Ionsaithe i gcoinne córas faisnéise

Féachtar le Treoir an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le Cibearchoireacht an chibearchoireacht a chomhrac agus slándáil faisnéise a chur chun cinn trí dhlíthe náisiúnta níos láidre, trí phionóis choiriúla níos tromchúisí agus trí chomhar níos mó idir na húdaráis ábhartha.

ACHT

Treoir 2013/40 an 12 Lúnasa 2013 maidir le hionsaithe i gcoinne córas faisnéise.

ACHOIMRE

Sa treoir seo leagtar síos rialacha nua maidir le coiriúlú agus le pionóis a chomhchuibhiú a bhaineann le cionta áirithe i gcoinne córas faisnéise. Áirítear leis na rialacha seo úsáid róbatlíon mar a dtugtar orthu a eisreachtú - is bogearraí mailíseacha iad seo a ceapadh chun ciansmacht a fháil ar líonra ríomhairí. Iarrtar inti chomh maith ar Bhallstáit an AE feidhm a bhaint as na pointí teagmhála céanna is a bhaineann Comhairle na hEorpa agus an grúpa G8 feidhm astu chun freagairt go tapa do bhagairtí ina bhaintear feidhm as ardteicneolaíocht.

Cumhdaítear go príomha sa treoir seo cionta coiriúla a bhaineann le hionsaithe i gcoinne córas faisnéise, idir ionsaithe diúltaithe seirbhíse a ceapadh chun freastalaí a thuairteáil agus idircheapadh sonraí agus ionsaithe róbatlíon.

Ní mór cibearchoireacht a chomhrac go héifeachtach, ní amháin i mBallstát áirithe ach trasna na mBallstát go léir. Éilítear na nithe seo a leanas chun na críche seo:

Chuige seo, éilítear faoin treoir reatha córais dlí choiriúil a chomhfhogasú idir Bhallstáit an AE agus comhar idir údaráis bhreithiúnacha a fheabhsú maidir leis na nithe seo a leanas:

I ngach cás, ní mór go dtabharfaí faoin ghníomh coiriúil d’aon ghnó.

Féadfar pionós a chur ar dhuine chomh maith maidir le ceann ar bith de na cionta thuasa thionscnamh, nó do chabhrú nó do neartú le cion a dhéanamh nó má iarrann an duine ceann ar bith de na cionta thuas a dhéanamh.

Beidh ar na Ballstáit socrú a dhéanamh le pionóis choiriúlaéifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur ar dhaoine i ndáil le cionta dá leithéid.

Nuair a dhéantar coir i gcomhthéacs eagraíochta coiriúla de réir bhrí na treorach seo, lena mbaineann mórchaillteanas nó a chuireann isteach ar leasanna bunúsacha, measfar gur imthoisc ghéaraitheach é seo. Déanfar amhlaidh má dhéantar coir agus leas a bhaint as aitheantas duine éigin eile, rud a dhéanann dochar don duine sin.

Leagtar amach faoin treoir chomh maith dliteanas“daoine dlítheanacha” mar aon leis na smachtbhannaí a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm má thaispeántar go bhfuil na daoine sin faoi dhliteanas.

Glacfaidh gach Ballstát den AE údarás, ar a laghad, do na cionta a dhéantar ina críoch nó ag ceann dá náisiúnaigh lasmuigh dá críoch. Sa chás go bhfuil údarás ag Ballstáit éagsúla ar an chion céanna, ní mór do na Ballstáit sin comhoibriú lena chéile chun tír amháin a roghnú le himeachtaí a thabhairt i gcoinne an duine a bhfuil freagracht air maidir leis an chion.

Comhar feabhsaithe

Chun cibearchoireacht a chomhrac níos fearr, iarrtar sa treoir ar chomhar idirnáisiúnta níos mó idir údaráis bhreithiúnacha agus údaráis um fhorfheidhmiú dlí.

Chuige sin, ní mór do Bhallstáit an AE:

Leis an treoir seo, cuirtear le agus glactar ionad Chinneadh Réime 2005/222/CGB ó Chomhairle an AE maidir le hionsaithe i gcoinne córas faisnéise. Cuirtear chomh maith leis an Choinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht 2001 de chuid Chomhairle na hEorpa, a bhaintear feidhm as mar shamhail i gcomhair reachtaíochta náisiúnta agus réigiúnaí maidir le cibearchoireacht agus lena gcruthaítear bonn coiteann i gcomhair comhair laistigh den AE agus lasmuigh de.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2013/40 an AE

3.9.2013

4.9.2015

IO L 218, 14.8.2013, lch. 8

ACHTANNA GAOLMHARA

Cinneadh Réime 2005/222/CGB na Comhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le hionsaithe i gcoinne córas faisnéise.

An Coinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht de chuid Chomhairle na hEorpa

Nuashonraithe 02.04.2014