Caomhnú agus saothrú acmhainní na farraige

Leagtar síos sa Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 bonn an Chomhbheartais Iascaigh (CFP) a bhfuil mar chuspóir aige saothrú inbhuanaithe acmhainní dobharshaothraithe ar an leibhéal eacnamaíoch, ar leibhéal an chomhshaoil agus ar an leibhéal sóisialta a ráthú. Tá na bearta arna nglacadh faoi chuimsiú an Rialacháin seo bunaithe ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar thuairimí eolaíocha a bhfuil bunús maith leo. Baineann na bearta sin le caomhnú agus le cosaint stoc iasc agus éiceachóras muirí, rochtain ar uiscí agus ar acmhainní, an cabhlach, monatóireacht ar ghníomhaíochtaí, an chinnteoireacht, chomh maith le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara i ngach céim den bheartas.

ACHT

Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle an 20 Nollaig 2002 maidir le caomhnú agus saothrú inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh faoi chuimsiú an Chomhbheartais Iascaigh [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha.].

ACHOIMRE

Cuimsíonn an comhbheartas iascaigh caomhnú, bainistiú agus saothrú amhainní na farraige chomh maith le próiseáil agus margú táirgí iascaigh agus táirgí dobharshaothraithe. Déanann sé foráil do bhearta comhsheasmhacha maidir le:

Caomhnú agus inbhuanaitheacht

Glacann an tAontas Eorpach (AE) na bearta is gá chun rochtain ar limistéir iascaigh agus ar acmhainní a rialú, agus glacann sé na bearta is gá chun feidhmiú gníomhaíochtaí iascaigh inbhuanaithe a ráthú freisin. Baineann na bearta sin le gach stoc iasc nó le grúpaí stoc. Is í aidhm na mbeart an ráta básmhaireachta iasc agus na hiarmhairtí atá ag an iascaireacht ar an gcomhshaol a theorannú trí:

Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit bearta éigeandála a ghlacadh, a chuirfear i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 go 6 mhí, i gcás ina bhfuil bagairt thromchúiseach don éiceachóras nó do chaomhnú acmhainní. Baineann aon chinneadh a ghlacann Ballstát leis na huiscí a bhfuil faoina cheannasaíocht féin amháin. Lena chois sin, féadfaidh aon Bhallstát, laistigh de theorainn 12 mhuirmhíle, bearta caomhnaithe a ghlacadh ar mhodh neamh-idirdhealaitheach chun an éiceachóras a chosaint. Más amhlaidh gur soithí de chuid Bhallstáit eile atá i gceist, ní mór don Bhallstát a ghlacann na bearta dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na comhairlí comhairleacha réigiúnacha atá i dtrácht roimh ré. Féadfaidh na Ballstáit bearta caomhnaithe agus bainistithe eile a ghlacadh maidir lena gcuid soithí féin ar choinníoll go bhfuil na bearta sin i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CFP).

Oiriúnú an chumais iascaireachta

Tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a gcumas iascaireachta a oiriúnú d’fhonn cumas agus deiseanna iascaireachta a chothromú. Ó tharla go bhfuil roinnt mhór stoc in uiscí Eorpacha i mbaol díobhaidh, rinneadh cumas iascaireachta iomlán ag cabhlach an Chomhphobail a “chalcadh” ón 31 Nollaig 2002 ar aghaidh. Lena chois sin, ní féidir soitheach iascaireachta nua a chur ar an uisce sula ndéantar soitheach eile den chumas céanna (cumas a thomhaistear de réir olltonnáiste “GT” agus de réir chumhacht an innill “kW”) a tharraingt as cabhlach an Chomhphobail. Ón 1ú Eanáir 2003, ní fhéadtar cur le tonnáiste ach amháin i gcás athruithe a dhéantar do shoithí ar mhaithe le slándáil ar bord, le dálaí oibre, le sláinteachas agus le caighdeán na dtáirgí a fheabhsú.

Is cuid de phleananna bainistíochta agus atógála é an gearradh siar ar chumas riachtanach. Má tharraingítear soitheach as an gcabhlach de thairbhe fóirdheontais phoiblí (ón mBallstát agus/nó ón gComhphobal), ní cheadaítear soitheach eile a chur ina áit. Gach bliain, cuireann an Coimisiún achoimre ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le torthaí na n-iarrachtaí a rinne na Ballstáit chun cothromaíocht inbhuanaithe idir cumas agus deiseanna iascaireachta a bhaint amach. Bunaítear an achoimre sin ar thuarascálacha bliantúla na mBallstát. Lena chois sin, ullmhaíonn an Coimisiún clár de chabhlach iascaigh an Chomhphobail, lena n-áirítear na sonraí ar fad maidir le saintréithe agus le gníomhaíochtaí na soithí, sonraí atá riachtanach do chur i bhfeidhm cuí an CFP.

Rochtain ar uiscí agus ar acmhainní

Tá an rochtain chéanna ag gach soitheach den Chomhphobal ar uiscí agus ar acmhainní, ach amháin sa limistéar cósta 12 mhuirmhíle atá faoi cheannasaíocht na mBallstát (Iarscríbhinn 1). Tá rialacha ar leith i bhfeidhm i imistéar na Sealtainn (an osca Sealtainn) (Iarscríbhinn II). Gach bliain, leagann an Chomhairle síos an ghabháil iomlán is incheadaithe (TAC) agus leithdháiltear na deiseanna iascaireachta idir na Ballstáit, rud a áirithíonn go bhfuil cobhsaíocht choibhneasta ann maidir le gníomhaíochtaí iascaireachta do gach stoc nó iascach. Tá sé de cheart ina dhiaidh sin ag na Ballstáit na deiseanna iascaireachta sin a chionroinnt ar a gcuid soithí féin agus féadfaidh siad na deiseanna a bhfuil teidlíocht acu orthu cheana a mhalairt leo siúd. Ina theannta sin, is í an Chomhairle a chinneann deiseanna iascaireachta na dtríú tíortha a bhfuil rochtain acu ar uiscí an Chomhphobail.

Monatóireacht agus cur i bhfeidhm

Bunaíodh córas Eorpach um rialú ar iascach chun a áirithiú go gcloífear le rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CFP) síos tríd an líne táirgthe, is é sin ón mbád go dtí an miondíoltóir. Déantar monatóireacht amach ar an bhfarraige fós, ach leantar ar aghaidh léi freisin sna calafoirt, i rith an iompair, sna monarchana próiseála, agus sna margaí, srl. chun a fhíorú gur gabhadh na héisc go dleathach.

Tá feidhm ag an gcóras rialaithe seo maidir le gach gníomhaíocht iascaireachta in uiscí an Chomhphobail, chomh maith le gníomhaíochtaí iascaireachta ag soithí an Chomhphobail agus ag soithí de chuid náisiúnaigh an AE in uiscí an Chomhphobail agus in uiscí eachtracha. Tá feidhm ag an gcóras rialaithe freisin maidir le próiseáil agus le margú táirgí iascaireachta, agus le hiascaireacht spóirt a bhfuil iarmhairt aici ar stoic atá i mbaol agus ar an dobharshaothrú.

Cinnteoireacht agus comhairliúchán

Glacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinntí maidir leis an iascaireacht ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún. I gcásanna áirithe, glactar an cinneadh tar éis chomhaontú an Choiste Comhairleach um Iascaireacht agus um Dhobharshaothrú, de réir an nós imeachta a leagtar amach i gCinneadh 1999/468/CE a shocraíonn na rialacha maidir leis na cumhachtaí chur chun feidhme atá ag an gCoimisiún.

Tá an Coiste Comhairleach um Iascaireacht agus um Dhobharshaothrú (ACFA) arna bhunú sa bhliain 1971 de chúnamh ag an gCoimisiún. Fóram le haghaidh idirphlé bhuan leis an tionscal is ea an ACFA. Déanann a 21 ball ionadaíocht ar son príomhréimsí tionscail na hiascaireachta agus an dobharshaothraithe (táirgeadh, próiseáil agus trádáil) agus ar son na ngrúpaí agus na n-eagraíochtaí tomhaltóirí a dhéileálann le caomhnú an chomhshaoil agus leis an bhforbairt. Tá an ACFA comhdhéanta de cheithre mheitheal oibre a bhfuil de chúram orthu tuairimí a ullmhú:

Bunaíodh na Comhairlí Comhairleacha Réigiúnacha (RACanna) chun rannpháirtíocht ionadaithe na hearnála iascaigh agus ionadaithe earnálacha eile atá bainteach leis an CFP a mhéadú i réimsí ar nós caomhnú an chomhshaoil agus cosaint tomhaltóirí. Cuimsíonn na comhairlí sin limistéir farraige atá faoi dhlínse dhá Bhallstát ar a laghad. Glacann eolaithe páirt in oibrithe na Ccomhairlí Comhairleacha Réigiúnacha freisin. Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis na heolaithe sin, mar shampla maidir le cur chun feidhme agus le hullmhú pleananna bainistíochta nó atógála. Féadfaidh na heolaithe, ag gníomhú ar a gconlán féin, moltaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát agus tuairisc a chur ar fáil dóibh maidir le fadhbanna a bhaineann le cur chun feidhme an CFP.

Téitear i gcomhairle go rialta leis an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF), atá comhdhéanta de shaineolaithe eolaíocha ard-cháilithe, ar ábhair a bhaineann le caomhnú agus le bainistiú acmhainní dobharshaothraithe. Cuireann an Coimisiún tuairimí an Choiste sin san áireamh i rith dó tograí maidir le bainistíocht na hiascaireachta a ullmhú.

Soláthróidh an Coimisiún tuarascáil maidir le caomhnú agus inbhuanaitheacht, chomh maith le hoiriúnú an chumais iascaireachta, don Pharlaimint agus don Chomhairle roimh dheireadh na bliana 2012.

Tagairt

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002

1.1.2003

IO L 358 an 31.12.2002

MAOLUITHE AR AN ACHT

Maoluithe maidir le bainistiú cabhlach iascaigh atá cláraithe sna réigiúin is forimeallaí den Chomhphobal:Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 [Iris Oifigiúil L 102 an 7.4.2004].Arna leasú le:Rialachán (CE) Uimh. 1646/2006 [Iris Oifigiúil L 309 an 9.11.2006];Rialachán (CE) Uimh. 1207/2008 [Iris Oifigiúil L 327 an 5.12.2008]. Ó tharla go bhfuil tábhacht mhór ag baint leis an earnáil iascaireachta sna réigiúin sin, cuireann an Rialachán seo na dálaí struchtúracha, sóisialta agus eacnamaíocha ar leith, a bhaineann le bainistiú cabhlach iascaigh sna réigiúin sin, san áireamh.

Maoluithe a thugtar do na Ballstáit nua ar fhorálacha áirithe de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 maidir leis na leibhéil thagartha do chabhlaigh iascaigh:Rialachán (CE) Uimh. 1242/2004 [Iris Oifigiúil L 236 an 7.7.2004];Rialachán (CE) Uimh. 783/2007 [Iris Oifigiúil L 175 an 5.7.2007]. Déanann na Rialacháin seo foráil do mhaoluithe do na Ballstáit nua maidir le leibhéil thagartha an chabhlaigh agus maidir le cúnamh a thabhairt d’athsholáthar an chabhlaigh.

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (CE) Uimh. 865/2007

27.7.2007

IO L 192 an 24.7.2007

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009

23.12.2009

IO L 343 an 22.12.2009

Rialachán (CE) Uimh. 1152/2012

21.12.2012

IO L 343 an 14.12.2012

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin leanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 a chur leis an mbuntéacs.

ACHTANNA GAOLMHARA

Deiseanna iascaireachta

Rialachán (AE) Uimh. 23/2010 ón gComhairle an 14 Eanáir 2010 lena mbunaítear don bhliain 2010 na deiseanna iascaireachta maidir le stoic áirithe iasc agus grúpaí áirithe iasc, arna fheidhmiú in uiscí an AE agus, do shoithí ón AE, in uiscí ina bhfuil teorainneacha gabhála riachtanach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1359/2008, (CE) Uimh. 754/2009, (CE) Uimh. 1226/2009 agus (CE) Uimh. 1287/2009 [Iris Oifigiúil L 21 an 26.1.2010].

Rialachán (CE) Uimh. 1359/2008 ón gComhairle an 28 Samhain 2008 lena mbunaítear, do na blianta 2009 agus 2010, deiseanna iascaireachta arna oscailt do shoithí an Chomhphobail maidir le stoic áirithe iasc domhainfharraige [Iris Oifigiúil L 352 an 31.12.2008].Féach an leagan comhdhlúite (DE) (EN) (FR)

An cabhlach

Rialachán (AE) Uimh. 1013/2010 ón gCoimisiún an 10 Samhain 2010 lena mbunaítear na rialacha um chur chun feidhme do bheartas an Aontais maidir leis an gcabhlach arna shainiú i gaibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle [Iris Oifigiúil L 293 an 11.11.2010]. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gach soitheach den Chomhphobal seachas na soithí a úsáidtear don dobharshaothrú amháin agus atá cláraithe sna réigiúin forimeallacha Francacha, Spáinneacha agus Portaingéalacha. Leagtar síos ann na socruithe maidir le leibhéil thagartha i dtéarmaí olltonnáiste (GT) agus cumhachta do gach Ballstát amhail an 1ú Eanáir 2003. Leagtar síos ann freisin na coinníollacha incháilithe maidir le tonnáiste a mhéadú. Ní mór do gach Ballstát an fhaisnéis a bhaineann le cur chun feidhme an CFP nó le tarraingt as (nó ionadú) soithí de chabhlach an Aontais Eorpaigh a bhailiú. Ní mór tuairisc a thabhairt freisin ar aon nuachóiriú a dhéantar ar shoitheach a chuireann lena chumas gabhála.

Rialachán (CE) Uimh. 26/2004 ón gCoimisiún an 30 Nollaig 2003 maidir le Clár de Chabhlach Iascaigh an Chomhphobail [Iris Oifigiúil L 5 an 9.1.2004]. Leagtar síos sa Rialachán seo na mionsonraí maidir le soithí faoi bhratach Ballstáit, mionsonraí ar gá dóibh a bheith sna cláir náisiúnta a choinníonn an Ballstát sin. Leagtar síos ann freisin na hoibleagáidí atá ar Bhallstáit na mionsonraí sin a bhailiú, a bhailíochtú agus a chur ar aghaidh go dtí an Coimisiún chomh maith leis na hoibleagáidí atá ar an gCoimisiún an clár de chabhlach an Chomhphobail a bhainistiú. Sainaithnítear soithí trí mhodh uimhreach Clár Cabhlaigh an Chomhphobail (CFR) uathúil arna sannadh dóibh go buan agus nach féidir a aistriú go soitheach eile riamh.

Féach an leagan comhdhlúite (DE) (EN) (FR)

See also

Nuashonrú is déanaí: 08.02.2013