Córas na n-acmhainní dílse

Leagtar síos sa chinneadh maidir le hacmhainní dílse na bunfhorálacha chun buiséad an Aontais Eorpaigh (AE) a mhaoiniú.

ACHT

Cinneadh 2007/436/CE, Euratom ón gComhairle an 7 Meitheamh 2007 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach

ACHOIMRE

Braitheann feidhmiú an Aontais Eorpaigh (AE) ar bhuiséad comhardaithe atá maoinithe go hiomlán ag acmhainní dílse. Tá uasteorainn acmhainní dílse socraithe ag 1.23 % d’ollioncam náisiúnta (OIN) na mBallstát uile.

Tá ann do thrí chatagóir d’acmhainní dílse: acmhainní dílse traidisiúnta, acmhainn dhílis atá bunaithe ar cháin bhreisluacha (CBL) agus acmhainn dhílis atá bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN). Is foinsí ioncaim eile cánacha a íoctar ag oifigigh, fíneálacha a fhorchuirtear ar ghnólachtaí ag an Aontas agus an t-ús a ghearrtar ar íocaíochtaí déanacha.

Acmhainní dílse traidisiúnta

Is ionann acmhainní dílse traidisiúnta agus dleachtanna custaim agus na tobhaigh a ghearrtar ar tháirgeadh siúcra laistigh den Aontas. Féadfaidh Ballstáit 25 % de na suimeanna a bhailítear a choimeád trí chostais bhailiúcháin a ghearradh.

Acmhainn CBL

Gearrtar ráta aonfhoirmeach de 0.30 % ar an bhonn comhchuibhithe CBL i ngach Ballstát. Cuirtear teorainn leis an bhonn CBL de 50 % d’ollioncam náisiúnta (OIN) gach tíre. Féachtar leis an riail seo a chinntiú nach mbíonn ar na Ballstáit is boichte íoc as suim dhíréireach.

Acmhainn bunaithe ar OTI

Gearrtar céatadán aonfhoirmeach ar ollioncam náisiúnta (OIN) gach Ballstáit den AE. Baintear feidhm as seo chun an chuid de bhuiséad an AE a mhaoiniú nach gcumhdaítear le hacmhainní dílse eile agus le foinsí eile ioncaim. Féachtar anseo le hioncam agus le caiteachas a chomhardú.

Ceartúcháin ar mhaithe le Ballstáit áirithe

Bunaítear ceartúcháin ar an phrionsabal go bhfuil seans mór ann go gcuirfear ceartúchán i bhfeidhm, ag an am cuí, má bhíonn ualach iomarcach buiséadach ar Bhallstát bunaithe ar a rathúlacht choibhneasta.

Cuirtear an beart seo i bhfeidhm i láthair na huaire maidir leis na tíortha seo a leanas: an Ghearmáin, an Ísiltír, an Ostair, an Ríocht Aontaithe, agus an tSualainn.

Acmhainní dílse a bhailiú

Socraítear an modh chun acmhainní dílse a bhailiú bunaithe ar fhorálacha náisiúnta a dhéanann an Coimisiún scrúdú orthu go rialta. Cuirtear neamhréireachtaí a bhfuil tionchar airgeadais acu maidir le bailiú in iúl don Choimisiún ag na Ballstáit.

Córas acmhainní dílse an AE a athrú

I mí an Mheithimh 2011, chuir an Coimisiún dréachtchinneadh faoi bhráid na Comhairle maidir le córas acmhainní an Aontais Eorpaigh don tréimhse 2014-20. Ghlac an Chomhairle leis an chinneadh i mí na Bealtaine 2014 agus cuirfear i bhfeidhm é tar éis dó a bheith daingnithe ag na Ballstáit uile. Beidh feidhm aige go cúlghabhálach ón 1 Eanáir 2014, áfach, nuair a chuirfear i bhfeidhm é.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm - Dáta éaga

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cinneadh Uimh. 2007/436/CE, Euratom

1.1.2007

-

IO L 163, 23.6.2007, lch. 17

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le hollioncam náisiúnta ag margadhphraghsanna a chomhchuibhiú (Rialachán OIN) [Iris Oifigiúil L 181, 19.7.2003, lch. 1]

Cinneadh 97/245/CE, Euratom ón gCoimisiún an 20 Márta 1997 lena leagtar síos na socruithe maidir le haistriú eolais chuig an gCoimisiún ag na Ballstáit faoi chóras acmhainní dílse na gComhphobal [Iris Oifigiúil L 97, 12.4.1997, lch. 12]

Rialachán (LEE, Euratom) Uimh. 1553/89 ón gComhairle maidir le comhshocraíochtaí aonfhoirmeacha cinntitheacha chun acmhainní dílse a fhabhraíonn ó cháin bhreisluacha a bhailiú [Iris Oifigiúil L 155, 7.6.1989, lch. 9]

Togra le haghaidh rialacháin ón gComhairle maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun an acmhainn dhílis atá bunaithe ar cháin bhreisluacha a chur ar fáil [COM(2011) 737 final - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Féachtar leis an togra seo, ar cheart go n-aisghairfeadh sé agus go gcuirfí in ionad Rialacháin (LEE, Euratom) Uimh. 1553/89 é, an modh a shainiú a bhainfidh na Ballstáit feidhm as chun an acmhainn nua dhílis CBL a ríomh mar aon leis na nósanna imeachta maidir lena hinfhaighteacht do bhuiséad an AE.

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa - An Seachtú Tuarascáil faoi Airteagal 12 de Rialachán (LEE, Euratom) Uimh. 1553/89 maidir le bailiú CBL agus le nósanna imeachta rialaithe [COM(2014) 69 final - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

Cinneadh 2014/335/AE, Euratom ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh [Iris Oifigiúil L 168, 7.6.2014, lch. 105].

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh [Iris Oifigiúil L 168, 7.6.2014, lch. 29].

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta, CBL agus OTI-bhunaithe a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid thirim a chomhlíonadh (athmhúnlú) [Iris Oifigiúil L 168, 7.6.2014, lch. 39].

Nuashonrú is déanaí: 11.06.2014