Cóir chomhionann gan spleáchas ar bhunús cine ná ar bhunús eitneach
ACHOIMRE AR:
CAD É IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
PRÍOMHPHOINTÍ
Maoluithe ón bprionsabal um chóir chomhionann
Leigheasanna agus forfheidhmiú
Ní chaithfidh íospartach an idirdhealaithe ach toimhde idirdhealaithe a bhunú agus beidh sé faoin bhfreagróir ansin a chruthú nár tharla idirdhealú ar bith.
Idirphlé sóisialta agus idirphlé sibhialta
Comhlachtaí do chur chun cinn an phrionsabail
Ní mór do gach tír AE comhlacht amháin ar a laghad a bhunú a bheidh tiomanta don idirdhealú a chomhrac, a bheidh freagrach, go háirithe, as cuidiú le híospartaigh agus as staidéir neamhspleácha a dhéanamh.
Moladh ón gComhairle
In 2013, ghlac an Chomhairle moladh inar iarradh bearta a dhéanamh i roinnt réimsí, lena n-áirítear frith-idirdhealú, chun imeascadh na Romach a neartú. Baintear leas sa mholadh as Treoir 2000/43/CE agus cuirtear béim ann ar an tábhacht a bhaineann lena forfheidhmiú praiticiúil.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 19 Iúil 2000. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 19 Iúil 2003
CÚLRA
I gConradh Liospóin (Airteagal 19) den Chonradh ar Fheidhmiú AE) cuirtear bonn dlíthiúil ar fáil do AE maidir le gach cineál idirdhealaithe bunaithe ar inscne, ar bhunús cine nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar ghnéaschlaonadh.
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Idirdhealú díreach: sa chás go gcaitear le duine amháin ar bhealach nach lú fabhar ná mar a caitheadh nó ná mar a chaití le duine eile i gcás comhchosúil ar bhunús cine nó eitneach.
Idirdhealú indíreach: sa chás go gcuirfí daoine de bhunús cine nó eitneach faoi mhíbhuntáiste faoi leith i gcomparáid le daoine eile faoi riail, faoi chritéar nó faoi chleachtas atá neodrach de réir dealraimh, mura bhfuil údar maith oibiachtúil leis an riail, leis an gcritéar nó leis an gcleachtas sin le haidhm dhlisteanach, agus go bhfuil an modh chun an aidhm sin a bhaint amach cuí agus riachtanach.
Ciapadh: sa chás go dtarlaíonn iompar neamh-inmhianaithe a bhaineann le bunús cine nó eitneach arb í an aidhm nó an éifeacht leis dínit duine a shárú, agus timpeallacht bhagrach, naimhdeach, mhaslach, náireach nó ghránna a chruthú.
Íospairt: caitheamh éagórach nó mailíseach duine a dhéanann gearán faoi idirdhealú nó a chuidíonn le duine eile i ngearán faoi idirdhealú.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme an phrionsabail um chóir chomhionann idir daoine gan spleáchas ar a mbunús cine ná a mbunús eitneach (IO L 180, 19.7.2000, lgh. 22-26)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Cur i bhfeidhm Threoir 2000/43/CE an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme an phrionsabail um chóir chomhionann idir daoine gan spleáchas ar a mbunús cine ná a mbunús eitneach (COIM(2006) 643 leagan deireanach, 30.10.2006)
Moladh ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha imeasctha do Romaigh sna Ballstáit (IO C 378, 24.12.2013, lgh. 1-7)
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Tuarascáil Chomhpháirteach maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme an prionsabal um chóir chomhionann idir daoine gan spleáchas ar a mbunús cine ná a mbunús eitneach (“an Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha”) agus Threoir 2000/78/CE an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta ar son na córa comhionainne maidir leis an bhfostaíocht agus leis an saothar (COM(2014) 2 final, 17.1.2014)
Nuashonraithe 23.02.2017