Éifeachtaí trasteorann a leanann as tionóiscí tionsclaíocha
ACHOIMRE AR:
Cinneadh 98/685/CE i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha
An Coinbhinsiún maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOINBHINSIÚN?
-
Tugtar i gcrích sa chinneadh, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh (an tAontas Eorpach (AE) anois), an Coinbhinsiún maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha.
-
Féachtar sa choinbhinsiún le sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint i gcoinne tionóiscí tionsclaíocha a d'fhéadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith acu, agus le comhar idirnáisiúnta gníomhach a chur chun cinn idir na páirtithe conarthacha, roimh thionóiscí den sórt sin, lena linn agus ina ndiaidh.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
I Heilsincí ar an 18 Márta 1992, shínigh 26 tír, lena n-áirítear 14 thír de chuid AE, agus AE féin an Coinbhinsiún maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha, faoi chuimsiú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip. Leis an gCinneadh seo ón gComhairle, déantar an coinbhinsiún a fhormheas thar ceann an Chomhphobail.
-
Leagtar síos sa choinbhinsiún sraith beart chun daoine agus an comhshaol a chosaint i gcoinne éifeachtaí trasteorann a leanann as tionóiscí tionsclaíocha, agus chun comhar idirnáisiúnta gníomhach a chur chun cinn idir na páirtithe conarthacha, roimh thionóiscí den sórt sin, lena linn agus ina ndiaidh.
-
Tá feidhm aige maidir le tionóiscí tionsclaíocha a d'fhéadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith acu, lena n-áirítear tionóiscí de dheasca tubaistí nádúrtha, cé is moite díobh seo a leanas:
-
tionóiscí núicléacha nó éigeandálaí raideolaíocha;
-
tionóiscí ag suiteálacha míleata;
-
clistí damba;
-
tionóiscí a bhaineann le hiompar ar talamh;
-
orgánaigh ghéinmhodhnaithe de scaoileadh de thaisme;
-
tionóiscí de bharr gníomhaíochtaí sa mhuirthimpeallacht agus doirteadh substaintí díobhálacha ar muir.
-
Ní mór do na páirtithe conarthacha gníomhaíochtaí guaiseacha laistigh dá ndlínse a shainaithint, agus ní mór dóibh na páirtithe dá ndéantar difear a chur ar aon eolas faoi ghníomhaíocht ar bith den sórt sin atá beartaithe nó atá ar bun cheana. Ar thionscnamh ó aon cheann de na páirtithe, ní mór do na páirtithe eile dul i mbun pléití maidir le sainaithint gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith acu.
-
Ní mór do na stáit shínithe bearta iomchuí a ghlacadh chun tionóiscí tionsclaíocha a chosc. Go háirithe, ní mór dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:
-
oibreoirí a spreagadh le gníomh a ghlacadh d'fhonn baol tionóiscí tionsclaíocha a laghdú;
-
beartais a bhunú maidir le suíomh gníomhaíochtaí guaiseacha nua agus maidir le leasuithe suntasacha ar ghníomhaíochtaí guaiseacha atá ann cheana, d'fhonn an baol don phobal agus don chomhshaol a íoslaghdú;
-
ullmhú i gcomhair éigeandálaí de dheasca tionóiscí tionsclaíocha, agus na bearta is gá a thabhairt isteach, lena n-áirítear pleananna teagmhasacha, chun éifeachtaí trasteorann a chosc agus a íoslaghdú. Ní mór do na sínitheoirí féachaint lena gcuid pleananna a bheith comhoiriúnach lena chéile.
-
Faoin gcoinbhinsiún, ní mór do na stáit chonarthacha a áirithiú go dtabharfar faisnéis leordhóthanach don phobal sna limistéir a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh de bharr tionóisc thionsclaíoch a eascródh as gníomhaíocht ghuaiseach. Ina theannta sin, ní mór do na stáit chonarthacha, i gcásanna iomchuí, an deis a thabhairt don phobal chun páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta i ndáil le bearta coisctheacha agus ullmhachta.
-
I gcás daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ndéanfar difear dóibh de bharr éifeachtaí trasteorann a leanann as tionóisc thionsclaíoch, nó a bhféadfaidís difear a dhéanamh dóibh, ní mór an rochtain chéanna a thabhairt dóibh ar na himeachtaí riaracháin agus breithiúnacha ábhartha is atá ag náisiúnach den stát lena mbaineann.
-
Ní mór do gach páirtí sa choinbhinsiún córas fógartha a bhunú.
-
Má tharlaíonn tionóisc thionsclaíoch is cúis le héifeachtaí trasteorann, nó a bhféadfadh éifeachtaí trasteorann a bheith aici, nó má tá garbhaol ann go dtarlódh a leithéid, ní mór don stát tionscnaimh an méid seo a leanas a dhéanamh:
-
fógra a thabhairt gan mhoill do na stáit a ndearnadh difear dóibh;
-
a áirithiú go ndéanfar na pleananna teagmhasacha a ghníomhachtú;
-
a áirithiú go ndéanfar na bearta freagartha chomh tapa agus is féidir ionas go ndéanfar éifeachtaí na tionóisce a shrianadh agus a íoslaghdú. Ní mór do na stáit chonarthacha féachaint lena gcuid beart freagartha a chomhordú.
-
Féadfaidh an stát tionscnaimh cúnamh a iarraidh ó na sínitheoirí eile.
-
Ní mór do gach páirtí conarthach pointe teagmhála amháin a ainmniú chun críche fógraí faoi thionóiscí tionsclaíocha agus pointe teagmhála amháin a ainmniú chun críche cúnamh frithpháirteach. Ní mór dóibh na sonraí sin a chur in iúl do na sínitheoirí eile laistigh de thrí mhí ón dáta a thiocfaidh an coinbhinsiún i bhfeidhm.
-
Ní mór do na páirtithe conarthacha spreagadh gníomhach a dhéanamh ar chomhar eolaíoch agus teicniúil agus malartú teicneolaíochta a éascú d'fhonn srian a chur le rioscaí agus iarmhairtí tionóiscí tionsclaíocha. Ina theannta sin, ní mór dóibh tacú le hiarrachtaí idirnáisiúnta cuí chun rialacha a dhréachtú faoi fhreagracht agus dliteanas.
-
Ní mór do na páirtithe sa choinbhinsiún teacht le chéile uair amháin sa bhliain ar a laghad.
-
Foráiltear faoin gcoinbhinsiún i leith 3 shásra chun díospóidí idir na sínitheoirí a réiteach:
-
Ní fhéadfar an 2 mhodh deiridh thuasluaite a úsáid ach amháin i gcásanna nár éirigh leis na páirtithe an díospóid eatarthu a réiteach trí chaibidlíocht.
-
Is roghnach agus cómhalartach é úsáid na modheolaíochtaí sin; i ndearbhú i scríbhinn, féadfaidh páirtí glacadh le húsáid éigeantach na modhanna sin, cibé ceann acu nó an dá cheann, ina gcaidreamh le haon pháirtí eile a ghlacfaidh leis an oibleagáid chéanna.
-
Más rud é gur ghlac na páirtithe sa díospóid leis an dá mhodh i dtaobh réiteach díospóide, féadfar an díospóid a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta, agus ise amháin, mura gcomhaontóidh na stáit lena mbaineann a mhalairt.
-
Ní mór do na stáit shínithe na páirtithe eile a choinneáil ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an choinbhinsiúin.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN CHOINBHINSIÚIN?
-
Tá feidhm ag an gcinneadh ón 23 Márta 1998.
-
Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm don Chomhphobal Eorpach ar an 19 Aibreán 2000, 90 lá tar éis an dáta ar ar taisceadh an 16ú hionstraim dhaingniúcháin, ghlactha, formheasa nó aontachais.
PRÍOMHDHOICIMÉID
Cinneadh Uimh. 98/685/CE ón gComhairle an 23 Márta 1998 i ndáil le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiún maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha (IO L 326, 3.12.1998, lgh. 1–4)
An Coinbhinsiún maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha – Dearbhú ón gComhphobal Eorpach maidir le hinniúlacht (IO L 326, 3.12.1998, lgh. 5-33)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le togra chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Coinbhinsiún UNECE maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha (COIM(2006) 493 críochnaitheach, 13.9.2006)
Togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle maidir leis an seasamh a bheidh le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ag an Ochtú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Heilsincí maidir leis na hÉifeachtaí Trasteorann a leanann as Tionóiscí Tionsclaíocha i dtaca leis an togra chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn I (COM(2014) 652 final, 23.10.2014)
Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 924–947)
Treoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear ina dhiaidh sin Treoir 96/82/CE ón gComhairle (Treoir Seveso III) (IO L 197, 24.07.2012, lgh. 1-37)
Nuashonraithe 20.02.2017