Cianmhargú seirbhísí airgeadais: cosaint tomhaltóirí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2002/65/CE maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Bunaítear léi rialacha comhchoiteanna maidir le margú seirbhísí airgeadais ag soláthraithe do thomhaltóirí san Aontas Eorpach (AE), chun cosaint tomhaltóirí a fheabhsú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Cumhdaítear leis an treoir na seirbhísí airgeadais uile, lena n-áirítear cártaí creidmheasa, cistí infheistíochta, árachas agus pleananna pinsin phearsanta, ar féidir iad a dhíol le tomhaltóirí trí bhealaí ciandíola amhail teileafón, facs agus an t-idirlíon.

Áirithítear sa treoir go mbeidh cosaint ar fáil don tomhaltóir, lena n-áirítear:

Leis an treoir maidir le cearta tomhaltóirí — Treoir 2011/83/CE (féach an achoimre) — rialaítear ciandíol gach earra agus seirbhísí neamhairgeadais eile le tomhaltóirí, a chuirtear in ionad Threoir 97/7/CE.

Athbhreithniú ar an treoir

Cuireadh an t-athbhreithniú ar an treoir san áireamh i gclár oibre an Choimisiúin do 2020 (Iarscríbhinn II — Tionscnaimh REFIT, “Ugach nua do Dhaonlathas na hEorpa”). Foilsíodh meastóireacht ar an treoir in 2020 freisin.

Aisghairm

Déanfar Treoir 2002/65/CE a aisghairm le Treoir (AE) 2023/2673 ón 19 Meitheamh 2026.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 09 Deireadh Fómhair 2002 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 09 Deireadh Fómhair 2004.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí agus lena leasaítear Treoir 90/619/CEE agus Treoir 97/7/CE agus Treoir 98/27/CE ón gComhairle (IO L 271, 9.10.2002, lgh. 16–24).

Tá leasuithe leanúnacha ar Threoir 2002/65/CE ionchorpraithe sa bhuntéacs. Úsáidtear an leagan comhdhlúite seo chun críocha tagartha amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lgh. 64–88).

Féach an leagan comhdhlúite.

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa — Athbhreithniú ar an Treoir maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí (2002/65/CE) (COM(2009) 626 final an 20.11.2009).

Nuashonraithe 08.12.2023