Astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI): rialacha deimhniúcháin

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineál-cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí saothair throm

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an rialachán seo maidir le mótarfheithiclí de chatagóirí M1, M2, N1 agus N2 ag a bhfuil mais thagartha níos mó ná 2 610 kg, agus do gach mótarfheithicil de chatagóirí M3 agus N3, mar a shainítear i Rialachán (AE) 2018/858.

Oibleagáidí na monaróirí

Ní mór do mhonaróirí:

Ceanglais agus tástálacha

Ní mór do mhonaróirí a gcuid feithiclí nó a gcuid inneall a threalmhú le comhpháirteanna lena gcomhlíontar na teorainneacha astaíochtaí atá leagtha síos in Iarscríbhinn I leis an rialachán seo, faoi choinníollacha arna sonrú ag an gCoimisiún Eorpach sa rialachán seo agus sna gníomhartha cur chun feidhme.

Tráthchlár

Ní foláir nó nach ndeonfaidh na húdaráis náisiúnta cineálcheadú AE nó cineálcheadú náisiúnta le haghaidh feithiclí nach gcomhlíonann an rialachán seo ón 31 Nollaig 2012, agus caithfidh siad cosc a chur ar chlárú feithiclí nua nach gcomhlíonann an rialachán seo ón 31 Nollaig 2013.

Dreasachtaí airgeadais

Reachtaíocht chur chun feidhme

Le gníomhartha cur chun feidhme leagtar bearta amach chun Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 a chur i bhfeidhm.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 31 Nollaig 2012. Ní raibh feidhm, áfach, ag cuid de na leasuithe ar Threoir 2007/46/CE a áirítear in Iarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ach ón 31 Nollaig 2013.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cineálcheadú. An nós imeachta trína ndeimhníonn údarás ceadaithe go gcomhlíonann cineál feithicle, córais, comhpháirte nó aonaid theicniúil ar leithligh ceanglais dhlíthiúla áirithe.
Aicme inneall. Grúpáil cineálacha innill de chuid monaróra a bhfuil tréithe astaíochtaí sceite comhchosúla acu, agus a n urramaíonn na luachanna teorann astaíochtaí is infheidhme.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le mótarfheithiclí agus innill a chineálcheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Treoir 2007/46/CE agus lena n aisghairtear Treoir 80/1269/CEE, Treoir 2005/55/CE agus Treoir 2005/78/CE (IO L 188, 18.7.2009, lgh. 1-13).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1362 ón gCoimisiún an 1 Lúnasa 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le feidhmíocht leantóirí tromshaothair maidir leis an tionchar atá acu ar astaíochtaí CO2, ídiú breosla, ídiú fuinnimh agus raon tiomána astaíochtaí nialasacha mótarfheithiclí agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/683 (IO L 205, 5.8.2022, lgh. 145-206).

Rialachán (AE) 2017/2400 an 12 Nollaig 2017 ón gCoimisiún lena gcuirtear chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí CO2 agus ídiú breosla feithiclí tromshaothair a chinneadh agus lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún (IO L 349, 29.12.2017, lgh. 1-247).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lgh. 1-643).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 136/2014 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2014 lena leasaítear Treoir 2007/46 /CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) (IO L 43, 13.2.2014, lgh. 12-46).

Rialachán (AE) Uimh. 582/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena cuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus lena leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, 25.6.2011, lgh. 1-168).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 06.09.2022