Rialacha AE maidir le cáin ar alcól
ACHOIMRE AR:
Treoir 92/83/CEE — struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú
Treoir (AE) 2020/1151 lena leasaítear Treoir 92/83/CEE
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
Leagtar amach i dTreoir 92/83/CEE na rialacha AE le haghaidh:
- na dleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha;
- na catagóirí alcóil agus deochanna alcólacha atá faoi réir dleachtanna máil; agus
- an bunús lena ríomhtar an dleacht.
Glacadh Treoir leasaitheach (AE) 2020/1151:
- d’fhonn roinnt de na rialacha i dTreoir 92/83/CEE a nuashonrú agus a shoiléiriú - rialacha ónar tháinig nósanna imeachta riaracháin a bhí róthrom do riaracháin chánach agus do ghnólachtaí araon, gan gá ar bith leis;
- d’fhonn na rialacha a nuashonrú lena gceadaítear do thíortha AE rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí alcólacha áirithe;
- d’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na gcoinníollacha maidir le socrú na dleachta máil ar bheoir a áirithiú, nach foláir coinníollacha a leagan síos do thomhas na gcéimeanna Plato* ina leith agus d’fhonn aistriú réidh chuig modheolaíocht chomhchuibhithe dá thomhas a áirithiú.
PRÍOMHPHOINTÍ
Beoir
De réir Threoir 92/83/CE
- Bunaítear an dleacht mháil a ghearrtar ar bheoir ar líon na heictilítear/gcéimeanna Plato nó ar líon na heictilítear/gcéimeanna alcóil de réir thoirt an táirge críochnaithe.
- Féadfaidh tíortha AE beoracha a roinnt ina gcatagóirí lena mbaineann líon nach mó ná 4 chéim Plato, agus féadfaidh siad an ráta dleachta céanna in aghaidh an heictilítir a ghearradh ar gach beoir i ngach catagóir.
- Féadfar rátaí laghdaithe dleachta máil a ghearradh ar bheoir a ghrúdaítear i ngrúdlanna beaga neamhspleácha, ar an gcoinníoll go bhfuil an méid seo a leanas amhlaidh maidir leis na rátaí sin:
- ní chuirtear i bhfeidhm iad maidir le grúdairí a tháirgeann breis is 200,000 hl beorach sa bhliain;
- níl siad níos mó ná 50 % faoi bhun ráta caighdeánach náisiúnta na dleachta máil.
- Ní mór go gcuirfí rátaí laghdaithe i bhfeidhm go cothrom ar bheoir arna seachadadh chun na tíre sin ó ghrúdlanna beaga atá lonnaithe i dtíortha eile AE.
- Féadfar rátaí laghdaithe, a d’fhéadfadh a bheith faoi bhun an íosráta, a chur i bhfeidhm maidir le beoracha níos laige, i.e. na cinn úd a bhfuil neart uasta alcóil 2.8 % acu de réir toirte (a mhéadófar chuig 3.5% de réir toirte ón 1 Eanáir 2022, le Treoir leasaitheach (AE) 2020/1151).
I gcás na beorach milsithe nó blaistithe, leagtar síos i dTreoir leasaitheach (AE) 2020/1151 cur chuige comhchuibhithe do thomhas na gcéimeanna Plato. Déantar amhlaidh chun a áirithiú go dtugtar san áireamh comhábhair na beorach a chuirtear léi tar éis a coipthe d’fhonn na céimeanna Plato a thomhas. Ceadaítear leis an treoir leasaitheach do thíortha AE nach raibh comhábhair na beorach a cuireadh léi tar éis a coipthe curtha san áireamh acu an 29 Iúil 2020 chun céimeanna Plata a thomhas, chun leanúint ar aghaidh ag úsáid na modheolaíochta a chuirtear i bhfeidhm i láthair na huaire le haghaidh idirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2030.
Fíon, deochanna coipthe eile agus táirgí idirmheánacha
I ndáil leis na táirgí sin, socraítear na rialacha seo a leanas i dTreoir 92/83/CEE.
- Bunaítear an dleacht a ghearrtar ar fhíon gan súilíní agus fíon súilíneach agus deochanna coipthe eile (e.g. ceirtlis agus seiris) agus táirgí idirmheánacha (e.g. portfhíon agus seiris) ar líon na heictilítear sa táirge críochnaithe.
- Ní mór do thíortha AE an ráta dleachta céanna a thobhach i ngach catagóir deochanna.
- Féadfar ráta laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le haon chineál fíona eile agus deochanna coipthe eile ag a bhfuil neart uasta alcóil 8.5 % de réir toirte.
- Féadfaidh tíortha AE ráta laghdaithe singil a chur i bhfeidhm maidir le táirgí idirmheánacha ag a bhfuil neart uasta alcóil 15 % de réir toirte, más amhlaidh:
- nach bhfuil an ráta sin níos mó ná 40 % faoi bhun an ráta chaighdeánaigh náisiúnta;
- nach lú an ráta sin ná an ráta caighdeánach atá curtha i bhfeidhm maidir le fíon gan súilíní agus deochanna coipthe eile gan súilíní.
Ceadaítear le Treoir leasaitheach (AE) 2020/1151:
- do thíortha AE rátaí laghdaithe dleachta a chur i bhfeidhm maidir le fíon a tháirgeann táirgeoirí fíona beaga neamhspleácha laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
- caithfidh nach gcuirtear na rátaí laghdaithe i bhfeidhm maidir le gnóthais a tháirgeann níos mó ná 1,000 hl fíona ar an meán, nó i gcás Mhálta, níos mó ná 20,000 hl fíona in aghaidh na bliana
- ní foláir nach socraítear na rátaí laghdaithe níos mó ná 50% faoi bhun ráta caighdeánach náisiúnta na dleachta máil;
- do thíortha AE rátaí laghdaithe dleachta a chur i bhfeidhm maidir le táirgeoirí beaga neamhspleácha laistigh de na teorainneacha seo a leanas:
- suas le 15,000 hl le haghaidh deochanna coipthe eile agus
- suas le 250 hl le haghaidh táirgí idirmheánacha.
Biotáille
Is iad seo a leanas na príomhrialacha faoi Threoir 92/83/CEE.
- Ríomhtar an dleacht a ghearrtar ar fhíoralcól agus ar dheochanna biotáilleacha in aghaidh an heictilítir fíoralcóil, nuair a thomhaistear iad ag teocht 20°C.
- Féadfar rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le halcól eitile (eatánól) a tháirgeann grúdlanna beaga ina dtáirgtear suas le 10 hl fíoralcóil in aghaidh na bliana; ní fhéadfaidh sé sin a bheith níos mó ná 50% faoi bhun ráta caighdeánach náisiúnta na dleachta máil, áfach.
- Ní mór do thíortha AE aon ráta laghdaithe den sórt sin a chur i bhfeidhm go cothrom ar eatánól a thagann ó ghrúdlanna beaga i dtíortha eile AE.
Maidir leis an mbiotáille, leasaítear le Treoir (AE) 2020/1151 na rialacha a cheadaíonn do thíortha áirithe AE ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le heatánól a tháirgtear i ndrioglanna na saothróirí torthaí ó thorthaí (amhail úlla, piorraí, prabhait fíonchaoire agus caora).
Díolúintí
De réir na gcoinníollacha a leagann tíortha AE síos chun a gcur i bhfeidhm ceart agus furasta a áirithiú agus chun aon imghabháil, seachaint nó mí–úsáid a chosc; ceadaítear le Treoir 92/83/CEE do tháirgí a bheith díolmhaithe ón dleacht mháil más rud é:
- go bhfuil siad dínádúraithe* i gcomhréir ceanglais tíre ar bith de chuid AE;
- go bhfuil siad dínádúraithe agus gur úsáideadh iad chun táirgí a dhéanamh nach bhfuil ceaptha lena gcaitheamh ag an duine;
- gur úsáideadh iad chun fínéagar, cógais, bia-ábhair nó blaisteáin bhia a tháirgeadh.
Ón 1 Eanáir 2022, le Treoir leasaitheach (AE) 2020/1151:
- ceanglófar ar thíortha AE an t–alcól dínádúraithe a dhíolmhú ón dleacht mháil go hiomlán ar dí–nádúraíodh go hiomlán é i dtír eile AE, i gcomhréir leis an modh a bhí údaraithe ag an tír eile sin;
- ceadófar do thíortha AE, de réir roinnt coinníollacha, táirgí a chlúdaítear i dTreoir 92/83/CEE a dhíolmhú ó dhleacht mháil chomhchuibhithe nuair a bhainfear úsáid astu i monarú na bhforbhianna (de réir Threoir 2002/46/CE i ndáil le forbhianna — féach an achoimre);
- soiléireofar nósanna imeachta maidir le fógairt athruithe sna ceanglais maidir le dínádúrú iomlán an alcóil.
Comhchóras deimhniúcháin nua a thabhairt isteach do tháirgeoirí beaga neamhspleácha gach cineál alcól agus deochanna alcólacha
Treoir leasaitheach (AE) 2020/1151:
- tugtar comhchóras deimhniúcháin isteach san Aontas Eorpach leis chun stádas na dtáirgeoirí beaga neamhspleácha a dheimhniú, a bheidh inaitheanta i ngach tír AE;
- tugtar an chumhacht don Choimisiún Eorpach leis gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar amach rialacha mionsonraithe maidir leis an deimhniúchán sin.
Liosta rátaí dleachtanna máil
Foilsíonn an Coimisiún Eorpach liosta iomlán rátaí dleachta máil atá i bhfeidhm sna tíortha AE dhá uair sa bhliain.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA DTREORACHA?
- Tá feidhm ag Treoir 92/83/CEE ón 10 Samhain 1992 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 31 Nollaig 1992.
- Ní mór dlí a dhéanamh de Threoir leasaitheach (AE) 2020/1151 i dtíortha AE faoin 31 Nollaig 2021. Ní mór do thíortha an Aontais Eorpaigh rialacha na treorach a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022 i leith.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Céimeanna Plato: is le líon na gcéimeanna Plato a thomhaistear an céatadán meáchain den bhun–eastóscán in aghaidh 100 gram beorach. Ríomhtar an luach sin ón eastóscán iarbhír agus ón alcól a fhaightear sa táirge críochnaithe.
Alcól dínádúraithe: alcól eitile atá mí–oiriúnach lena ól toisc gur cuireadh ceimiceán amháin nó níos mó leis.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 92/83/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 316, 31.10.1992, lgh. 21-27)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 92/83/CEE a ionchorprú sa doiciméad bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Treoir 2020/1151 (AE) ón gComhairle an 29 Iúil 2020 lena leasaítear Treoir 92/83/CEE maidir le struchtúir dleachtanna máil ar alcól agus deochanna alcólacha a chomhchuibhiú (IO L 256, 5.8.2020, lgh. 1-10)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lgh. 51-57)
Féach an leagan comhdhlúite.
Treoir 92/84/CEE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le comhfhogasú na rátaí dleachta máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha (IO L 316, 31.10.1992, lgh. 29-31)
Nuashonraithe 15.10.2020