Táirgí lochtacha: dliteanas

ACHOIMRE AR:

Treoir 85/374/CEE — dliteanas táirgí

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TREOIR?

Bunaítear inti prionsabal an dliteanais saor ó locht is infheidhme do tháirgeoirí Eorpacha. Sa chás go ndéantar damáiste do thomhaltóir i ngeall ar tháirge* lochtach, d’fhéadfadh an táirgeoir a bheith faoi dhliteanas fiú gan faillí nó gan locht ar a dtaobhsan.

PRÍOMHPHOINTÍ

Damáiste atá cumhdaithe

Tá feidhm ag an treoir maidir le damáiste:

a mbíonn bás nó díobhálacha pearsanta mar thoradh air;

a tharlaíonn do mhaoin phríobháideach.

Féadfaidh tíortha AE teorainn a shocrú maidir le dliteanas iomlán táirgeora i gcás báis nó díobhála pearsanta a tharlaíonn de bharr míreanna comhchosúla ar a bhfuil an locht céanna.

Dliteanas

D’fhéadfadh na bríonna seo a leanas a bheith le táirgeoir:

táirgeoir amhábhair, monaróir críochtháirge nó comhpháirte;

allmhaireoir an táirge;

duine ar bith a chuireann a n-ainm, a dtrádmharc nó gné shainiúil ar bith eile ar an táirge;

duine ar bith a sholáthraíonn táirge nach féidir a tháirgeoir nó a allmhaireoir a aithint.

Sa chás go bhfuil beirt nó níos mó faoi dhliteanas as an damáiste céanna, beidh siad faoi dhliteanas i gcomhpháirt.

Cruthúnas ar dhamáiste

Tá táirge lochtach sa chás nach soláthraíonn sé an tsábháilteacht atá daoine i dteideal a bheith ag súil léi, ag cur san áireamh na gcúinsí ar fad, lena n-áirítear:

cur i láthair an táirge;

úsáid réasúnta an táirge;

an t-am ar cuireadh an táirge ar an margadh.

Tá an dualgas cruthúnais ar an duinegortaithe . Ní mór díobh an méid seo a leanas a chruthú:

damáiste iarbhír;

locht sa táirge;

cúisíocht idir an damáiste agus an locht.

Ní chaithfidh sé faillí nó locht an táirgeora nó an allmhaireora a chruthú, áfach.

Díolúine ó dhliteanas

Is féidir táirgeoir a dhíolmhú ó dhliteanas le roinnt fachtóirí, lena n-áirítear:

mura chuir siad an táirge i gcúrsaíocht;

má tharla an locht i ndiaidh an táirge a chur i gcúrsaíocht;

mura ndearna siad an táirge lena dhíol nó lena dháileadh le brabús a dhéanamh;

mura ndearna siad nó dháil siad an táirge lena dhíol le brabús a dhéanamh chun críche ar bith laistigh de ghnáth-idirbhearta nó de ghnáthchleachtais a ngnó;

tharla an locht i ngeall ar chomhlíonadh an táirge maidir le rialacháin éigeantacha arna n-eisiúint ag údaráis phoiblí;

tharla locht ar chomhpháirt nuair a bhí an críochtháirge á dhéanamh.

Sa chás go bhfuil an locht ar an duine gortaithe, d’fhéadfaí dliteanas an táirgeora a laghdú.

Éag an dliteanais

3 bliana ag an duine gortaithe chun cúiteamh a iarraidh. Tosaíonn an tréimhse seo ón dáta ar tháinig an duine chun fios a bheith aige i dtaobh an damáiste, an lochta agus aitheantas an táirgeora.

Ní bheidh an táirgeoir faoi dhliteanas a thuilleadh 10 mbliana i ndiaidh an dáta ar cuireadh an táirge ar an margadh.

Ní cheadaítear faoi chlásal conarthach ar bith don táirgeoir a dhliteanas i ndáil leis an duine gortaithe a theorannú.

Tá feidhm fós ag dlíthe náisiúnta maidir le dliteanas sibhialta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tháinig sí i bhfeidhm an 30 Iúil 1985. Bhí sé le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 30 Iúil 1988

CÚLRA

Dliteanas as táirgí lochtacha

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Táirge: gach ábhar sochorraithe, fiú má chorpraítear iad in ábhar sochorraithe eile nó in ábhar dochorraithe. Áirítear air leictreachas, táirgí príomhúla talmhaíochta (táirgí ithreach, táirgí stoc-fheirmeoireachta agus táirgí iascaigh, gan táirgí ar a ndearnadh an phróiseáil tosaigh san áireamh — e.g. torthaí agus glasraí a ghearradh, a scamhadh agus a reo) agus géim.

GNÍOMH

Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an25 Iúil 1985 maidir le comhchuibhiú na ndlíthe, na rialachán agus na bhforálacha riaracháin de chuid na mBallstát a bhaineann le dliteanas as táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lgh. 29-33)

Nuashonraithe 19.01.2016