An Eoraip do Shaoránaigh (2007–2013)

Leis an gCinneadh seo bunaítear an clár “An Eoraip do Shaoránaigh” ar feadh na tréimhse 2007–2013. Ceapadh an clár seo leis na gníomhaíochtaí ar cuireadh tús leo faoi chlár 2004–2006 a choimeád ag imeacht, le roinnt nuálaíochtaí beartaithe. D’fhonn a chinntiú go mbíonn baint ghníomhach ag saoránaigh le próiseas chomhtháthú na hEorpa, tá beartaithe dálaí a chruthú chun muintir na hEorpa a thabhairt le chéile agus an bhraistint d’fhéiniúlacht Eorpach a mhéadú.

ACHT

Decision No 1904/2006/EC of the European Parliament and of the Council of 12 December 2006 establishing for the period 2007 to 2013 the programme Europe for Citizens to promote active European citizenship (Cinneadh Uimh 1904/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 ag bunú ar feadh thréimhse 2007 go 2013 an clár “An Eoraip do Shaoránaigh” chun saoránacht ghníomhach Eorpach a chur chun cinn) [Féach an t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha]

ACHOIMRE

D’fhonn páirt ghníomhach a thabhairt don phobal i bpróiseas chomhtháthú na hEorpa, ceapadh an clár seo chun comhar a mhisniú idir shaoránaigh agus idir eagraíochtaí do shaoránaigh sna tíortha éagsúla. Mar sin is féidir leo teacht le chéile agus dul i mbun gníomhaíochta i dtimpeallacht Eorpach ina léirítear meas ar a éagsúla atá siad.

Sular foilsíodh an Cinneadh seo, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle go forleathan leis an bpobal ó Nollaig 2004 go Feabhra 2005 agus ansin eagraíodh fóram comhairleach an 3 agus an 4 Feabhra 2005. Fuarthas breis is míle freagra ón gcomhairliú ar líne, 700 díobh a tháinig ó eagraíochtaí agus 300 ó dhaoine aonair. Leanúint is ea an clár seo don tréimhse 2007–2013 ar chlár gníomhaíochta Comhphobail chun saoránacht ghníomhach Eorpach (2004–2006) a chur chun cinn.

Cuspóirí

Seo a leanas cuspóirí ginearálta an chláir:

Seo a leanas a chuspóirí sonracha:

Ní mór cuspóirí an chláir a léiriú i gceithre chineál gníomhaíochta:

Gníomhaíocht 1: “Saoránaigh gníomhacha don Eoraip”

Beidh saoránaigh bainteach go díreach leis an ngníomhaíocht seo trí bhíthin gníomhaíochtaí nasctha bailte agus tionscadail saoránach chun saincheisteanna Eorpacha a phlé agus tuiscint fhrithpháirteach a chothú trí rannpháirtíocht dhíreach. Chun nascadh bailte agus tionscadail eile saoránach a fheabhsú, is gá, chomh maith, bearta tacaíochta a fhorbairt chun dea-chleachtas a mhalartú, taithí a roinnt ar gheallsealbhóirí ar leibhéal áitiúil agus ar leibhéal réigiúnach agus scileanna nua a fhorbairt, trí oiliúint cuir i gcás. Comhartha is ea é gur ar an ngníomhaíocht seo a chaithfear 45 % den bhuiséad iomlán a leithdháileadh ar an gclár.

Gníomhaíocht 2: “Sochaí shibhialta ghníomhach san Eoraip”

Ar an ngníomhaíocht seo a chaithfear tuairim is 31 % den bhuiséad iomlán a leithdháileadh ar an gclár, gníomhaíocht atá comhdhéanta de:

Gníomhaíocht 3: “I dteannta a chéile ar son na hEorpa”

Ar an ngníomhaíocht seo a chaithfear tuairim is 10 % den bhuiséad iomlán a leithdháileadh ar an gclár, gníomhaíocht a thacaíonn le:

Gníomhaíocht 4: “Cuimhneachán Gníomhach Eorpach”

Ar an ngníomhaíocht seo a chaithfear tuairim is 4 % den bhuiséad iomlán a leithdháileadh ar an gclár, gníomhaíocht atá comhdhéanta de thionscadail chun cuimhneachán gníomhach Eorpach a chaomhnú. Tionscadail is ea iad sin, a bheag nó a mhór, a dearadh chun na príomhshuíomhanna agus na príomhchartlanna a bhaineann leis na holldíbirtí agus na hiarchampaí géibhinn a chaomhnú, agus chun íospartaigh na n-olldíothú agus na n-olldíbirtí a tharla le linn réimeas na Naitsithe agus réimeas Stalin a chomóradh.

Rannpháirtíocht

Féadfaidh na tíortha seo a leanas bheith rannpháirteach sa chlár, de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ginearálta a rialaíonn a rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Chomhphobail:

Baineann an clár leis na nithe seo a leanas:

Bainistíocht, buiséad agus meastóireacht

Faigheann an Coimisiún cúnamh ó choiste agus ní mór dó formhór na mbeart feidhmiúcháin a ghlacadh de réir an nós imeachta bainistíochta. Ar áireamh ansin tá cinntí roghnúcháin a bhaineann le deontais oibríochta, comhaontuithe nasctha ilbhliantúla agus imeachtaí ardphróifíle. Maidir le cinntí roghnúcháin eile, tá dualgas ar an gCoimisiún na cinntí a glacadh a chur in iúl don choiste agus do Pharlaimint na hEorpa. An buiséad atá beartaithe d'fheidhmiú an chláir ná EUR 215 milliún. Caiteachas riaracháin a chumhdaíonn tuairim is 10 % den bhuiséad iomlán a leithdháiltear.

Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil meastóireachta eatramhach ar an gclár isteach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2010. Cuirfear cumarsáid i dtaobh athnuachan an chláir i láthair tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2011. Cuirfear an tuarascáil mheastóireachta ex-post isteach tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2015.

Tagairtí

Acht

Teacht i bhfeidhm – Dáta éaga

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh Uimh 1904/2006/CE

1.1.2007–31.12.2013

IO L 378, 27.12.2006

An t-acht leasaitheach/na hachtanna leasaitheacha

Teacht i bhfeidhm – Dáta éaga

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh Uimh 1358/2008/CE

31.12.2008–31.12.2013

IO L 350, 30.12.2008

ACHTANNA GAOLMHARA

Communication from the Commission of 9 March 2004 — Making citizenship Work: fostering European culture and diversity through programmes for Youth, Culture, Audiovisual and Civic Participation [COM(2004) 154 final — OJ C 122, 30.4.2004] (Cumarsáid ón gCoimisiún an 9 Márta 2004 — An tSaoránacht a Chur ag Obair: ag cothú cultúr agus éagsúlacht Eorpach trí bhíthin cláir don Óige, Cláir Chlosamhairc agus Cláir Rannpháirtíochta Saoránach)

See also

Nuashonrú is déanaí: 27.01.2009