Árachas dliteanais shibhialta le haghaidh mótarfheithiclí

ACHOIMRE AR:

Treoir 2009/103/CE - Árachas dliteanais shibhialta le haghaidh mótarfheithiclí

ACHOIMRE

Cuid mhór de na polasaithe árachais neamhshaoil a dhéantar san Aontas Eorpach (AE) is ea árachas gluaisteán. Tá sé mar aidhm leis an treoir seo cabhrú le daoine a bhfuil cónaí orthu in AE a mbíonn timpiste bhóthair acu i dtír eile AE.

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR SEO?

Faoin treoir, daoine a bhfuil polasaí árachais gluaisteán éigeantaigh acu i ngach tír AE, tá cumhdach árachais acu maidir le tiomáint ar fud AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Déantar na nithe seo a leanas leis an treoir:

is gá árachas dliteanais tríú páirtí éigeantach* i gcás gach mótarfheithicil in AE;

cuirtear deireadh le seiceálacha teorann ar árachas chun an taisteal idirnáisiúnta laistigh d’AE a éascú;

leagtar síos an cumhdach íosta árachais dliteanais tríú páirtí i dtíortha an AE;

sonraítear daoine díolmhaithe agus údaráis atá freagrach as cúiteamh

tugtar isteach sásra chun íospartaigh áitiúla timpistí de thoradh feithiclí ó thír eile AE a chúiteamh;

éilimh a eascraíonn as timpistí a tharlaíonn lasmuigh den tír AE ina bhfuil an t-íospartach ina chónaí (nó “íospartaigh ar cuairt” mar a thugtar orthu), is gá na héilimh sin a shocrú go tapa;

bíonn sealbhóirí polasaí i dteideal ráiteas a iarraidh maidir leis na héilimh (nó an easpa éileamh) a bhaineann lena bhfeithicil sna 5 bliana roimh an gconradh.

Ní rialaítear leis an treoir ceisteanna dliteanais shibhialta lena n-áirítear dámhachtainí cúitimh, a shocraíonn tíortha AE, ná “cumhdach cuimsitheach” maidir le díobháil choirp an tiománaí nó dochar d’fheithiclí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Ón 27 Deireadh Fómhair 2009.

CÚLRA

Suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hárachas gluaisteán

PRÍOMHTHÉARMAÍ

*Árachas dliteanais tríú páirtí: cumhdach maidir le dochar, caillteanas nó díobháil a dhéantar do pháirtí eile mar thoradh ar ghníomhaíochtaí shealbhóir an pholasaí.

GNÍOMH

Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanais shibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin

TAGAIRT

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Treoir 2009/103/CE

27.10.2009

-

IO L 263, 7.10.2009, lgh. 11-31

Nuashonraithe 12.10.2015