Gáis truailleáin a thagann ó tharracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta le rothaí
Tá caighdeáin á leagadh síos ag an Aontas Eorpach (AE) maidir le hastaíochtaí inghlactha chun an truailliú atmaisféarach a thagann ó innill na dtarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta a laghdú.
ACHT
Treoir 2000/25/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2000 maidir le gníomhú i gcoinne astaíochtaí truailleán gásach agus cáithníneach ó innill a ceapadh chun tarracóirí talmhaíochta nó foraoiseachta a chumhachtú agus lena leasaítear Treoir 74/150/CEE ón gComhairle [Féach na hachtanna leasaitheacha].
ACHOIMRE
Tugtar mionchuntas sa treoir seo maidir le gníomhú i gcoinne an aerthruaillithe ó tharracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta. Féachtar léi, mar sin, an leibhéal truailleán a chuirtear amach a laghdú agus a chinntiú go bhfeidhmíonn an margadh inmheánach go rianúil.
Na feithiclí lena mbaineann
Pléitear sa treoir seo leis na ceanglais a bhaineann le hastaíochtaí tarracóirí talmhaíochta agus foraoiseachta . Baineann na ceanglais seo go háirithe le sainmhíniú a thabhairt ar na nósanna imeachta chineálcheadú comhpháirte a bhaineann le hinnill atá le feistiú i dtarracóirí agus, mar sin, le sainmhíniú a thabhairt ar na nósanna imeachta cineálcheadaithe, i dtéarmaí a n-astaíochtaí truailleán, le haghaidh feithiclí dá leithéid.
Na hoibleagáidí ar gá cloí leo
Beidh ar mhonaróir na feithicle iarratas a chur isteach ar chineálcheadú a bhaineann leis na truailleáin a chuirtear amach agus beidh orthu eolas áirithe a sholáthar maidir leis an fheithicil, amhail an cineál mótair.
Chomh maith leis sin, beidh ar an mhonaróir cloí le sonraíochtaí áirithe tástálacha, le comhartha inneall agus le comhlíonadh táirgthe.
Beidh ar mhótair athsholáthair cloí leis na teorainnluachanna arna gcur i bhfeidhm maidir leis an mhótar atá le hathsholáthar, tráth a cuireadh an mótar seo ar an mhargadh.
Meicníocht sholúbtha
Féadfar líon teoranta tarracóirí a chur ar sheirbhís ar an choinníoll go bhfuil na mótair cheadaithe i gcomhréir leis na ceanglais a bhaineann le teorainneacha astaíochtaí na céime atá díreach roimh an chéim lena mbaineann na teorainneacha.
Líon na dtarracóirí seo a chuirfear ar an mhargadh faoi chreat na meicníochta solúbtha, ní sháróidh sé 40 % de líon na dtarracóirí a chuirtear ar an mhargadh ag an mhonaróir gach bliain.
Teorainnluachanna
Baineann na ceanglais tástála chéanna leis an treoir is a glacadh le haghaidh inneallra shoghluaiste easbhóthair agus na teorainnluachanna comhfhreagracha le haghaidh leibhéil astaíochtaí.
San am céanna, tagann an treoir faoi raon an nós imeachta cineálcheadaithe le haghaidh tarracóirí talmhaíochta nó tarracóirí foraoiseachta, nós imeachta arna gcur i bhfeidhm le Treoir 2003/37/CE.
Déantar idirdhealú sa treoir idir cheithre thruailleán cheimiceacha - aonocsaíd charbóin (CO), hidreacharbóin gan dó (HC), ocsaíd de nítrigin (NOx) agus cáithnínigh (PT) - agus forlíontar léi Treoir 77/537/CEE maidir le gníomhú i gcoinne astaíochtaí truailleán ó innill dhíosail a ceapadh chun tarracóirí a chumhachtú.
Aisghairfear an treoir seo le Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2016.
TAGAIRTÍ
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 2000/25/CE |
12.7.2000 |
31.12.2000 |
IO L 173, 12.7.2000, lch. 1-34 |
Acht leasaitheach/Achtanna leasaitheacha |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Treoir 2005/13/CE |
21.3.2005 |
31.12.2005 |
IO L 55, 1.3.2005, lch. 35-54 |
Treoir 2006/96/CE |
1.1.2007 |
- |
IO L 363, 20.12.2006, lch. 709-734 |
Treoir 2011/72/AE |
13.10.2011 |
24.9.2011 |
IO L 246, 23.9.2011, lch. 1-4 |
Treoir 2011/87/AE |
8.12.2011 |
9.12.2012 |
IO L 301, 18.11.2011, lch. 1-2 |
Treoir 2013/15/AE |
1.7.2013 |
1.7.2013 |
IO L 158, 10.6.2013, lch. 172-183 |
Treoir 2014/43/AE |
9.4.2014 |
1.1.2015 |
IO L 82, 20.3.2014, lch. 12-19 |
Corpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Threoir 2011/87/AE. Is chun críocha tagartha amháin an leagan comhdhlúite seo.
Nuashonrú is déanaí: 02.07.2014