Prótacal Kiótó ar an athrú aeráide

Tá Prótacal Kiótó, a leanann as Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, ar cheann de na hionstraimí dlí idirnáisiúnta is tábhachtaí chun comhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Taobh istigh de tá na gealltanais tugtha ag na tíortha tionsclaithe a n-astú a laghdú i leith gás ceaptha teasa áirithe is cúis leis an téamh domhanda iad. Caithfidh iomlán na n-astuithe de chuid na dtíortha forbartha a laghdú de 5 % ar a laghad i rith na tréimhse 2008-2012 maidir leis an leibhéal a bhí ann i 1990.

ACHT

Cinneadh 2002/358/CE ón gComhairle an 25 Aibreán 2002 maidir le formheas, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, Phrótacal Kiótó a ghabhann le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus cur i bhfeidhm comhpháirteach na ngealltanas a bhaineann leis.

ACHOIMRE

An 4 Feabhra 1991, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún páirt a ghlacadh, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, sa chaibidlíocht faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide, ar glacadh leis i Nua-Eabhrac an 9 Bealtaine 1992. Dhaingnigh an Comhphobal Eorpach an Creat-Choinbhinsiún le Cinneadh 94/69/CE an 15 Nollaig 1993. Tháinig seo i bhfeidhm an 21 Márta 1994.

Chuir an Creat-Choinbhinsiún go mór le leagan amach eocharphrionsabail an chomhraic idirnáisiúnta i gcoinne an athraithe aeráide. Shocraigh sé go háirithe prionsabal na “comhfhreagrachta difreáilte”. Mar an gcéanna, chuir sé le feasacht na ndaoine ar fud an domhain a neartú maidir leis na fadhbanna a bhaineann leis an athrú aeráide. Mar sin féin, níl uimhreacha ag gabháil le gealltanais an Choinbhinsiúin agus níl mionchuntas ann de réir tíre, maidir le laghdú astuithe na ngás ceaptha teasa.

Dá bharr sin, chinn na Stáit a ghlac páirt sa Choinbhinsiún, ag céad Chomhdháil na bPáirtithe a tionóladh i mBeirlín i Márta 1995, go ndéanfaidís caibidlíocht ar son prótacail a mbeadh bearta ann chun astuithe a laghdú don tréimhse ón mbliain 2000 amach do na tíortha tionsclaithe. Tar éis a lán obair a bheith déanta, glacadh le Prótacal Kiótó an 11 Nollaig 1997 i Kiótó.

Shínigh an Comhphobal Eorpach an Prótacal an 29 Aibreán 1998. I Nollaig 2001, dhearbhaigh an Chomhairle Eorpach i Laeken gur mhian leis an Aontas go dtiocfadh Prótacal Kiótó i bhfeidhm roimh an gCruinniú Mullaigh Domhanda ar Fhorbairt Inmharthana i Johannesburg (26 Lúnasa go dtí an 4 Meán Fómhair 2002). Chun an cuspóir seo a bhaint amach, d’fhormheas an cinneadh seo an Prótacal thar ceann an Chomhphobail. Gheall na Ballstáit a gcuid ionstraimí daingniúcháin a leagan amach in éineacht leis an gComhphobal agus, más féidir, roimh an 1 Meitheamh 2002.

In Iarscríbhinn II den Chinneadh seo, léirítear na gealltanais maidir le teorannú agus laghdú astuithe socraithe ag an gComhphobal agus ag a chuid Ballstát don chéad tréimhse ghealltanais (2008-2012).

Ábhar an Phrótacail

Téann Prótacal Kiótó i ngleic le hastú sé ghás cheaptha teasa:

Is ionann é agus céim ar aghaidh mhór sa chomhrac i gcoinne an téimh dhomhanda, ós rud é go bhfuil cuspóirí ceangailteacha cainníochtaithe ann maidir le teorannú agus laghdú na ngás ceaptha teasa.

Tríd is tríd, geallann na Stáit rannpháirteacha le hIarscríbhinn I an Chreat-Choinbhinsiúin (mar atá, na tíortha tionsclaithe) a gcuid astuithe gás cheaptha teasa a laghdú i dteannta a chéile, chun iomlán astuithe na dtíortha forbartha a laghdú de 5 % ar a laghad maidir le leibhéal na n-astuithe i 1990, i rith na tréimhse 2008-2012. Tá gealltanais uimhriúla a gheall na Stáit rannpháirteacha in Iarscríbhinn B an Phrótacail.

Tá ar na Stáit a bhí ina mball den AE roimh 2004 a gcuid astuithe gás cheaptha teasa a laghdú go comhchoiteann de 8 % ó 2008 go 2012. Tá ar na Ballstait a tháinig isteach san AE i ndiaidh an dáta sin a gcuid astuithe a laghdú de 8 %, ach amháin an Pholainn agus an Ungáir (6 %), agus Málta agus an Chipir nach bhfuil liostáilte in Iarscríbhinn I an Chreat-Choinbhinsiúin.

Maidir leis an tréimhse roimh 2008, glacann na Stáit rRannpháirteacha orthu féin dul chun cinn a dhéanamh i gcomhlíonadh a gcuid gealltanas faoi cheann 2005 ar a dhéanaí, agus bheith in ann cruthú a sholáthar.

Na Stáit rannpháirteacha ar mhian leo, féadann siad an bhliain 1995 a mheas ina bliain thagartha maidir le hastuithe HFCanna, PFCanna agus SF6.

Chun na cuspóirí seo a bhaint amach, molann an Prótacal roinnt dóigheanna:

Tá ar na Stáit rannpháirteacha córas náisiúnta a chur ar bun le hastuithe a eascraíonn de bharr an duine agus a n-ionsú i slogaidí a mheasúnú le haghaidh gach gáis cheaptha teasa (nach bhfuil faoi rialúchán Phrótacal Montréal), bliain roimh an chéad tréimhse ghealltanais ar a dhéanaí.

Tá na gealltanais le hathbhreithniú faoi cheann 2005 ar a dhéanaí, faoi choinne na dara tréimhse gealltanais.

Dhaingnigh an tAontas Eorpach Prótacal Kiótó an 31 Bealtaine 2002. Tháinig sé i bhfeidhm an 16 Feabhra 2005, nuair a dhaingnigh an Rúis é. Dhiúltaigh a lán tíortha tionsclaithe é a dhaingniú, na Stáit Aontaithe agus an Astráil san áireamh.

Tagairt

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2002/358/CE

2.5.2002

IO L 130 an 15.5.2002

ACHTANNA GAOLMHARA

Cinneadh 2006/944/CE ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2006 lena shocraítear na leibhéil astúcháin faoi seach a leithdháileadh ar an gComhphobal Eorpach agus ar gach uile Bhallstát faoi Phrótacal Kiótó de bhun Chinneadh 2002/358/CE [Iris Oifigiúil L 358 an 16.12.2010].Arna leasú le:Cinneadh 2010/778/AE ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2010 [Iris Oifigiúil L 332 an 16.12.2010].

Nuashonrú is déanaí: 04.04.2011