Bainistíocht géarchéime san earnáil airgeadais
ACHOIMRE AR:
Teachtaireacht (COM(2010) 579 final) — Creat AE um Bainistíocht Géarchéime san Earnáil Airgeadais
CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?
Leagtar amach léi na bearta atá le déanamh chun sraith rialacha a chur ar fáil don Aontas Eorpach (AE) maidir le bainistíocht géarchéime san earnáil airgeadais.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Baineann an tsraith rialacha maidir le bainistíocht géarchéime san earnáil airgeadais le:
Cuspóirí
Is é is aidhm leis na rialacha sin a chinntiú go bhfuil an córas airgeadais cobhsaí, fiú sa chás go dteipfeadh ar ghnó, agus chun:
Réimsí gníomhaíochta
Sainaithníodh sa teachtaireacht bearta ba cheart a dhéanamh sna réimsí seo a leanas:
Gníomhaíochtaí a rinneadh
Údaráis mhaoirseachta
Bunaíodh trí údarás maoirseachta Eorpacha in 2011:
Déantar ionadaíocht ar na 28 maoirseoir náisiúnta i ngach ceann de na trí údarás maoirseachta.
Bunaíodh Bord Eorpach um Riosca Sistéamach chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar bhagairtí a d’fhéadfadh a bheith ar an gcobhsaíocht airgeadais a thiocfadh as forbairtí maicreacnamaíocha agus as forbairtí laistigh den chóras airgeadais ina iomláine.
An Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc
Tháinig an treoir (Treoir 2014/59/AE) seo i bhfeidhm i ngach tír AE i mí Iúil 2014. Leagtar amach léi líon rialacha chun na huirlisí lena ndéileáiltear le géarchéimeanna bainc ar fud AE a chomhchuibhiú agus a fheabhsú, lena n-áirítear:
An Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaíochta Taiscí
Tháinig an treoir (Treoir 2014/49/AE) seo i bhfeidhm in 2014. Neartaítear léi córas reatha na scéimeanna ráthaíochta taiscí chun freagairt a thabhairt ar na laigí a nochtadh leis an ngéarchéim airgeadais. Áirítear iad seo a leanas ar a phríomhghnéithe:
CÚLRA
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta — Creat AE um Bainistíocht Géarchéime san Earnáil Airgeadais (COM(2010) 579 final, 20.10.2010)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 149-178)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/49/AE a ionchorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat i gcomhair téarnaimh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnóthas infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE ón gComhairle, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 190-348)
Nuashonraithe 07.12.2016