Barraí GM a rialú: Cearta thíortha an AE

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2001/18/CE maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

PRÍOMHPHOINTÍ

Soláthraítear an méid seo a leanas sa treoir:

Déantar lipéadú OGM agus comhairliúchán poiblí éigeantach. Tá sé d’oibleagáid ag an gCoimisiún Eorpach dul i gcomhairle leis na coistí eolaíocha inniúla maidir le ceist ar bith a bhaineann le sláinte an duine nó leis an gcomhshaol.

Ní mór cláir a bhunú chun faisnéis ar mhodhnuithe géiniteacha in OGManna mar aon lena suíomh a thaifeadadh. Tá rialacha ar oibriú na gclár sin leagtha amach i gCinneadh 2004/204/CE.

Ní mór don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú maidir leis na OGManna a cuireadh ar an margadh agus achoimre de na bearta a rinne tíortha AE chun an treoir seo a chur chun feidhme a fhoilsiú gach 3 bliana.

Cé gur féidir le tíortha AE leis an treoir seo scaoileadh OGManna a chuireann sláinte an duine agus an comhshaol i mbaol a shrianadh nó a thoirmeasc, leasaítear í le Treoir (AE) 2015/412 lenar féidir le tíortha AE OGManna a thoirmeasc nó a shrianadh, nuair atá na OGManna sin údaraithe nó faoi údarú ag leibhéal AE, ar fhorais níos leithne. Áirítear leis na forais sin a bhféadfadh tíortha AE a úsáid pleanáil bhaile agus tíre, talamhúsáid, tionchair shocheacnamaíocha, beartas cómhaireachtála* agus poiblí.

Bunaítear freisin leis an treoir leasaitheach sraith de spriocdhátaí agus freagrachtaí a rialaíonn na cinntí a dhéantar maidir le scóip gheografach an údaraithe a choigeartú, lena n–áirítear an ceart chun diúltú a bheith páirteach bunaithe ar chúinsí nua oibiachtúla.

Ón 3 Aibreán 2017, ní mór do thíortha AE ina saothraítear OGManna bearta a thabhairt isteach i limistéir teorann dá gcríocha a bhfuil sé mar aidhm acu aon éilliú trasteorann a d’fhéadfadh a tharlú chuig tíortha AE in aice leo, ina bhfuil cosc ar shaothrú na OGManna sin, a sheachaint, ach amháin mura bhfuil gá lena leithéid de bhearta i gcomhthéacs dálaí geografacha ar leith.

CÉN UAIR A BHFUIL FEIDHM LEIS AN TREOIR SEO?

Tá feidhm leis ón 17 Aibreán 2001. Bhí sé le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin 17 Deireadh Fómhair 2002.

CÚLRA

Níl sa treoir seo ach cuid amháin de roinnt codanna tábhachtacha de chreat dlíthiúil an AE maidir le OGManna. Is iad na codanna tábhachtacha eile treoracha agus rialacháin (ina ndírítear ar cheisteanna amhail bia géinmhodhnaithegluaiseachtaí trasteorann OGManna) a oibrítear chun sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus an comhshaol a chosaint, chun nósanna imeachta comhchuibhithe a chur i bhfeidhm, agus chun inrianaitheacht OGManna a chuirtear ar an margadh a chinntiú.

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Scaoileadh réamhbheartaithe: i gcomhthéacs na reachtaíochta seo, tabhairt isteach réamhbheartaithe OGManna isteach sa chomhshaol gan bearta coimeádta sainiúla.
Orgánaigh ghéinmhodhnaithe: trí úsáid a bhaint as teicnící na biteicneolaíochta nua-aimseartha ar a tugtar teicneolaíocht ghéiniteach, is féidir an comhdhéanamh géiniteach de chealla agus d’orgánaigh bheo a mhodhnú. Ligeann seo do dhaoine plandaí agus ainmhithe a phórú a d’fhéadfadh, mar shampla, táirgeacht níos airde a bheith acu nó galar a sheachaint.
Cómhaireachtáil: ós rud é go bhfuil barraí géinmhodhnaithe, gnáthbharraí agus barraí orgánacha ann, teastaíonn rialacha lena chinntiú go gcoimeádtar amach óna chéile iad le linn saothraithe, sábhála, iompair, stórála agus próiseála.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2001/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n–aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle — Dearbhú ón gCoimisiún (IO L 106, 17.4.2001, lgh. 1-39)

Tá leasuithe comhleanúnacha a rinneadh ar Threoir 2001/18/CE curtha isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh 2004/204/CE ón gCoimisiún an 23 Feabhra 2004 lena leagtar síos na socruithe mionsonraithe maidir le hoibriú na gclár chun faisnéis ar mhodhnuithe géiniteacha in OGManna a thaifeadadh, dá bhforáiltear i dTreoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 65, 3.3.2004, lgh. 20-22)

Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha géinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lgh. 1-23)

Féach an leagan comhdhlύite.

Rialachán (CE) Uimh. 1830/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú orgánach géinmhodhnaithe agus le hinrianaitheacht táirgí bia agus beatha a tháirgtear ó orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus lena leasaítear Treoir 2001/18/CE (IO L 268, 18.10.2003, lgh. 24-28) Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseachtaí trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lgh. 1-10)

Nuashonraithe 11.12.2017