An Clár Oibre Eorpach don Chultúr i ndomhan domhandaitheach

Molann an Coimisiún clár oibre Eorpach nua don chultúr, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an domhandaithe. Tá de chuspóir ag an straitéis nua seo ná an comhar cultúir taobh istigh den Aontas Eorpach (AE) a dhianú. Cruinníonn sí ar shraith moltaí nithiúla chun grúpa comhchuspóirí a bhaint amach.

ACHT

Cumarsáid ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún an 10 Bealtaine 2007 maidir le clár oibre Eorpach don chultúr i ndomhan domhandaitheach [COM(2007) 242 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil].

ACHOIMRE

Tá earnáil an chultúir ríthábhachtach de thairbhe an bhaint atá aici le cúrsaí sóisialta, eacnamaíocha agus polaitíochta. Mar sin tá an cultúr bunúsach i bpróiseas lánpháirtiú na hEorpa.

De réir na gceisteanna seo agus tar éis na torthaí a fháil ó chomhairliú ar líne idir na páirtí leasmhara in earnáil an chultúir, molann an Coimisiún clár oibre Eorpach nua don chultúr a chruinníonn ar líon beag cuspóirí. Chun na cuspóirí seo a bhaint amach, molann an Coimisiún meicníochtaí comhair nua le tíortha an Aontais Eorpaigh (AE), le leibhéil eile rialachais, agus leis an sochaí shibhialta, agus eatarthu go léir.

Cruinníonn cuspóirí an chláir oibre Eorpaigh nua don chultúr ar thrí thosaíocht:

Éagsúlacht na gcultúr agus an comhphlé idirchultúrtha

Toilítear an oscailteacht agus an malartú idir na cultúir a chur chun cinn. Mar sin, tá intinn ag an gclár oibre nua don chultúr ar an méid seo a spreagadh:

An chruthaitheacht a spreagadh de réir Straitéis Liospóin i leith fáis agus fostaíochta

Cuireann tionscail an chultúir le spreagadh gheilleagar na hEorpa agus le hiomaíochas an AE. Mar shampla, tá beagnach cúig mhilliún de dhaoine á bhfostú ag earnáil an chultúir san AE. Dá réir sin, molann an Coimisiún na cuspóirí seo a leanas:

An cultúr mar chuid riachtanach den chaidreamh idirnáisiúnta

De réir Choinbhinsiún UNESCO maidir le Cosaint agus Cothú Éagsúlacht na gCultúr, daingnithe ag an AE agus ag an chuid is mó dá thíortha, molann an clár oibre nua don chultúr go neartaítear an cultúr mar ghné riachtanach de chaidreamh eachtrach an AE. Tá roinnt beart mar aon leis an tosaíocht seo chun:

Modhanna oibre

Féachann an Coimisiún le comhphlé struchtúrtha a chur ar bun le hearnáil an chultúir, idir ealaíontóirí, chruthaitheoirí agus thionscail an chultúir, chun na cuspóirí seo a bhaint amach. Chuige sin, molann an Coimisiún:

Braitheann an straitéis nua seo don chultúir agus na bearta molta go léir ar chomhar níos dlúithe idir an AE agus a chuid tíortha tríd an meicníocht a dtugtar modh oscailte an chomhordaithe (MOC) uirthi. Tá intinn aici freisin ar chomhphlé struchtúrtha a fhorbairt le hearnáil an chultúir.

Tá an clár oibre Eorpach nua don chultúr comhlánaithe ag gníomhaíochtaí eile de chuid earnáil an chultúir, mar Bhliain Eorpach an Chomhphlé Idirchultúrtha 2008.

Cúlra

Rinneadh mórán gníomhaíochtaí ag leibhéal Eorpach cheana féin i dtaca le hearnáil an chultúir, chun an cultúr a chothú, mar shampla na cláir “Cultúr”, “an Eoraip do Shaoránaigh” agus MEDIA.

ACHTANNA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún maidir le cur i bhfeidhm an Chláir Oibre Eorpaigh don Chultúr [COM(2010) 390 críochnaitheach — Neamhfhoilsithe san Iris Oifigiúil]. Cuireann an tuarascáil seo i láthair an dul chun cinn a baineadh amach ag leibhéal Eorpach agus náisiúnta maidir le cuspóirí an Chláir Oibre Eorpaigh don Chultúr, agus an chéad taithí ar chur i bhfeidhm na modhanna oibre nua. Bhí a lán saincheisteanna agus a lán gníomhaíochtaí i gceist agus éagsúlacht na gcultúr agus an comhphlé idirchultúrtha á gcur chun cinn, go háirithe:

Chun an cultúr a chur chun cinn mar shás leis an mbóthar a réiteach don chruthaitheacht, glacadh tionscnaimh éagsúla, go háirithe:

Ba mhór an tuinseamh do chur chun cinn an chultúir i gcaidreamh seachtrach an AE é glacadh leis an gclár oibre. Roinnt samplaí:

De réir na chéad taithí, is uirlis éifeachtach comhair go ginearálta é an MOC i réimse an chultúir. Is beag an tamall a úsáideadh go fóill é, áfach, chun teacht ar thuairimí cinntitheacha. San am le teacht, caithfear an comhar a neartú, agus modhanna oibre oiriúnaithe á gcur i bhfeidhm. Tá an comhphlé struchtúrtha i réimse an chultúir bunaithe ar chomhghuaillíochtaí téamacha a chuireann le chéile comhlachais Eorpacha agus Fóram Eorpach an Chultúir. Baineadh tairbhe ar leith as na comhghuaillíochtaí téamacha chun an comhphlé a neartú taobh istigh den earnáil. Ina dhiaidh sin agus uile, is gá iarrachtaí breise a dhéanamh chun comhphlé níos cruinne a bhaint amach do shochaí shibhialta na todhchaí.

See also

Nuashonrú is déanaí: 14.10.2010