Míolta móra, deilfíní agus muca mara a chosaint i gcoinne gabháil de thaisme
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 — bearta maidir le gabhálacha céiticeach de thaisme in iascaigh
CAD É IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Tugtar isteach bearta ann chun gabháil de thaisme a laghdú (ar a dtugtar seachghabhálacha) a dhéanann soithí iascaireachta ar mhíolta móra, deilfíní agus muca mara (grúpa mamach mara ar a dtugtar céiticigh).
PRÍOMHPHOINTÍ
Tugtar isteach sa rialachán:
-
bearta teicniúla a bhaineann le heangacha geolbhaigh (eangach iascaireachta a chrochtar go ceartingearach ionas go sáinneofar geolbhaigh an éisc san eangach) agus tráil (eangach iascaireachta) i limistéir shonraithe (liostaithe in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III an rialacháin);
-
scéim monatóireachta ar bord soithí iascaireachta chun faisnéis a fháil ar sheachghabhálacha céiticeach in iascaigh “i mbaol”* (féach Iarscríbhinn III).
Gléasanna fuaimiúla bactha
-
Tá forbairt déanta ar chineálacha éagsúla gléasanna fuaimiúla bactha. Is éard a dhéanann na gléasanna sin (ar a dtugtar “clingirí” go minic) comharthaí a astú atá deartha chun céiticigh a choinneáil amach ó threalamh iascaireachta.
-
Ní mór do gach soitheach iascaireachta atá 12 mhéadar nó níos faide atá ag iascaireacht sna criosanna sonraithe ar feadh na dtréimhsí iascaireachta sonraithe na gléasanna a úsáid.
-
Ní mór do mháistrí soithí iascaireachta a chinntiú go bhfuil na gléasanna i seirbhís nuair a bhíonn an trealamh á shocrú.
-
Ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar thionchar úsáid na ngléasanna de réir ama.
-
Tá sonraíochtaí teicniúla na ngléasanna (e.g. tréithe comharthaíochta) agus na coinníollacha úsáide (i.e. an spásáil uasta idir gléasanna ar eangacha) leagtha amach in Iarscríbhinn II den rialachán.
-
Mar rud eisiach, féadfaidh tíortha AE údarú a thabhairt maidir le húsáid ar feadh suas go dtí 2 bhliain gléasanna nach gcomhlíonann na sonraíochtaí nó na coinníollacha úsáide, ar an gcoinníoll go bhfuil a gcuid úsáide doiciméadaithe go leormhaith.
Scéimeanna monatóireachta le haghaidh gabhálacha de thaisme
-
Ní mór do thíortha AE na scéimeanna monatóireachta le haghaidh gabhálacha céiticeach de thaisme a dhéanann soithí iascaireachta a mbíonn a mbratach ar foluain acu a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. Is é an cuspóir atá leis sin sonraí ionadaíocha a fháil maidir leis na hiascaigh atá liostaithe in iarscríbhinn III.
-
I gcás soithí faoi 15 mhéadar ar fad, bailítear sonraí trí mheán staidéar nó treoirthionscadal.
-
I gcás soithí atá 15 mhéadar nó níos faide, déanann breathnóirí ar bord an mhonatóireacht.
-
Maidir leis na breathnóirí, leagtar síos sa reachtaíocht:
-
a gcuid cáilíochtaí (e.g. taithí ábhartha i speicis chéiticigh agus i gcleachtais iascaireachta;
-
a gcumas tascanna bunúsacha eolaíocha faoi leith a chur i gcrích, etc.);
-
a gcuid tascanna (monatóireacht ar ghabhálacha de thaisme agus na sonraí riachtanacha a bhailiú chun an tseachghabháil a chonacthas a eachtarshuí don iascach go léir lena mbaineann);
-
inneachar na tuarascála nach mór do bhreathnóirí a sheoladh maidir leis na sonraí a bhailigh siad, an méid a chonaic siad agus na torthaí.
Tuarascálacha
-
Gach bliain, ní mór do thíortha AE tuarascáil a sheoladh chuig an gCoimisiún Eorpach. Sa tuarascáil:
-
ba cheart go mbeadh meastacháin maidir leis na gabhálacha de thaisme ar an iomlán de chéiticigh i ngach ceann de na hiascaigh lena mbaineann;
-
measúnú a bheith mar chuid de ar chonclúidí thuarascálacha na mbreathnóirí agus aon fhaisnéis eile is iomchuí, lena n-áirítear aon taighde a rinneadh chun ghabháil céiticeach de thaisme in iascaigh a laghdú.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 1 Iúil 2004.
CÚLRA
Tá cosaint ag míolta móra, deilfíní agus ag muca mara go léir faoin Treoir maidir le Gnáthóga in AE lena gceanglaítear ar thíortha AE faireachas a dhéanamh ar stádas caomhantais na speiceas sin. Tá bearta glactha dá bhrí sin ag AE lena chinntiú go ndéantar tionchar na ngníomhaíochtaí iascaireachta a íoslaghdú.
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
iascaigh “i mbaol”: i gcomhthéacs an achoimre seo, iascaigh ina bhfuil an daonra céiticeach faoi bhagairt faoi leith i ngeall ar ghníomhaíochtaí iascaireachta.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 ón gComhairle an 26 Aibreán 2004 ina leagtar síos bearta maidir le gabhálacha céiticeach de thaisme in iascaigh agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 88/98 (IO L 150, 30.4.2004, lgh. 12-31)
Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 812/2004 a chorprú isteach sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 a bhaineann le bunú creat Comhphobail chun sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid san earnáil iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíoch maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (IO L 60, 5.3.2008, lgh. 1-12)
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 04.10.2016