Féachtar léi:
Cuimsítear sa treoir seo gach ábhar sibhialta, lena n-áirítear:
Tugtar an ceart chun cúnamh dlíthiúil léi do dhaoine nach acmhainn dóibh ionadaíocht dhlíthiúil. Is le haghaidh saoránaigh AE agus náisiúnaigh tríú tír ó thíortha neamh-AE atá ina gcónaí in AE é.
Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa chúnamh dlíthiúil:
In theannta sin, tugtar rialacha isteach leis an treoir maidir le hiarratais a phróiseáil.
Foirmeacha iarratais chaighdeánacha
Ní mór do thíortha AE a áirithiú go bhfuil an pobal agus dreamanna gairmiúla ar an eolas tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach.
Féadfaidh tíortha AE socruithe níos flaithiúla a dhéanamh le haghaidh iarratasóirí ar chúnamh dlíthiúil más mian leo.
Tá sí í bhfeidhm ón 31 Eanáir 2003. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 30 Samhain 2004. Níl feidhm ag an treoir sa Danmhairg.
Treoir 2003/8/CE ón gComhairle an 27 Eanáir 2003 maidir le rochtain ar an gceartas i ndíospóidí trasteorann a fheabhsú trí rialacha coiteanna íosta a bhunú a bhaineann le cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil do dhíospóidí den sórt sin (IO L 26, 31.1.2003, lgh. 41-47)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2003/8/CE a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Cinneadh 2004/844/CE ón gComhairle an 9 Samhain 2004 lena mbunaítear foirm le haghaidh iarratais ar chúnamh dlíthiúil faoi Chinneadh 2003/8/CE ón gComhairle maidir le rochtain ar an gceartas i ndíospóidí trasteorann a fheabhsú trí rialacha coiteanna íosta a bhunú a bhaineann le cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil do dhíospóidí den sórt sin (IO L 365, 10.12.2004, lgh. 27-34)
Cinneadh 2005/630/CE ón gComhairle an 26 Lúnasa 2005 lena mbunaítear foirm chun iarratais ar chúnamh dlíthiúil a tharchur faoi Chinneadh 2003/8/CE ón gComhairle (IO L 225, 31.8.2005, lgh. 23-27)
Nuashonraithe 12.12.2016