Malartú faisnéise agus comhar i dtaca le cionta sceimhlitheoireachta

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle maidir le malartú faisnéise agus comhar a bhaineann le cionta sceimhlitheoireachta

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Tá an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta ar cheann de chuspóirí tosaíochta an Aontais Eorpaigh (AE).

Leagtar amach sa chinneadh seo nós imeachta chun faisnéis a roinnt ar imscrúduithe coiriúla, ar ionchúisimh agus ar chiontuithe i leith cionta sceimhlitheoireachta i measc Bhallstáit an AE, agus idir Ballstáit agus Europol.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann Moladh 2007/562/CE le roinnt faisnéise faoi fhuadach sceimhlitheoireachta i measc na mBallstát (féach achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá sé i bhfeidhm ón 30 Meán Fómhair 2005.

Baineann an cinneadh seo le Giobráltar freisin.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le malartú faisnéise agus comhair maidir le cionta sceimhlitheoireachta (IO L 253, 29.9.2005, lgh. 22–24).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2005/671/CGB a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) lena n–aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lgh. 53–114).

Féach an leagan comhdhlúite.

Moladh ón gComhairle an 12 Meitheamh 2007 maidir le faisnéis a roinnt ar fhuadach sceimhlitheoireachta (IO L 214, 17.8.2007, lgh. 9–12).

Nuashonraithe 18.01.2024