Cead cónaithe d’íospartaigh gháinneála ar dhaoine

Féadfar ceadanna cónaithe sealadacha a eisiúint do náisiúnaigh nach saoránaigh den Aontas Eorpach (AE) iad atá ina n-íospartaigh gháinneála ar dhaoine nó a bhfuil beart neamhdhlíthiúil inimirce déanta ina leith (go roghnach). Táthar ag súil leis go dtabharfaidh sé seo spreagadh dóibh comhoibriú leis na húdaráis inniúla le linn do chosaint leordhóthanach a bheith á cur ar fáil dóibh.

ACHT

Treoir 2004/81/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an gcead cónaithe a eisítear do náisiúnaigh tríú tír ar íospartaigh gháinneála ar dhaoine iad nó a rinneadh beart ina leith chun inimirce neamhdhlíthiúil a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla.

ACHOIMRE

Féadfar ceadanna cónaithe sealadacha a eisiúint do náisiúnaigh nach saoránaigh den Aontas Eorpach (AE) iad atá ina n-íospartaigh gháinneála ar dhaoine nó a bhfuil beart neamhdhlíthiúil inimirce déanta ina leith (go roghnach). Táthar ag súil leis go dtabharfaidh sé seo spreagadh dóibh comhoibriú leis na húdaráis inniúla le linn do chosaint leordhóthanach a bheith á cur ar fáil dóibh.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Leagtar amach sa treoir an nós imeachta maidir le cead cónaithe a eisiúint agus a athnuachan, na coinníollacha le haghaidh neamh-athnuachana mar aon leis an gcaoi ar cheart déileáil le híospartaigh roimh agus i ndiaidh cead a thabhairt dóibh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuirtear an treoir i bhfeidhm maidir le náisiúnaigh neamh-AE cibé an bhfuil nó nach bhfuil siad tar éis teacht isteacha bheith bainteach le leanaí faoi na coinníollacha in AE go neamhdhlíthiúila bheith bainteach le leanaí faoi na coinníollacha. Is féidir leo siúd atá i lán-aois sa tír AE faoi seach ceadanna a fháil, agus féadfaidh na ceadanna sina bheith bainteach le leanaí faoi na coinníollacha atá leagtha amach i ndlíthe náisiúnta.

Ní mór na daoine lena mbaineann a chur ar an eolas faoi na roghanna a chuirtear ar fáil faoin treoir seo ag údaráis inniúla na tíre AE ábhartha. Bíonn tréimhse mhachnaimh ag náisiúnaigh neamh-AE chun teacht chucu féin agus chun éalú ó thionchar dhéantóir na coire. Cuireann sé seo ar a gcumas cinneadh eolasach a dhéanamh faoi cibé an gcomhoibreoidh siad leis na húdaráis imscrúdaithe. Le linn na tréimhse sin:

Tá na húdaráis inniúla freagrach as measúnú a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

Nuair a chomhlíontar na trí choinníoll thuas, eisítear cead cónaithe sealadach in-athnuaite a bheidh bailí ar feadh 6 mhí ar a laghad. Féadfar an cead cónaithe a athnuachan má leantar de na coinníollacha ábhartha a shásamh. Bíonn cead ag an duine a bhfuil cead cónaithe aige nó aici rochtain a dhéanamh ar an margadh saothair, ar ghairmoiliúint agus ar ghairmoideachas, faoi choinníollacha áirithe atá leagtha amach sa reachtaíocht náisiúnta.

Ní ceadmhach an cead cónaithe a athnuachan más rud é nach bhfuil coinníollacha na treorach seo á gcomhlíonadh a thuilleadh nó gur cuireadh deireadh leis na himeachtaí ábhartha. Féadfar an cead a aistarraingt ar chúiseanna éagsúla, mar shampla má théann an t-íospartach i dteagmháil arís leo siúd a mheastar go bhfuil na cionta déanta acu, má stopann an t-íospartach de bheith ag comhoibriú nó má chuirtear deireadh leis na himeachtaí.

Tá an ceart ag tíortha AE forálacha níos fabhraí a ghlacadh nó a chaomhnú le haghaidh na ndaoine a chuimsítear sa treoir.

Cé gur gá feabhas a chur go fóill ar bhailiú sonraí faoi ghnéithe éagsúla na treorach, fuarthas in dhá thuarascáil ón gCoimisiún maidir le feidhmiú na treorach ó 2010 agus ó 2014 go mb’fhéidir nach bhfuil leas iomlán á bhaint ag na tíortha as an rogha ceadanna a eisiúint mar chúiteamh ar chomhar leis na húdaráis.

CÚLRA

Ní mór an treoir seo a léamh i gcomhar le Treoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus maidir leis na híospartaigh a chosaint. Cuirtear creat dlíthiúil ingearach ar fáil faoin treoir seo le haghaidh saoránach AE agus saoránach neamh-AE araon agus daingnítear inti an chuid is mó d’fhorálacha na Treorach 2004/81/CE ón gComhairle, lena n-áirítear an creat um chosaint agus um chúnamh do leanaí.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2004/81/CE ón gComhairle

6.8.2004

5.8.2006

IO L 261, 6.8.2004, lgh. 19-23

ACHTANNA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le feidhmiú na Treorach 2004/81 maidir leis an gcead cónaithe a eisítear do náisiúnaigh tríú tír ar íospartaigh gháinneála ar dhaoine iad nó a rinneadh beart ina leith chun inimirce neamhdhlíthiúil a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla (COM(2010) 493 final, 15.10.2010).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le cur i bhfeidhm na Treorach 2004/81 maidir leis an gcead cónaithe a eisítear do náisiúnaigh tríú tír ar íospartaigh gháinneála ar dhaoine iad nó a rinneadh beart ina leith chun inimirce neamhdhlíthiúil a éascú, a chomhoibríonn leis na húdaráis inniúla (COM(2014) 635 final,17.10.2014).

Nuashonraithe 02.04.2015