Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB maidir le córas Eorpach um chartlannú íomhánna a bhunú
Bunaítear léi córas um chartlannú íomhánna idirlíon-bhunaithe de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) ar a dtugtar FADO (Doiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne). Leis sin is féidir íomhánna de dhoiciméid dhílse, de dhoiciméid bhréige agus de dhoiciméid bhrionnaithe a chomhroinnt go tapa idir tíortha AE, chun cuidiú le calaois doiciméad agus calaois chéannachta a chomhrac.
Aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CBG agus le Rialachán (AE) 2020/493 (féach an achoimre)agus tiocfaidh an Rialachán sin ina hionad i gceann cúpla bliain, cé gur aistríodh an fhaisnéis atá ann chuig an gcóras nua FADO a chuirfidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta ar bun.
Aisghairm
Aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CBG le Rialachán (AE) 2020/493.
Tá sé i bhfeidhm ón 10 Nollaig 1998.
Ní mór comhroinnt faisnéise thapa agus éifeachtach i measc na n–uirlisí a theastaíonn chun dul i ngleic le calaois doiciméad agus calaois chéannachta atá mar thoradh ar an líon níos airde doiciméad dílse agus bréige taistil, céannachta agus doiciméad tacaíochta eile, amhail pasanna, ceadanna cónaithe agus víosaí, mar aon leis na teicnicí brionnaithe atá ag éirí níos sofaisticiúla.
Chun tuileadh faisnéise a fháil, féach:
Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/JHA an 3 Nollaig 1998 arna glacadh ag an gComhairle ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le Córas Eorpach um Chartlannú Íomhánna (FADO) a bhunú (IO L 333, 9.12.1998, lgh. 4-7)
Cinneadh 2014/858/AE ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2014 maidir le fógra a fháil ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann gur mian léi páirt a ghlacadh i ngníomhartha an Aontais i réimse an chomhair phóilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla arna nglacadh roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus nach cuid de Schengen acquis iad (IO L 345, 1.12.2014, lgh. 6-9)
Cinneadh 2000/261/CGB ón gComhairle an 27 Márta 2000 maidir le feabhas malartú faisnéise i dtaca le doiciméid taistil góchumtha (IO L 81, 1.4.2000, lgh. 1-3)
Nuashonraithe 20.05.2020
(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus rinneadh tríú tír (tír neamh–AE) di ón 1 Feabhra 2020.