Uisce óil — caighdeáin cháilíochta riachtanacha (go dtí 2023)
ACHOIMRE AR:
Treoir 98/83/CE — maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine
CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?
- Leagtar amach léi caighdeáin maidir le huisce óil.
- Tá sé mar aidhm léi an tsláinte phoiblí a chosaint ar éifeachtaí díobhálacha truaillithe ar bith trína áirithiú go bhfuil uisce lena ól ag an duine* atá folláin agus glan.
PRÍOMHPHOINTÍ
- Ní mór do thíortha AE:
- na bearta is gá a dhéanamh lena áirithiú nach bhfuil tiúchan miocrorgánach, paraisítí nó substaintí díobhálacha ar bith ann a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do shláinte an duine, agus go gcomhlíonann siad íoschaighdeáin mhicribhitheolaíocha agus cheimiceacha;
- a áirithiú go gcomhlíonfar na caighdeáin nuair a thagann an t–uisce amach as sconna nó tancaer;
- monatóireacht a dhéanamh ar an uisce ar bhonn rialta ag pointí samplála comhaontaithe lena sheiceáil go bhfuil luachanna na bparaiméadar micribhitheolaíoch, ceimiceach agus táscaire á gcomhlíonadh;
- imscrúdú a dhéanamh láithreach i gcás nach bhfuil na caighdeáin á gcomhlíonadh agus an beart ceartaitheach is gá a dhéanamh;
- cosc nó srian a chur ar sholáthar uisce má mheastar go bhféadfadh sé a bheith ina bhagairt ar an tsláinte phoiblí;
- a chur in iúl don phobal nuair a dhéantar beart ceartaitheach;
- tuarascáil a fhoilsiú gach 3 bliana maidir le cáilíocht an uisce óil. Cuirtear an fhaisnéis sin don phobal chuig an gCoimisiún Eorpach.
- Maidir leis an gCoimisiún:
- foilsíonn sé tuarascáil gach 3 bliana ina gcuirtear sonraí náisiúnta maidir le cáilíocht an uisce óil le chéile;
- déanann sé athbhreithniú gach 5 bliana maidir leis na paraiméadair mhicribhitheolaíocha, cheimiceacha agus tháscaire agus na sonraíochtaí monatóireachta, ag cur san áireamh an dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch. D’fhéadfadh sé a mholadh go ndéanfaí iad sin a choigeartú.
- Níl feidhm ag an treoir maidir le huiscí mianracha nádúrtha nó le huiscí a mheastar gur táirgí míochaine iad.
- Féadfaidh tíortha AE soláthar uisce príobháideach, neamhthráchtála, a mbaineann níos lú ná 50 duine úsáid as, a dhíolmhú óna reachtaíocht.
- In 2015, ghlac an Coimisiún Treoir (AE) 2015/1787 lena dtugtar isteach rialacha úra AE chun feabhas a chur ar mhonatóireacht uisce óil. Tá níos mó solúbthachta ag tíortha AE leis an treoir maidir le conas a dhéantar monatóireacht ar uisce óil ar fud an Aontais Eorpaigh.
Forbairt ghaolmhar
- I dtús 2014, leis an gcéad Tionscnamh ó na Saoránaigh, i ndiaidh an fheachtais Right2Water iarradh reachtaíocht AE chun an ceart chun uisce agus sláintíochta a áirithiú.
- Tugadh isteach an Tionscnamh ó na Saoránaigh le hAirteagal 11(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Tugtar deis don phobal leis a iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú i réimsí dá fhreagrachta, ar an gcoinníoll go síneoidh 1 mhilliún duine ar a laghad an achainí i 7 dtír AE ar a laghad.
Aisghairm
Aisghairfear Treoir 98/83/CE le Treoir (AE) 2020/2184 (féach an achoimre) ón 12 Eanáir 2023 i leith.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?
Tá feidhm léi ón 25 Nollaig 1998. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 25 Nollaig 2000.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Uisce lena ól ag an duine: uisce ina riocht bunaidh nó i ndiaidh cóireála atá ceaptha lena ól, le haghaidh cócaireachta, chun bia a ullmhú agus chun críocha tís eile. Féadfar é a sholáthar ó sconna, ó thancaer, ó bhuidéal nó ó ghabhdán.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht an uisce atá ceaptha le hól ag an duine (IO L 330, 5.12.1998, lgh. 32-54)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 98/83/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (athmhúnlú) (IO L 435, 23.12.2020, lgh. 1-62)
Nuashonraithe 12.02.2021