Aitheantas frithpháirteach do bhearta promhaidh agus do smachtbhannaí malartacha

Iarrtar leis an gcinneadh réime prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha a leathnú chuig cur i bhfeidhm pianbhreitheanna neamhchoimeádta.

ACHT

Cinneadh Réime 2008/947/CGB ón gComhairle an 27 Samhain 2008 maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm ar bhreithiúnais agus ar chinntí promhaidh chun maoirseacht a dhéanamh ar bhearta promhaidh agus ar smachtbhannaí malartacha.

ACHOIMRE

Iarrtar leis an gcinneadh réime prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh do chinntí breithiúnacha a leathnú chuig cur i bhfeidhm pianbhreitheanna neamhchoimeádta.

CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH RÉIME SEO?

Leagtar síos sa chinneadh réime na rialacha atá le leanúint ag tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le breithiúnais a aithint agus le bearta promhaidh (a chumasaíonn luathscaoileadh) agus le smachtbhannaí malartacha (a fhorchuireann roghanna eile seachas an phríosúnacht) a mhaoirsiú, a eisítear ag tíortha AE eile. Iarrtar leis an gcinneadh réime:

PRÍOMHPHOINTÍ

Bearta promhaidh agus smachtbhannaí malartacha

Liostaítear sa chinneadh réime roinnt beart nach mór do thíortha AE a bheith in ann maoirseacht a dhéanamh orthu (amhail an gá atá ann tuairisciú don údarás forfheidhmithe, aon damáiste a dheisiú, áiteanna áirithe a sheachaint, teagmháil le daoine nó le hearraí a sheachaint, dul i mbun seirbhíse pobail, srl.).

Nósanna imeachta, spriocdhátaí agus bunús le diúltú

Tarchuirtear an breithiúnas (nó an cinneadh promhaidh) lena ngabhann deimhniú go díreach ó údarás inniúil na tíre eisiúna chuig an údarás inniúil sa tír fhorfheidhmithe.

60 lá tar éis glacadh leis an mbreithiúnas nó na bearta promhaidh agus an deimhniú, bíonn ar an tír fhorfheidhmithe cinneadh a dhéanamh faoi cibé an ndéanfar an breithiúnas nó na bearta promhaidh a aithint agus an ndéanfar faireachán ar an bhforfheidhmiú; liostaítear sa chinneadh réime roinnt dálaí inar féidir le tír diúltú do bhreithiúnas a aithint.

Cuirtear dlí na tíre forfheidhmithe i bhfeidhm maidir le maoirseacht agus le forfheidhmiú na mbeart promhaidh agus na smachtbhannaí malartacha.

Bíonn údarás inniúil na tíre forfheidhmithe:

I dtuarascáil arna fhoilsiú sa bhliain 2014, d’iarr an Coimisiún ar thíortha AE nach bhfuil na bearta riachtanacha déanta acu cheana féin, na bearta sin a dhéanamh gan mhoill chun an cinneadh réime seo a chur i bhfeidhm.

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN CHINNEADH RÉIME?

B’éigean an cinneadh réime a chur i bhfeidhm an 6 Nollaig 2011 nó roimhe sin.

CÚLRA

Gach bliain, déantar na deicheanna míle saoránach AE a ionchúiseamh as cionta coiriúla líomhnaithe nó ciontaítear i dtír AE eile iad. Is cloch choirnéil an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla in AE é breithiúnais a aithint go frithpháirteach.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh Réime 2008/947/CGB

16.12.2008

6.12.2011

IO L 337, 16.12.2008, lgh. 102-122

Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh Réime 2009/299/CGB

28.3.2009

28.3.2011

IO L 81, 27.3.2009, lgh. 24-36

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis na Cinntí Réime seo a chur i bhfeidhm ag na Ballstáit: Cinntí Réime 2008/909/CGB, 2008/947/CGB agus 2009/829/CGB maidir le haitheantas frithpháirteach do chinntí breithiúnacha i ndáil le pianbhreitheanna coimeádta nó bearta príosúnachta, maidir le cinntí promhaidh agus le smachtbhannaí malartacha agus maidir le bearta maoirseachta mar rogha ar athchur faoi choimeád (COM(2014) 57 final an 5 Feabhra 2014 — gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

Nuashonraithe 03.03.2015