Soilsiú agus comharthaíocht solais le haghaidh mótarfheithiclí dhá nó trí roth

Glacadh leis an treoir seo mar chuid de chomhchuibhiú dlíthe náisiúnta maidir le cineálcheadú an Chomhphobail Eorpaigh (CE) de mhótarfheithiclí dhá nó trí roth. Leagtar síos sa treoir na rialacha a chuirtear i bhfeidhm maidir le soilsiú agus deiseanna comharthaíochta solais a shuiteáil ar fheithiclí den chineál seo.

ACHT

Treoir 2009/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le soilsiú agus le deiseanna comharthaíochta solais a shuiteáil ar mhótarfheithiclí dhá nó trí roth (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE).

ACHOIMRE

Leagtar síos sa treoir seo na rialacha teicniúla a bhaineann le soilsiú agus le deiseanna comharthaíochta solais a shuiteáil ar fheithiclí. Tagann an treoir faoi raon na Treorach 2002/24/CE, a bhaineann le cineálcheadú mótarfheithiclí dhá nó trí roth.

Raon

Cuirtear an treoir seo i bhfeidhm maidir le:

Ceanglais theicniúla

Baineann ceanglais theicniúla le líon, le líníochtaí socraithe, le hinfheictheacht gheoiméadrach, le hailíniú, le corprú le gléasanna eile agus le leideoirí an tsoilsithe agus na ndeiseanna comharthaíochta solais lena mbaineann, agus de réir an chineál feithicle.

Ní mór lampaí soilseacháin a bheith ailínithe i gceart agus ní mór cloí le coinníollacha siméadrachta agus datha más ann do phéire lampa.

Ní mór leideoirí a bheith infheicthe ag an tiománaí agus ní mór go gcloífidís le cód dathanna sonrach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir seo.

Cineálcheadú an Aontais Eorpaigh (AE)

Nuair a chomhlíontar ceanglais na treorach seo, ní ceadmhach do Bhallstáit AE diúltú do chineálcheadú a dheonú le haghaidh mótarfheithicle dhá nó trí roth nó clárú nó díol na mótarfheithicle nó a hiontráil sa tseirbhís a chosc. Mura gcomhlíontar na ceanglais, ní mór do Bhallstáit AE diúltú do chineálcheadú a dheonú le haghaidh mótharfheithicle dhá nó trí roth ar bith.

Aisghairfear Treoir 2009/67/CE le Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 le héifeacht ón 1.1.2016.

Leasófar Iarscríbhinní I-IV de Threoir 2009/67/CE le Treoir 2013/60/AE ón gCoimisiún idir an dá linn.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2009/67/CE

14.9.2009

-

IO L 222, 25.8.2009, lgh. 1-99

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2013/60/AE

11.12.2013

30.6.2014

IO L 329, 10.12.2013, lgh. 15-38

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair [IO L 60, 2.3.2013, lgh. 52-128].

Nuashonrú is déanaí: 19.05.2014