Gabháil agus stóráil dé-ocsaíde carbóin

Is féidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin (CO2) éifeachtaí dochracha an athraithe aeráide a chosc agus a íoslaghdú. Leagtar rialacha amach sa treoir seo lena chinntiú go ndéanfar é sin go sábháilte.

ACHT

Treoir 2009/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin agus lena leasaítear Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE agus 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006.

ACHOIMRE

Is féidir le stóráil gheolaíoch dé-ocsaíde carbóin (CO2) éifeachtaí dochracha an athraithe aeráide a chosc agus a íoslaghdú. Leagtar rialacha amach sa treoir seo lena chinntiú go ndéanfar é sin go sábháilte.

CÉARD A DHÉANANN AN TREOIR SEO?

Faoin treoir seo, ar a dtugtar an Treoir um Ghabháil agus um Stóráil Dé-Ocsaíde Carbóin, cuirtear creat dlíthiúil ar bun a chabhraíonn le dul i ngleic leis an athrú aeráide trí stóráil gheolaíoch CO2 atá slán ó dhrochthionchar ar an gcomhshaol.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór do láithreáin stórála geolaí CO2 a bheith slán ó dhrochthionchar ar an gcomhshaol. Ní ceadmhach dóibh cur isteach ar dhobharlaigh (toisc na héifeachtaí féideartha diúltacha a bhaineann le CO2 a chuirtear i gcolúin uisce) nó ní ceadmhach rioscaí sláinte a bheith ag baint leo. Le linn do láithreáin oiriúnacha a bheith á roghnú, déantar a lán sonraí a bhailiú, úsáidtear samhaltú ríomhaire statach agus dinimiciúil chun samhail 3T a dhéanamh den choimpléasc stórála a dhéantar scrúdú air, déantar íogaireacht a shainmhíniú trí ionsamhlaithe éagsúla a chur i bhfeidhm ar an samhail 3T agus déantar measúnuithe riosca tríd an bhfaisnéis a bailíodh sna céimeanna roimhe sin a úsáid.

Tá ceadanna de dhíth chun láithreáin stórála geolaí a úsáid. Na hiarratais ar cheadanna, a chuirtear faoi bhráid údarás inniúil na tíre AE lena mbaineann, ní mór an fhaisnéis seo a leanas, mar aon le faisnéis eile, a bheith san áireamh iontu: an tslándáil láithreáin stórála a bhfuiltear ag súil léi, an méid CO2 a ionsáfar, bearta chun mírialtachtaí tábhachtacha a chosc agus plean monatóireachta molta. Féadfaidh an Coimisiún tuairim neamhcheangailteach a eisiúint faoin dréachtchead stórála chun a chinntiú go gcuirfear riachtanais na treorach i bhfeidhm go seasta ar fud AE, rud a chuirfeadh feabhas ar mhuinín an phobail i ngabháil agus i stóráil dé-ocsaíde carbóin. Nuair a eisítear cead, déanann an t-údarás inniúil athbhreithniú ar an gcead sin 5 bliana i ndiaidh a eisiúna agus gach 10 mbliana ina dhiaidh sin.

Ní ceadmhach aon dramhaíl ná aon ábhar eile a chur le láithreáin stórála CO2 ar mhaithe le diúscairt dramhaíola. Ní mór d’oibreoirí láithreáin a dtorthaí monatóireachta CO2 a sheoladh chuig an údarás inniúil uair sa bhliain. Lena linn sin, ní mór don oibreoir láithreáin an plean monatóireachta a nuashonrú gach 5 bliana, plean ar gá don údarás inniúil a fhormheas. I gcás sceite, ní mór don oibreoir láithreáin (nó don údarás inniúil má theipeann ar an oibreoir gníomhú) gníomhú láithreach agus an plean um bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm lena nglac an t-údarás inniúil mar chuid den chead stórála.

Dúntar láithreáin stórála más ann d’iarratas a bhfuil údar leis nó mura bhfuil na coinníollacha atá sonraithe sa chead á gcomhlíonadh ag an oibreoir láithreáin, nó má chinneann an t-údarás inniúil an láithreán a dhúnadh i ndiaidh don chead a aistarraingt. A luaithe is a dhúntar an láithreán, bíonn an t-oibreoir freagrach go fóill as go dtí go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le haistriú freagrachta (go háirithe an coinníoll go ndéanfar an CO2 a stóráil go hiomlán agus go buan).

CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AICI?

Ón 25 Meitheamh 2009. Leasaíodh na treoracha agus an rialachán seo a leanas léi: Treoir 85/337/CEE ón gComhairle, Treoracha 2000/60/CE, 2001/80/CE, 2004/35/CE, 2006/12/CE agus 2008/1/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006).

CÚLRA

Is cuid den phacáiste um fhuinneamh agus athrú aeráide 2020 de chuid AE an treoir seo, pacáiste a glacadh leis i mí Aibreáin 2009.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

Tagraíonn gabháil agus stóráil dé-ocsaíde carbóin don phróiseas ina ndéantar CO2 ó mhórfhoinsí, amhail gléasraí cumhachta, a ghabháil, a chomhbhrú, a iompar chuig agus a ionsá isteach i láithreáin stórála geolaíocha, a bhíonn suite de ghnáth thíos go domhain faoi charraigeacha póiriúla faoi thalamh, a bhfuil carraigeacha neamhscagacha os a gcionn, ar bhealach a chinntíonn nach ligfear an CO2 amach san atmaisféar.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2009/31/CE

25.6.2009

25.6.2011

IO L 140, 5.6.2009, lgh. 114-135

ACHTANNA GAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le cur i bhfeidhm na Treorach 2009/31/CE maidir le stóráil gheolaíoch de-ocsaíde carbóin (COM(2014) 99 final, 25.2.2014).

Nuashonrú is déanaí: 26.03.2015