ar mhonaróir an ghléis agus ar mhonaróir na feithicle iarratais ar chineálcheadú CE a chur faoi bhráid an údaráis náisiúnta inniúil. Ní mór faisnéis áirithe a bheith sna hiarratais sin, .i.:

déanamh agus cineál an ghléis nó na feithicle;

líon acastóirí agus líon rothaí na feithicle;

cur síos ar an gcóras frithcháite agus ar na comhpháirteanna.

Éilítear ar mhonaróir an ghléis fhrithcháite doiciméid riaracháin a chur ar fáil a bhaineann le cineálcheadú na gcóras frithcháite mar aonad teicniúil ar leith.

Éilítear ar mhonaróir na feithicle doiciméid riaracháin a chur ar fáil a bhaineann le:

cineálcheadú CE na feithicle maidir le suiteáil gléasanna frithcháite;

deimhniú cineálcheadaithe an ghléis fheistithe.

Má mheasann an t-údarás inniúil go gcloíonn an gléas nó an fheithicil leis na ceanglais uile a bhaineann le córais fhrithcháite, tabharfaidh sé cineálcheadú CE don iarrthóir agus déanfaidh sé uimhir chineálcheadaithe a eisiúint i gcomhréir le Treoir 2007/46/CE.

EOCHAIRFHOCAIL

* Córas frithcháite: córas a úsáidtear chun cáitheadh bóthair a laghdú trí phludghardaí, crochtáin agus flapaí báistí a úsáid (féach thíos).

* Cineálcheadú: léiríonn sé seo go bhfuil tástálacha déanta chun a chinntiú go bhfuil na ceanglais ábhartha rialála, theicniúla agus sábháilteachta á gcomhlíonadh.

* Pludgharda: cuid dhocht den fheithicil a chuireann cosc ar cháitheadh bóthair ón roth dul suas san aer.

* Crochtán: ceangailte den chúlthuairteoir de ghnáth, cuireann sé seo cosc ar bháisteach agus ar láib scairdeadh ar na gluaisteáin eile agus ar na daoine atá ag dul thar bráid.

* Flapa báistí: comhpháirt sholúbtha atá feiste go hingearach taobh thiar den roth, a laghdaíonn cáitheadh ón mbóthar fliuch.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 109/2011

1.3.2011

-

IO L 34, 9.2.2011, lgh. 2-28

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) 2015/166

24.2.2015

-

IO L 28, 4.2.2015, lgh. 3-39

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir leis na ceanglais i gcomhair cineálcheadaithe le haghaidh sábháilteachta ginearálta mótarfheithiclí, a leantóirí agus a gcóras, a gcomhpháirteanna agus a n-aonad teicniúil ar leithligh atá beartaithe dóibh (IO L 200, 31.7.2009, lgh. 1-24)

Nuashonraithe 24.09.2015