Onnmhairí orgánach géinmhodhnaithe chuig tíortha nach bhfuil in AE

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 – gluaiseacht trasteorann orgánach géinmhodhnaithe

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN SEO?

Féachtar ann le pointí áirithe de Phrótacal Cartagena maidir le riosca biteicneolaíochta a chur i bhfeidhm. Féachtar leis sin a dhéanamh toisc go bhféadfadh sé go mbeadh drochthionchair ag roinnt orgánach géinmhodhnaithe (OGManna) ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine.

Chun leibhéal dóthanach cosanta a chinntiú, cruthaítear córas ann maidir le faisnéis a chur in iúl agus a mhalartú i dtaca le honnmhairiú OGManna chuig tíortha nach bhfuil in AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Déantar idirdhealú sa Rialachán seo idir na OGManna atá beartaithe lena scaoileadh d’aon turas sa chomhshaol (i.e. tástálacha allamuigh, nó chun OGManna a shaothrú, a allmhairiú nó a aistriú go táirgí tionsclaíocha) agus OGManna atá beartaithe do bhia nó do bheatha, nó do phróiseáil.

Ní mór d’onnmhaireoirí OGManna atá beartaithe lena scaoileadh sa chomhshaol fógra a thabhairt d’údarás náisiúnta inniúil na tíre nach bhfuil in AE a bhfuil na OGManna á n-allmhairiú aige (agus fógra a thabhairt dó arís mura bhfaightear freagra uaidh). Ní mór don fhaisnéis seo a leanas arna sonrú in Iarscríbhinn I leis an Rialachán a bheith san fhógra. Ní mór don onnmhaireoir an fógra seo agus an admháil go bhfuarthas é a choinneáil ar feadh 5 bliana, agus cóipeanna a chur chuig na húdaráis ina dtír AE agus chuig an gCoimisiún Eorpach.

Ní mór don Choimisiún Eorpach nó don tír AE a rinne an cinneadh fógra a thabhairt don Teach Imréitigh Bithshábháilteachta (TIB) maidir le cinneadh ar bith i dtaca le húsáid na OGManna atá beartaithe do bhia nó do phróiseáil a d’fhéadfaí a aistriú trasna teorainneacha idirnáisiúnta. Ní mór don fhaisnéis seo a leanas arna sonrú in Iarscríbhinn II leis an Rialachán a bheith san fhógra. Ní féidir na OGManna sin a bhogadh trasna teorainneacha murar údaraíodh iad laistigh den Aontas Eorpach.

Má fhaigheann an tír AE amach faoi onnmhairiú neamhbheartaithe OGManna a d’fhéadfadh a bheith contúirteach, ní mór di é sin a chur in iúl don phobal, fógra a thabhairt don Choimisiún Eorpach agus dul i gcomhairle leis an tír lena mbaineann ionas go mbeidh siad ábalta an gníomh ceartaitheach riachtanach a dhéanamh.

Ní mór do thíortha AE tuarascálacha maidir le cur i bhfeidhm an rialacháin seo a chur isteach gach 3 bliana.

CÚLRA

In 2000, shínigh AE agus a thíortha Prótacal Cartagena, atá deartha lena chinntiú nach mbaineann riosca le gluaiseachtaí OGManna (go háirithe idir tíortha) don chomhshaol nó do shláinte an duine.

Ó shin, in 2011, shínigh AE an Prótacal Forlíontach Nagoya-Kuala Lumpur. Tugann sé seo mionléiriú ar na rialacha agus na nósanna imeachta idirnáisiúnta maidir le Prótacal Cartagena mar fhreagairt ar an damáiste a rinne OGManna a aistríodh trasna teorainneacha idirnáisiúnta.

PRÍOMHTHÉARMA

* Orgánaigh ghéinmhodhnaithe: orgánaigh ar a cuireadh an ghéinteiripe i bhfeidhm. Is féidir leis sin a mianach géiniteach a athrú go saorga, rud a thugann airíonna úra dóibh (e.g. frithsheasmhacht an phlanda i leith triomaigh, feithidí nó galar). Ós rud é nach bhfuil a fhios fós cad é an tionchar fadtéarmach a bheidh ag OGManna ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine, glacann AE an cur chuige réamhchúraim.

GNÍOMH

Rialachán (CE) Uimh. 1946/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2003 maidir le gluaiseacht trasteorann orgánach géinmhodhnaithe (IO L 287, 5.11.2003, lgh. 1-10)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Cinneadh 2002/628/CE ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le conclúid, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Phrótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht (IO L 201, 31.7.2002, lgh. 48-49)

Cinneadh 2013/86/AE ón gComhairle an 12 Feabhra 2013 maidir le conclúid, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Phrótacal Forlíontach Nagoya-Kuala Lumpur ar Dhliteanas agus Sásamh a ghabhann le Prótacal Cartagena ar an mBithshábháilteacht (IO L 46, 19.2.2013, lgh. 1-3)

Nuashonraithe 24.11.2015