Taisteal láneagraithe (go dtí 2018)
ACHOIMRE AR:
Treoir 90/314/CEE maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
-
Cruthaítear léi íoschaighdeáin aonfhoirmeacha a bhfuil feidhm acu maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe san Aontas Eorpach (AE).
-
Dá bhrí sin, cuirtear ar chumas tomhaltóirí leis an treoir na seirbhísí sin a bhfuil ráthaíochtaí uasta leo a cheannach laistigh de mhargadh inmheánach AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
Is éard is taisteal láneagraithe ann comhcheangal dhá chineál éagsúla ar a laghad de sheirbhísí taistil (iompar, cóiríocht nó seirbhísí eile do thurasóirí) a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas:
-
ní mór go gcumhdófar leis tréimhse níos mó ná 24 uair an chloig nó cóiríocht thar oíche; agus
-
ní mór é a dhíol ar phraghas cuimsitheach.
Faisnéis do thomhaltóirí
-
I mbróisiúr ar bith a chuirfear ar fáil don tomhaltóir, ní mór an méid seo a leanas a léiriú go soiléir agus go cruinn:
-
an praghas;
-
an ceann scríbe, an cúrsa taistil agus an modh iompair a úsáidfear;
-
an cineál cóiríochta;
-
plean na mbéilí;
-
ceanglais maidir le pasanna agus víosa;
-
na foirmiúlachtaí sláinte;
-
an t-amchlár le haghaidh íocaíochta;
-
an spriocdháta chun an tomhaltóir a chur ar an eolas i gcás cealaithe.
-
Tá an fhaisnéis a chuimsítear sa bhróisiúr ceangailteach ar an eagraí. Má dhéantar athruithe ar an bhfaisnéis sin, ní mór é sin a chur in iúl do thomhaltóirí go soiléir ionas gur féidir leo aontú leo.
-
Sula gcuirfear an conradh i gcrích, ní mór don eagraí faisnéis áirithe a chur ar fáil, i scríbhinn, maidir le pasanna, víosaí (na tréimhsí lena bhfáil) agus foirmiúlachtaí sláinte.
-
Sula gcuirfear tús leis an turas, ní mór don eagraí an méid seo a leanas a chur ar fáil i scríbhinn:
-
amanna agus áiteanna na stadanna idirthréimhseacha agus na nasc iompair, chomh maith le sonraí faoin gcóiríocht;
-
ainm, seoladh agus uimhir ghutháin ionadaí áitiúil an eagraí nó, ina éagmais sin, uimhir ghutháin éigeandála;
-
sonraí breise áirithe i gcás turas ina mbíonn páistí i gceist;
-
faisnéis ar chonarthaí roghnacha faoina gcumhdaítear árachas nó cúnamh.
Athruithe ar an gconradh
-
Féadfaidh an tomhaltóir a áirithint nó a háirithint a aistriú chuig duine eile a chomhlíonann na coinníollacha uile a cheanglaítear faoin taisteal láneagraithe, agus é sin a chur in iúl don eagraí nó don mhiondíoltóir laistigh d’am réasúnta roimh an imeacht. Beidh an buntomhaltóir faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach i leith íocaíocht an mhéid atá dlite, agus costais bhreise ar bith eile a d’fhéadfadh bheith i gceist, leis an duine a ghlac an áirithint aistrithe.
-
Ní fhéadfar na praghsanna atá sonraithe sa chonradh a athrú mura bhfuil socrú sainráite sa chonradh gur féidir é sin a dhéanamh. I gcás dá leithéid, ní bhaineann le hábhar ach athruithe ar chostais iompair, ar dhleachtanna, ar chánacha nó ar tháillí inmhuirir agus ar ráta malairte.
-
Má dhéanann an t-eagraí athrú suntasach ar an gconradh, féadfaidh an tomhaltóir aistarraingt ón gconradh gan phionós; nó aontú leis na hathruithe trí aguisín (i.e. clásal breise) leis an gconradh a ghlacadh.
Cealú nó mainneachtain an conradh a chomhlíonadh
-
Mura n-aontaíonn an tomhaltóir le hathruithe an eagraí agus má aistarraingíonn sé nó sí ón gconradh, nó má chuireann an t-eagraí an taisteal láneagraithe ar ceal, tá an ceart ag an tomhaltóir taisteal láneagraithe eile a ghlacadh (i gcás go dtairgtear é sin) nó go n-aisíocfaí na suimeanna a íocadh leis nó léi. Nuair is cuí, tá an tomhaltóir i dteideal cúiteamh a fháil i leith neamhchomhlíonadh an chonartha.
-
Tá an t-eagraí freagrach go bunúsach as mainneachtain an chonradh a chomhlíonadh nó comhlíonadh mícheart an chonartha, ach amháin má tá an locht ar an tomhaltóir nó ar chúiseanna force majeure*.
Rialacha úra ó mí Iúil 2018 ar aghaidh
Déanfar Treoir 90/314/CEE a aisghairm le Treoir (AE) 2015/2302 agus cuirfear an treoir sin ina hionad ón 1 Iúil 2018. Leis an treoir úr, méadófar an chosaint thar na saoirí láneagraithe traidisiúnta arna n-eagrú ag oibreoirí turas. Tabharfar cosaint leis an treoir úr do thomhaltóirí a chuirfidh cineálacha eile taistil chomhcheangailte in áirithe, e.g. comhcheangal eitilte agus óstáin nó carrchíosa a chuirfear le chéile ar shuíomh gréasáin.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá sí i bhfeidhm ón 18 Meitheamh 1990. Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 1992
CÚLRA
Tuilleadh faisnéise:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Force majeure: cás nach féidir a thuar nó, má thuartar é, tá sé róláidir lena chur faoi smacht, i.e. ní féidir é a sheachaint trí chúram ceart a fheidhmiú, amhail tubaiste nádúrtha.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 90/314/CEE ón gComhairle an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe (IO L 158, 23.6.1990, lgh. 59–64)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnó le tomhaltóir sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoir 98/27/CE agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha”) (IO L 149, 11.6.2005, lgh. 22-39)
Treoir (AE) Uimh. 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil bainteacha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lgh. 1-33)
Nuashonraithe 27.03.2017