Comhlacht um measúnú comhréireachta san Aontas Eorpach a chreidiúnú
ACHOIMRE AR:
Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 maidir leis na ceanglais maidir le creidiúnú a bhaineann le margaíocht táirgí
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Leagtar síos leis rialacha comhchoiteanna maidir le creidiúnú comhlachtaí um measúnú comhréireachta san Aontas Eorpach (AE).
- Bunaítear leis freisin na prionsabail ghinearálta maidir le marcáil comhréireachta CE*.
PRÍOMHPHOINTÍ
Comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta
- Ní mór do Bhallstáit AE:
- eagraíocht creidiúnaithe náisiúnta aonair sheachbhrabúsach a cheapadh;
- a áirithiú go bhfuil dóthain airgid agus foirne ag an eagraíocht chun a cuid dualgas a chomhlíonadh;
- faireachán a dhéanamh ar an eagraíocht lena áirithiú go gcomhlíonann sí na ceanglais arna leagan síos;
- na sonraí ábhartha a chur in iúl don Choimisiún Eorpach, a dhréachtaíonn liosta atá ar fáil go poiblí de na heagraíochtaí náisiúnta éagsúla.
- Ní mór do na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta:
- a chinneadh an bhfuil eagraíochtaí aonair um measúnú comhréireachta* inniúil lena gcuid oibre a dhéanamh agus le faireachán a dhéanamh ar a bhfeidhmíocht;
- deimhnithe creidiúnaithe a shrianadh, a chur ar fionraí nó a aistarraingt d’eagraíochtaí um measúnú nach bhfuil ábalta a gcuid dualgas a chur i gcrích;
- bheith oibiachtúil agus neamhchlaonta le rialuithe éifeachtúla bainistíochta agus rialuithe inmheánacha iomchuí i bhfeidhm;
- aontú le meastóireacht phiara;
- comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta eile a chur ar an eolas maidir lena ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;
- faisnéis maidir lena gcuid oibre a chur ar fáil go poiblí.
- Déanann Comhar na hEorpa um Chreidiúnú bainistiú ar na meastóireachtaí piara d’fhonn caighdeán na seirbhísí a sholáthraíonn na comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta a áirithiú.
- Ní fhéadfaidh ach monaróir nó duine éigin a bhfuil sainordú aige nó aici feidhmiú thar a cheann nó thar a ceann marcáil comhréireachta CE a chur ar tháirge, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann sé na caighdeáin chomhréireachta go léir.
- Le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/1020 baintear na hairteagail i Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 inar déileáladh roimhe seo le gnéithe faireachais margaidh (féach an achoimre).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2010.
CÚLRA
- Is cuid de chóras foriomlán é creidiúnú ina n–áirítear measúnú comhréireachta agus faireachas margaidh.
- Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Marcáil comhréireachta CE. Marcáil a úsáideann monaróirí lena chur in iúl go gcloíonn an t–earra le caighdeáin um chomhréireacht dhlíthiúil AE.
Comhlacht um measúnú comhréireachta. Comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí amhail calabrú, tástáil, deimhniú agus cigireacht.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 30–47).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (IO L 91, 29.3.2019, lgh. 1–18).
Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat coiteann le haghaidh margaíocht táirgí, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 82–128).
Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lgh. 4–17).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 29.09.2023