Leagtar amach ann formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe, agus an fhaisnéis nach mór a bheith iontu, do náisiúnaigh neamh–AE atá ina gcónaí go dlíthiúil in AE.
Le Rialachán (CE) Uimh. 380/2008 leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 maidir le comhtháthú na n–aitheantóirí bithmhéadracha* san fhormáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe.
Toisc go bhfuil an fhormáid reatha le haghaidh ceadanna cónaithe á húsáid ar feadh os cionn 20 bliain, glacadh Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1954.
Tugtar isteach leis teimpléad aonfhoirmeach úr le haghaidh ceadanna ar a bhfuil gnéithe slándála úra chun brionnú a chosc. Cuirtear na híomhánna agus sonraíochtaí an téacs atá cuimsithe san iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1954 in ionad na gceann atá i rialachán bunaidh 2002. Beidh idirthréimhse 6 mhí ag tíortha AE chun stoic na gceadanna cónaithe atá ann a úsáid.
Tá feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón 15 Meitheamh 2002.
Beidh Rialachán leasaitheach (AE) 2017/1954 i bhfeidhm tráth nach déanaí ná 15 mhí i ndiaidh don Choimisiún Eorpach sonraíochtaí teicniúla úra a ghlacadh i gcomhair ceadanna cónaithe.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíre (IO L 157, 15.6.2002, lgh. 1-7)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Cinneadh (AE) 2020/1730 ón gCoimisiún an 18 Samhain 2020 lena ndearbhaítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2017/1954 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach i gcomhair ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíre (IO L 387, 19.11.2020, lch. 22)
Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lgh. 39-58)
Nuashonraithe 27.11.2020